Poem in printable PDF format
Dursan nach
maireann mac Briain
[Ó Donnchadha, T.
Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 26]
Mac Conmidhe .i.
Cormac mac Briain Óig .cc.
1 Dursan nach
mairionn mac Briain
meic Feidhlim nar
ob éinghliaidh;
dursan dún
oidhidh an fhir;
doiligh cúl ris
na cairdibh.
2 Mac Briain as
dursan damhsa;
’s do chuir
monuar oramsa
easbaidh séd is
easbaidh each,
an fearsoin d’ég
tar aoinneach.
3 Gach uair dá
dtéighinn ’na theach
mac Briain na
mbriathar bhfaoilteach,
nír leig as fa
eura ionn,
sgeula do clas go
coitchionn.
4 Ní bhfuair
misi, acht me dom chois,
ón ló teasta
flaith Fionnrois,
éineach i
bhfódmhuigh na bhFionn
ó éinneach
d’ógbhaidh Éirionn.
5 Isé Seaán
saormhac Briain,
pór na
bhflaitheadh a Finnchliaigh,
tug an ghreagh fa
dheireadh dhamh
deighfhear gan
seadh sa saoghal.
6 Do fhuasgoil mé
uair oile
ó ghallaibh fhóid
Iughoine,
ég mo sheisi
gráidh dom ghuin
is meisi i láimh
’gun laochraidh.
7 Airdrí nimhe na
naoi ngrádh
go n-íoca sé re
Seaán
a bhfuair mé
d’ionmhuine an fhir,
ó ré fionnmhuighe
Fuinidh.
8 A Énrí déna ’na
dhiaidh,
ó nach mairionn
mac Saoirbhriain,
gég ó achadh
chaithlis Cuinn,
aithris bhur
n-athar oruinn.
9 Dáil dhúinn, ar
aithris th’athar,
i n-onóir na
healathan
meadh na séd do
dháiledh dhamh
gég nár cáineadh
i gcogar.
10 Seaán mac
Briain, bruinne ghlan,
ó nach bhfuil sé
san saoghal,
rí an
chladhfhuinnsi um theach Dha Thí,
tabhairsi each a
Énrí.
11 Ionann daoibh
oirbhert is ágh,
ionann sibhsi
agus Seaán
mur sin díot, a
thriath Tuama,
íoc a fhiach is
ionbhuana.
12 Ní cóir
th’agra gan fhachain,
ionann daoibh ’s
dod deaghathair,
a fhlaith an
bhruaighsi Banbha,
maith uaisle agus
athardha.
13 Cleachtsa mur
as clechtach linn
i n-aimsir mhic
mhic Féidhlim;
gach arbh áil
d’fhagháil uaidhe
a bhranáin chláir
Chraobhruaidhe.
14 Ó táid i
gcriaidh a chruth nár
Aodh mac Aonghusa
is Seaán
a chéile iodhan
brúigh Breagh
deuna dhúinn
ionadh h’aithreadh.
15 A mhic mic
Briain, a bhas seang,
ollamhain oile
Éireann
ní dual daoibh
m’aithghin d’obadh
maoin ót aithribh
fhuaradur.
16 Atá ’na
haighidh aobhdha
’s ’na
maillbhriathraibh macaomhdha,
cúram anma i
modhaibh mná
damhna molaidh ar
Mhartha.
17 Bean chuirthe
a teasta ar gach taobh,
inghen Framsaidh,
folt fionnchlaon,
gnúis bhanda nach
caomhuin crodh,
planda do
shaorfhuil Shaxan.