Poem in printable PDF format
Duine
deighmhisnigh Dái-bhíoth
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 87]
Domhnall (mac
Taidhg) Ó Dálaigh .cct. (?)
1 Duine
deighmhisnigh Dái-bhíoth;
mór fhuair d’ulc
is d’fhíorláindíoth
budh toirrseach
le triath oile
fa iath
gcoimseach gConaire.
2 Mór n-adhbhar
ler chuir i gcéill
mac Séamuis nar
thuill toibhéim,
pór
glainshlisnigh, an mear mín,
ar bhfear
daighmhisnigh Dáibhídh.
3 Do dhoirt
Dáibhídh as mhaith modh
a dhóchas i nDia
Athar;
do ghlac
fírmhisneach nach fann
slat do
shídhshlisneach Sagsan.
4 Do thuig i dtós
a aoise
triath Barrach -
beart roghaoise -
rosg mear as
creachthóir ar chrodh
gur neamhchóir
seadh sa saoghal.
5 Níor ghlac sé ó
soin i-le
ró sgíse im sgéal
dá dhoilghe
dá mbeath go
mothuigh sé sin
acht rothuil Dé
do dhéinimh.
6 An lá do-chluin
cúis toirrse
far dhéanta dhó
doghoillse
ní feas
doimheanma ann air
an mall
soidhealbha sochruidh.
7 Ní faicthear a
bhrón go bráth,
ní théid
caitheamh ’n-a chonách
marcach
gruaidhmhear as ghlan cruth
níor ghabh
buaidhreadh an Barrach.
8 Meinic
fhuair-sean fheidhm docrach
troid leathtrom
gleo guasachtach,
gidh eadh níor
theith, níor thuill guth
go breith gach
bhoill don Bharrach.
9 Iomdha troid
’n-ar toillead[h] lais
clú le misneach
mheic Séamais
fir cholgshnasda
nach [uar] ail
do [shluagh]
bhorbghasda an Bharraigh.
10 Fuair iar
n-éag a athar dhil
go lór imshníomha
is aisdir
fonn cathardha na
síodh sean
ag díon athardha
a aithreadh.
11 Tugsad
[aighthe] i n-aoinfheacht air
Goill is Gaoidhil
Ghuirt Fhionntain
fear séimh nach
sochlaointe brígh
an réidh
dochlaoidhte Dái-bhídh.
12 Do chuirsead
Goill - is é a fhíor -
le neart [dá]
neimhdheoin Dái-bhíodh
sduaidh
chneasaolta go ngné ghloin
i n-easaonta é
orthaibh.
13 Nó gur
bh’éigean dó fa dheoidh
dul ’n-a
n-aghaidh dá aindeoin
a bheith umhal do
b’é a rún
go ré an churadh
do chlaochlúdh.
14 Rug air - is
ní hé do thuill -
d’fhoirneart is
d’iomad leathtruim
aigneadh sídhe
múinte mear
cúirte a thíre
gur thréig-sean.
15 An ló nar
ghabhsadar Goill
úmhlacht mo
chéile chumoinn
téid ar dhíon an
déadbhláith dil;
ní gníomh
éadtláith do fhoillsigh.
16 Ní toirrse, ní
trom lighe,
ní meathtacht, ní
meirtnighe
do ghlac an ghéag
fheardha fhir,
acht méad meanma
is misnigh.
17 Gairid dó ’n-a
dheaghaidh sin
go bhfuair sé ar
son a mhisnigh
fógra síothchána
sluaigh Gall
gruaidh
fhíochdhána nach anbhfann.
18 Aoincheann
Barrach na mbreath séimh
beirthear leis -
lán do dheighchéill -
cuairt aithghearr
le bhfuair a thoil
go baincheann
sluaigh na Sacsan.
19 Fríoth leis
aiseag a fhola;
fuair Dái-bhídh
dreach neamhdhona
gnúis fheardha ar
nar braitheadh béim
maitheadh a
ndearna doi-séin.
20 Ní fhuil
aonfhód tiar ná toir
ná cíos i gcairt
an Bharraigh
nar fríoth le
grásaibh Dé dhó
rer chásaigh é
fan am-sa.
21 Do budh mó sa
chách a chion
ar ndol Dái-bhídh
fa dheireadh
ruire suairc nach
saoibhthim gus
ar cuairt go
saoirching Séamus.
22 Neimhiongnadh
- dia do rath -
roimhisneach
Bhíocont Barrach
’s nach fuil
díobh obar nar fhéag
síodh nó cogadh
do choimhéad.
23 Mar an gcéadna
a chéile dil
Oiléan óg
aigneadh suilbhir
gruaidh
soidheargtha as séimh breath
doimheallta a
méin ’s a misneach.
24 Níor [chuir-se
i gcéill] do neach
go mbíodh cás
trom ná tuirrseach
ná anbhuain ar a
gnúis ghloin
fá chúis
amhluaidh dá bhfaghaibh.
25 Inghean
Dái-bhídh - Dia dá díon -
maith chongbhas
aithne an Airdríogh;
ní thuillfe ar
neamh diúltadh dhi
bean leis nach
diúltar duine. Duine.