firstLine"; ?>

801. Doirbh dar ceadseal cinneamhain tairngeartaigh $
Length: middling 21 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. inauguration ode mp?
Manuscripts:
  1. Stoneyhurst A/II/20ii C. O Corbain 1701
  2. Maynooth M 13 M. Og O Longain 1820
Prints:
  1. text DiD no. 83
  2. transl. Ir. Monthly 49, 418
Motifs:
  1. imagery for patron (beach)
  2. ?fianbhoth q.8
  3. prowess in warfare
  4. spartan life of warriors
  5. inauguration (gairm Iarla)
  6. fertility in reign of just prince
  7. sovereignty earned by hardship
  8. Kingly Functions:binding men together etc
  9. prophecies of ruler
  10. imagery for grief (bitter drink)
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh mac Briain Stoneyhurst MS
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Rughraidhe
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill (1st Earl of Tir Conaill d. 1608)
Meter Vars:
  1. droighneach
Poem:

Poem in printable PDF format

Doirbh don chéidsheal cinneamhuin tairngeartaigh


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 83]


Gofraidh (mac Briain) Mac an Bhaird .cct.


1 Doirbh don chéidsheal cinneamhuin tairngeartaigh;

indearaidh d’airmbeartaibh a héigean d’fheadhmfhortail;

fiu a heire éara dá hilreachtaibh

dá minleantair fréamha a neimhe go a neamhdhocruibh.


2 Deacair snámh an anfaidh iodhlannaigh;

tarthair dá hiodhlannuibh dán gach doirbhiomaidh;

iomdha i ndiaidh na toice do theadhmannaibh

do chiaigh mhearbhallaigh nach croidthe dá coimhleangaibh.


3 Rian tairngeartaigh gémadh tál roimheanma

doidheaghla re a lán d’airmbeartaibh oiliomdha;

dá measdar fádha ratha gach rodhamhna

is comhardha tacha a ndála doigheamla.


4 Dál ríghe go roichthir ’n-a hinmhighe

timdhibhe díne i ndoighthibh a doirbhneimhe;

mór dar dhearbh doghruing a furnaidhe,

gidh Rudhraidhe Ó Domhnaill do dhearbh a doinmhighe;

ní theasda uaidh é dá hamhghoire

tarngoire a bhfuair sé dá soinmhighe.


5 A ghairm Iarla fan iothmhuigh n-Eamhna-sa

griangha Bearnasa ioma bhfiochthair folfhrasa

do ibh do ghuaisibh na garma-sa

an t-uai-sin Maghnasa digh ndomlasa.


6 Suil tháireas gus a-noise a-nallamhain

loise mhallshubhaigh a háineas ’n-a hiomairibh

iomdha d’fhairbrígh a holc n-indearaidh

do nocht an chinneamhain d’airdrígh fhionnOiligh.


7 Do throighibh do thomhais a haobhdhocra

soighin mhaordhachta fhorais na hiarlachta;

níor bh’fharáil ’s a bhfuair dá fírdheacra

do sduaidh ríghbhearta [d’]agháil a hiarmarta.


8 Do b’iad fádha a ratha ’n-a ríodhamhna

dála sníomholla catha chianfhoghla,

drud re roibhthibh, cúilte cróbhodhbhdha,

dúinte sróllamhla i bhfoithribh fiadhamhla,

tar a shúile gan oba ó éiniomdha

troda géiriomdha fúin-ne i bhFianadhbha.


9 Fa meinic i dtruaill earnaigh áitheamhdhlúith

ar sduaidh gach bhláitheangbhrúich go Teamhraigh dtréithfhionnmhaoith,

nó slios seada an chogthaigh ón Chruachanráith

ar leaba luacharbhláith i bhfolchaibh nó i bhféithiomghaoith.


10 A bheart iarna re rochtain ’n-a rioghruire

ag Iarla mhíonDuibhe ’n-a somplaibh sróillfhighe,

a mhéara ó gháibh ar n-a ngrianshnoighe

táir d’fhiadhaidhe Ó Éanna na hóirrighe;

a bhfuair do thacha um Thulaigh nIughoine

do sdiuraidhe an ratha is cabhair ar chróilighe.


11 Áineas raith an tagaidh thalmhaidhe

ag flaith ballDaile as abaigh n-urlaidhe;

balg fis na tarbha do thairngire

an dainmhighe tharla ris ’n-a Rudhraidhe.


12 Tairreasdair athaidh d’imshníomh foraire

finnghríobh Toraighe gan fhachain n-airighe;

díol ’n-a fhorbhais iar n-uair dá urfhaire

fuair do shubhaighe dhomhnais a dhaighfhine.


13 Fa hiad aidhme a adhbhadh n-aolamhail

mainnre do chaolfhoghaibh dá n-adhnadh re nuaidhghealaigh;

flaith Lighean ag áineas fa fhíneamhain

tháireas do mhímheadhair a n-ibheadh d’fhuairshreabhaibh;

a bhfríoth le rígh Ó gConuill do chróilighibh

fóiridhin ar dodhuing don tír thuaidheamhain.


14 Biseach síne i n-aimsir earrchamhail

’n-a ríghe ag an ghealchladhaigh thaidhbhsigh thorcharaigh

’n-a tuinn oir gan fholta gan aincheanaibh

gan mhoir n-ainbhtheanaigh do thochta achd re torcharaibh.


15 Gan tuir achd crodh ortha um fhearannaibh,

fearannaigh ag ar gach dhromchla dhaghaghaidh,

fáth an díona do gháibh goilearraigh

fa chloidheangaibh síodha an chláir Chonallaigh.


16 Tréigis a dúire dá deirc ríoghnaidhe

míondruine núidhe i mbeirt na bánghoile;

mogail na gcnó ar inneal n-óirbhleidhe;

inneamh póirghine gach cnó dá clárshnoighe;

gréas meachda ar fholt gach fhiardhoire;

dearca ar n-Iarlai-ne lucht a lámhdhaighe.


17 A snigh do bhraonaibh le feadhaibh fannáille

’n-a gcraobhaidh amáille i sreabhaibh seanGhuaire;

céir ag tál le slatchoill slimfheoighe

ag tacmhoing gach mildeoire mar badh grán gealnuaidhe.


18 Coill eatha ós gach bhfionnmhuigh bhfóidfhéardha;

’n-a bhfiodhbhaidh róiddéanmha mar badh sreatha síodórdha

do thamhnuibh a dhuilghe idir gháibh géigiarna

fa chéidIarla chláir Luighne líogómra.


19 Breitheamh as aibche le a n-uirríoghaibh,

feitheamh ar uillíoghuin d’aicme fhionnDálaigh,

fear neamhshocra an raith do rinnfhéaghain,

flaith indéanaimh fhearachta an Iollánaigh.


20 Críochbhun coinne clann bhfionnLogha,

bann iomramha ón moille síothladh seanmhara,

dreach gheal dar bh’aoincheol na hurbhadha,

gaoithreodh turnamha fhear an eangnamha.


21 Óradh na gcladhocht um Dheirg ndalldamhaigh

dar cheird an-allamhain falocht i bhfinnfheadhaibh,

dreach shoirbh as éideadh i n-iomomhain,

beach rionnamhail fa doirbh don chéidsheal cinneamhain. Doirbh.