firstLine"; ?>

818. Dursan mh’eachtra go hAlbain $
Length: middling 26qq
Certainty: 4
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. personal
Manuscripts:
  1. RIA 6(23/I/40) c. 1700 ?Offaly
Prints:
  1. transl. Aithd. Dana no. 53
Motifs:
  1. envoi to God, BVM & St Peter
  2. transubstantion
  3. Rejection of Calvinism
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (RIA 6)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Apologue Subclasses:
  1. Jew stole Host & drowned in blood
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Dursan mh’eachtra go hAlbuin


[McKenna, L.:Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 53]


Fearghal Óg Mac an Bhaird, cct.


1 Dursan mh’eachtra go hAlbuin

[dá] dtánag - tuar iomarduidh -

ó mhínÉirinn ghéigthe ghloin

séitche ríghFhéilim Reachtmhoir.


2 Do ghrádh an domhuin diombuain

tánag tar tuinn tráichtfhionnfhuair

go fionnAlbuin trá óm thoigh;

lá an iomarduidh budh huamhoin.


3 Eagail liom lá an tsléibhe

mar thánag - tuar aithmhéile -

Lem dhán luachmholta tar lear

ó chlár ghruadhchorcra Gaoidheal.


4 Baoghlach leam a agra orm

teacht go hAlbuin na n-órchorn;

i gcrích sgaithfhinn na ngort ngeal

ní chaithim corp an Choimdheadh.


5 Dar m’éigse do mealladh mé;

dámad liom Alba uile

uch, a Dhé, mo lorg tar lionn

is mé gan ord gan Aifrionn.


6 Rugas díogha deimhin liom

do thréigeas ord is Aifrionn

- ar n-éag gá dál as docra? -

do ghrádh na séad saogholta.


7 Dámadh liom uile a hór bog

dá bhfhaghuinn a bhfuil d’argod

i gcrích bhraonuair na mbeann bhfionn

do b’fhearr aonuair an t-Aifrionn.


8 Ní chreideann Alba fa-ríor

go dtig tonn d’fhuil [an] Airdríogh

san abhluinn mar as dleacht dí

adhruim don reacht do-rinne.


9 An gcuala Alba an fheoir chuirr

ar imthigh air fan abhluinn

fear go nglór dhiabhluidhe dhoirbh

do shlógh iarnuidhe Ioffoirn.


10 An t-Íobhalúd ráidhim ribh

do-chuaidh lá do na laithibh

go teach Dé re dearbhadh uilc;

fa neamhghlan é ag a iodhbuirt.


11 Dá theampall mar tháinig sin

ar an altóir an uairsin

do-chí sé an abhluinn re ais;

adhruim don té dan teaghdhais.


12 Tre fhochuidbheadh don fhear ghráidh

do fhiafraigh - dia do dhiombáidh -

séad ar n-adhradh druim ar druim

créad do b’adhbhar don abhluinn.


13 “Anuas eidir fheoil is fhuil

tig go dearbh,” ar an deachuin

“barr órbhuidhe taobh mar thuinn

laogh óghMhuire san abhluinn.”


14 D’éiliughadh cainte an chléirigh

tug sáthadh dian díchéillidh

dá sgiain chaoil ghairbhghil ghreanta

san mbairghin gcaoimh gcoisreactha.


15 Bainne fola druim ar druim

tig an uairsin as an abhluinn

- mór bhfáidh ler fíoradh an céim -

dar bháidh an t-Íobhal ainnséin.


16 A mbíodh innte i n-aghaidh Dé

do bháidh fós - fíor an fínné;

deimhin liom gur mhuidh a-mach

an fhuil ós chionn na cathrach.


17 Oiread na maraso a-muigh

do chuir [san] abhluinn uasuil;

séala an ghráidh an bhais do bhean

dámadh áil lais do léigfeadh.


18 Mór dtír nach í Alba a-mháin

nach creideann fós - fáth tochráidh -

don bhairghin go mbí ’n-a fuil

’s í fa ainglibh ’n-a hiomdhuidh.


19 Tánag san tír nach adhair

don abhluinn ghil ghrásamhail;

mó do mheall an saoghal sinn

baoghal ’n-a cheann ní chuirim.


20 Fearr bheith thiar ó thigh go tigh

do sheirc naomhchuirp Dé dhúiligh

ná ríghe ’s a beith a-bhus;

don bhreith fhíre do fhéachus.


21 Ó nach faicim é innte

an corp diadha doimhillte

fairche ghrianfhuinn na ngéag gcuir

iarruim gan mh’éag i nAlbain.


22 Do sheirc chuirp Íosa d’fhéaguin

slán ó Albain úirghéaguigh

fairche fhiar na [n-úrchros] ndonn

siar dom dhúthchos go ndeacham.


23 Guidhim Mac Dé más deoin lais

dom breith go hÉirinn n-iathghlais

agus saorMhuire a súil dil;

a naomhghuidhe dhúinn dlighthir.


24 Ar bhás pheacaigh san tír thoir

bíodh an Coimdhe dom chobhoir

’s an ógh naomh buime na mbocht

craobh darab duille an diadhacht.


25 Go bhfaghom tar iomad mh’olc

coim im dheaghaidh tre dhúthrocht;

dul fa a géagaibh is dleacht damh,

teacht dá déagain ní dursan.


26 Do chaoi Peadar puirt nimhe

fa pháis an Uain ainglidhe;

uchán, do ba géar a ghal,

a shruthán déar ní dursan. Dursan.