firstLine"; ?>

82. A Ghearoid deana mo dhail $
Length: very long (52qq)
Certainty: 1
Period:
  1. 14th mid
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. Apology mp
Manuscripts:
  1. NLI G992 (Nugent MS) c. 1577
  2. RIA1 (23/D/14) 17th c. Co. Offaly?
  3. RIA5 (23/D/4) 17th c. Munster
  4. Mayn. C87b E. O Curry trscr. RIA5 19c.
Prints:
  1. text DiD no. 67
  2. transl. Ir. Monthly 47, 509
Motifs:
  1. Envoi to saint (Archangel Michael)
  2. imagery for patron
  3. traditional immunity of poets
  4. poet insulting patron
  5. war with Foreigners
  6. cooperation btn Irish and Anglo-Irish
  7. king’s officer
  8. tuarastal, coimirce, submission
  9. Historical comparisons
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh (Fionn) (RIA1, RIA5)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Muiris
Patron Surnames:
  1. MacGearailt (1st Earl Desmond d. 1356)
Apologue Subclasses:
  1. Fiontan recovers youth by kissing fairy boy
  2. Fall of Lucifer
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

A Ghearóid, déana mo dháil


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 67]



1 A Ghearóid, déana mo dháil;

dá ndearna déana i gcéadáir;

tug, a óigleanaibh, th’úidh ruinn,

a úir dhóidleabhair dhearccuirr.


2 Dídin mé, a mheic an Iarla,

ar fheirg flatha finnLiamhna

gidh bé fachain feirge fuair

t’athair, a mheirge an mhórshluaigh.


3 Is ort iarraim gidh óg thú

síodh na bhfréamh asad fionnchrú;

ód thromaicme a-tú fa choill;

dar gcomairce is tú as tualaing.


4 Mairg file re bhfuil a móid

aicme Ghearailt, a Ghearóid;

is fachain dá gcar um cheann

dá rabh th’athair dom imdeall.


5 Níor chleacht sinn siobhal oidhche

ná imirt arm bhfaobhairthe;

ní poinnidhe ar ngníomh le ga;

coillidhe dhíom níor dhéanta.


6 Fóir mo ghuasacht, a Ghearóid,

tair romhuinn don ríphealóid;

ar th’eineach dhamh diall oirn-ne

gabh, a chiall, mo chomairghe.


7 Inneosad uirsgéal cumtha

dhuit im dháil mo chobhurtha;

a-déar mar dhleaghar a rádh

sgéal ar leanabh do leanbhán.


8 Táinig lá ar Leic na dToradh

Fionntan is é ar n-arsoghadh

dá bhfuair naoidhin n-óig th’aithghin

’n-a aoighigh fhóid anaithnidh.


9 Iongnadh leis a leithéid sin

re taobh na haille d’fhaicsin;

rug an naoidhin n-óig ón aill,

tug póig don aoighig áluinn.


10 Mar thug an príomhóglách póig

don naoidhin áluinn fhíoróig

téid dealbh a aighthe i n-óige

ón leanbh d’aithle éanphóige.


11 Beiris leis an leanbh síthe

gus an mnaoi nglic nglóirbhíthe;

ní thug dá mhnaoi a fhios re headh

’s do bhaoi ’n-a chrios an céidsheal.


12 Fionntan ar bhfios a fréimhe

beannuighis dá bhainchéile;

freagrais a bhean go ngné ghil

hé agus gidh eadh níor aithin.


13 Ar bean Fhionntain dá aithle:

“cia thú tú do mhearaithne,

a ghil bhláith dhódghlacshaoir dhuinn,

a ógmhacaoimh áith éadtruim.”


14 “Gidh cúich mé, a bhean, beanfad daoibh

madh áil leat leannán macaoimh;

ní hamhdháigh sinn cneas re cneas

deas linn t’fhaghbháil i n-uaigneas.”


15 “Sguir, a mhacaoimh óig, t’ábhacht,

cian óm leithéid leannánacht;

nocha gaol ábhachta inn,

a chraobh árrachta fhoiltfhinn.”


16 “Fearr dhuit céile séitreach slán,

a bhean mhaith,” ar an macámh

“ó taoi ag seanóir seachain soin;

re beathaidh ndearóil dealuigh.”


17 “Ní aontóch ó nach óg mé

- níor aontuigheas as mh’óige -

fear gémadh céim deaghshóigh dhamh

acht mo sheanóir féin Fionntan.”


18 “Dod bhréagadh ní bhia sinne

ó fuaras fhios th’intinne;

ó nach éidear é d’fholach

mé do chéidfhear carthannach.”


19 “Ná habair sin,” ar si-se

“seanóir críon mo chéilei-se

sé go neimhsheadhmhar a-nocht

ar gceileabhradh dá chalmacht.”


20 “Mei-se seanóir sluaigh Ealga

ar ndol i ndeilbh naoidheanda,

a bhean,” ar sé, “nám seachain;

is mé t’fhear i n-óigbheathaidh.”


21 “Dá dteaghmhadh gomadh tu-sa

an céidfhear do charas-sa

nocha bia, a Fhionntain, im fhail

go bhfionntair cia rod chruthaigh.”


22 “A ríoghan a Ros Greadha,

do athroigheas airrdheanna

gach fód go naoidhe ón naoidhin;

naoidhe óg rom athnaoidhigh.”


23 Innisis Fionntan mar fuair

an leanbh ar an leic dtaobhfhuair

- cóir a n-innisin uadha -

innisidh a iolbhuadha.


