Poem in printable PDF format
Dursan do
mhartra, a Mheic Dé
[McKenna,
L.:Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 92]
1 Dursan do
mhartra, a Mheic Dé;
eagal linn
aidhbhle an fhínné;
a-tá
th’fhiortfhuil dá dáil daoibh
i gciontaibh
cáigh do chomaoin.
2 Ar ndortadh, a
Dhia, ruibhse
d’fhuil do chneis
trem chiontaibhse,
dursan linn, a
Dhéimhic, duibh
’s gan sinn ’n-a
héiric agaibh.
3 An dream ler
doirteadh t’fhuilse,
a Choimdhe, trem
chiontuibhse
suaill id ghuinse
dod dheoin daid
a fuilse id
dheoidh go ndortaid.
4 Ar t’aithris, a
mheic mhaithmhigh,
mé id mhartra go
martairthir
bheith dot áis
[gan anam] daid;
go bhfagham pháis
red pheannaid.
5 Go bhfagham
ionnarba it olc;
go bhfagham guais
tred ghuasocht;
bíodh gurb antrom
trom do throm,
trom tret antrom
go bhfagham.
6 Go n-iodhbraim,
a Dhúilimh, dheit
m’anamsa it anam
oirrdhreic;
go ndáileam an
corp id chorp
go dtáiream bocht
id bhochtocht.
7 Mar Mhuire do
mhuin do bháis
seacht soighde
doilbhthe an dóláis
le mbia mé mar
Mhoire i mbraid
trem chroidhe, a
Dhé, go ndeachaid.
8 Go ndearnaid im
chroidhe im chorp
lógh créachta
Chríost ’n-a gcumhocht
imshníomh dian do
bháis do bhraid
do phian do pháis
do pheannaid.
9 Tred ghabháil
go ngabhthar mé,
tred bhrath go
mbraithtear sinne,
ar [n-ar]
sraonadh, a Dhé, dhaid
mé go naomhar red
námhaid.
10 Tríbhse, a
Dhúilimh, id dheaghaidh
go gcuirthear led
caibhdheanaibh
sinn i [.
.......................] pian dte
go riagh [.
.................... teine].
11 Am meirbh
tárnocht mar thusa;
gur anaid aos
t’iomthasa
ar mbeith dhúinn
deit ag croideamh,
a mheic, fúinn ag
fochuidbheadh.
12 Sgiúirsidhe
sgaoilte t’fhola
ribh ’n-a
linntibh líonmhara
m’fhuilse ’n-a
beo bhraointigh mhir
go sgaoiltir leo
’n-a linntibh.
13 D’ordaibh
troma do thuairgthe
mé gurb inneoin
iombuailte;
ar mbeith dhún
tred bhruidse i mbraid
lúdh mo chuirpse
go gciorrbhaid.
14 A-roile go
righid sain
forgla gach
bhoill dom ballaibh
maitheamh m’uilc
go ndearbhthair dhamh
teannchair do
chuirp dom chognamh.
15 Cromáin
snoighthe cnámh mo chinn
gurbh iad, a
Chríosd, dá gcréidhim
go seanga do
dhoirbhfhearg de,
reanna na
sboirdhealg sbíne.
16 Tairngeadha a
chinn, bior na mbonn,
sleagh an chígh,
cló na ndearnann,
gin gur díol é it
fhuilse dhaid
mo ghuinse, a
Dhé, go ndearnaid.
17 Go n-iomchram
an chroich ret ais,
go n-ibheam dod
dhigh dhomblais,
a hól sin gidh
daoirnimh dhamh
ar aoinfhleidh
ribh go rabhar.
18 Go ndeacham i
gcroich fad cheann,
ar mbás tred bhás
go bhfuilngeam,
go ndoirtear linn
m’fhuilse it fhuil,
sinn tred ghuinse
go ngontuir.
19 A huaigh pian
na bpeacadh dtrom
eiséirghe, a Dhé,
go ndearnam
le ragham libh, a
fhlaithghin,
ar nimh mar na
naomhaithribh.
20 Ar dheis
t’Athar Naomhtha ar nimh
duitse ar suidhe,
a mheic mhaithmhigh,
tar méid m’olcsa
im fhínné ghlan
ortsa i [ríré] go
rabhar.
21 Grása ód
naoimhspiorad ar nimh
[dot iarraidh], a
mheic mhaithmhigh,
go bhfeara ’n-a
firtlinn te
im inntinn cheana
im chroidhe.
22 Lorg do
dheisgiobal ndilse
ag coimhéad do
chreidimhse
suil sgara sinne,
a rí, ruibh
go dtí linne do
leanmhuin.
23 Ar do
dhaorpháis mar dhlighim
truagh, a
Chríosd, nach cuimhnighim,
ná ar chrú an
chígh do chall trem choir
gach am do-ním do
neamhthoil.
24 Mo thruaghsa
nach tuigthear liom
do shaoradh
m’anma ar Ifrionn
iomlán crú do
chuirp neamhdha
mar do dhoirt tú,
a Thighearna.
25 M’aithghin gin
gur díol daidse
i gcaill dod chrú
trem chiontaibhse
glach, a
shéimhmic Mhuire, mé
i n-éiric
t’fhuile uaimse.
26 Do shearcsa is
í a hucht Muire
n-a caoir
chrithrigh theasuidhe,
a rí nimhe, ar
nimh dom chur
im chridhe libh
go lasdur. Dursan.