Poem in printable PDF format
Dre-éan eanaigh,
ionmhain fáth
[Brian Ó Cuív,
‘Donnchadh Mór’s Poem on the Wren’, Éigse 17, 13-18]
Donnchadh Mór [Ó
Dálaigh] cc.
1 Dre-éan
eanaigh, ionmhain fáth,
’g ar n-agallaimh
gach aontráth;
éan agus toll
tréna theach,
ar ngéadh, ar
gcorr, ar gcoileach.
2 Ar bhfisidh, ar
bhfear dána,
téid lá
d’iarraidh éadála;
trí chuile uair
an t-ollamh;
ní duaidh uile
d’aonlongadh.
3 Tionóilis leis
lán a mhéar
dá ingnibh donna
an dre-éan;
na trí ceathrair
’m an gcuidigh
dá dtí fearthain
fliuchfaidir.
4 Och! ón! is
cruaidh lem chridhe
bás cloinne na
cuirrcighe;
cuirrceach ar
n-éag a dá héan,
dá bhuirrceach
déag ’g an dre-éan.