24 An leanbh óg ’n-a hucht féin

gabhais bean Fhionntain ainn-séin;

re haghaidh an uair do ghabh

fuair cabhair mar fuair Fionntan.


25 Ní taosga ar n-a thabhairt dí

ráinig a anál impe

ná do sgar sí re seandacht

’s do ghabh ní dá naoidheandacht.


26 Gá dú, achd do bhí siad mar sin

seal buan oile dá n-aimsir

is do bhí ’n-a láimh re linn

gach ní do b’áil le a n-intinn.


27 Éanmhac airdríogh na Sorcha

fríoth ann aisgidh chobhartha

folt i n-a óiridhibh air

ar dtocht d’fhóiridhin Fhionntain.


28 Go tráigh nDúna Tolcha Thé

do chur Fhionntain i n-óige

tar an moir sriobmall srothach

a-droigh Iollann Iolchrothach.


29 Tú, a Ghearóid, a ghein shochair,

leithéid Iollainn Iolchrothaigh;

go bhfionnam, a chnú cridhe,

an tú Iollann th’aimsire.


30 Anál Iollainn, a ucht glan,

tug fóiridhin ar Fionntan;

cuir mar thúis anáil th’ochta

fam ghnúis d’fhagháil fhurtochta.


31 Tair ar chuairt sonn, suidh im ucht,

fionnam feabhas do chumhacht,

tabhair póig i n-a dhiaidh dhamh,

cabhair ciaigh mo chóig gcéadfadh.


32 Ar Mhuiris gCliach ’gar chleachtas

athnuaidhigh ar n-aitheantas;

san chruth i mbínn roimhe a-rís

ag rígh Broine go mbeimís.


33 Saor mhé ar oirbhire th’athar

go mbeinn agad bheannachadh;

ar gcomairghei-ne is doirbh dhi

tromoirbhire oirn aige.


34 Tairre led bhriathraibh binne

d’aithearrach a intinne;

fill tar ais fheirg an Iarla,

a dheirg chais fhinn fhuiltniamhdha.


35 Mo theagasg, a Ghearóid, gabh:

“feirrde macámh a mhúnadh;”

dá dtugthar éara oirn-ne

déana mar a-déaraim-ne.


36 Nó go raibh sinn síodhach ris

ná héirgheadh fúd muirn Mhuiris;

rí Áine ná han re a phóig;

gabh ar do gháire, a Ghearóid.


37 ’N-a ucht ar chrodh ná ar chomhaidh

is a fhearg ret ollamhain,

a anam, ná haontaidh dol

go bhfagham aontaidh t’athar.


38 Ná cealgadh cleas dá áille

thú, a mheic marcaigh fhionnÁine;

braithtear fraoch ar th’aghaidh n-óig;

labhair go gaoth, a Ghearóid.


39 Dá ndearna tú is tuar deighshídh

mar deir mé, a mheic Aibhilín;

th’éara dot athair ní háil,

rachaidh séala ar an síothcháin.


40 Biad agad im fhior ghrádha

budh hé séala ar síothchána;

rinn th’aoibhe, a Ghearóid, do-ghéabh,

a naoidhe gealfhóid Gaoidheal.


41 A ubhall abhla cumhra

as uaisle náid órubhla,

a bhláth niamhdha, a chnú cheiníl

do chrú an Iarla is Aibhilín.


42 A leinbh a Lunnainn na ríogh,

fóirfidh t’urlabhra mh’imshníomh,

innsgne bhinn do bheoil chorcra

i n-a rinn ceoil codalta.


43 A Mhuiris, maoluigh do mhóid;

déana mar a-deir Gearóid;

dá ngada dhíom ní dhlighe

síodh ar aba th’oirbhire.


44 Flaitheas nach gabhaid Gaoidhil

geallmaoid dóibh i nduanlaoidhibh;

a ráthughadh dhúibh níor dhluigh,

gnáthughadh dhúinn a dhéanaimh.


45 Dá chineadh dá gcumthar dán

i gcrích Éireann na n-uarán

na Gaoidhil-se ag boing re bladh

is Goill bhraoininse Breatan.


46 I ndán na nGall gealltar linn

Gaoidhil d’ionnarba a hÉirinn;

Goill do shraoineadh tar sál sair

i ndán na nGaoidheal gealltair.


47 Na Goill is Gaoidhil Bhanbha

fa seach re hucht th’agallmha;

is tú ceann an dá chineadh,

geall red chlú ní cuirfidhear.


48 Do sgar mé red mhúr bhfleadhach,

a chinn an dá chinneadhach;

muirn t’ardphuirt-se agus t’fhíon glan

rom líon d’antuigse is d’uabhar.


49 Dol ar deabhaidh ód dhreich mhoill

ní thug achd uabhar oruinn;

logh an chuairt-se do-chuamar;

dol uait-se do b’anuabhar.


50 An t-aingeal do b’áille ar nimh

do ionnarb Dia ’mun gcúis-sin;

nochar bheag d’fhior a fheitheamh

an cion do leag Lúisifear.


51 Do thonn fheirge gé do fhás

rinn, a Mhuiris mheic Thomás,

díon, a Mhuiris-se, ar do mhóid

bríogh na guidhei-se Gearóid. A Ghear.


52 Ar measrughadh maidne an Luain,

a Míchíl, is mór m’anbhuain;

tú ar sgiath, a mheic, ar maidean,

a fhiach dheit go ndearlaigear. A Gh.