firstLine"; ?>

820. Dursan toisg Dhonnchadh mac Briain
Length: long 42qq
Certainty: 4
Period:
  1. 14th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. Political
  2. historic cycle or
Manuscripts:
  1. NLS Adv 72/1/37 Bk Dean Lism. 16th c.
  2. TCD 1381 (H.5.9) T. O’Reilly 1684
Prints:
  1. text (frag.) Quiggin, Bk Dean, p. 83
Motifs:
  1. internal signature
  2. envoi to other patrons?
  3. envoi to St [Michael?]
  4. caithreim
  5. submission
  6. Highkingship of Ireland
  7. women keening
  8. pilgrimage
  9. place-names for ornament
  10. references to siodh
Poet Christian Names:
  1. Cam Cluana (TCD 1381 internal sig.)
Poet Surnames:
  1. O Dubhagain
Patron Christian Names:
  1. Donnchadh mac Briain Boroimhe
Patron Surnames:
  1. Cname only
Apologue Subclasses:
  1. Donnchadh mac Briain goes to Rome
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Dursan toisg Dhonnchaidh mhic Bhriain

[TCD 1381 (H.5.9), 18 (Second Copy)]

Cam Cluana Ó Dubhagáin (see qt 37)

[Deibhidhe, Ógláchas with irregular syllable-count]


1 Dursan toisg Dhonnchaidh mhic Bríain

da oilitre da háirdchiadh [leg. -Chliaigh?]

ionnsa gan tíacht da thoigh

acht cidh maith é da anmuin.

2 Certleith Eirionn mor an modh

d’éis Bríain do bhí ag Murchadh

gur áontaigh dul tair muir

air mhaith da anm(h)uin íodhain.

3 Tugadar tigernus

fir Eirionn uile a n-áon

’sa ríogh(dh)a[dh] a tTeamhraigh Thruim

on ló nar mhair Máol Seachloinn.

4 “Os [s]ibh-si an slúagh is garg gal

aithne dhuinn” do rá[i]dh Donnchadh

“ní thréigfinn an Róimh a-bhos

air thrill da bhur ttighernus.”

5 “Dul a ttimcheall reilge Pedur

’sa beth inte ’na hárdleabaidh

ni threigfinn í cend a ccend

ar shlúagh iomnuthach Éirionn.”

6 “Maith mo cháirde a nÉirinn fhuair

da mairdís a ndeachaidh úainn

Brían Murchadh Torrdealbhach tend

Tadhg basgheal Dumhluin (?) Domhnall.”

7 “Da mairdís an seiser sin [17]

ní fhuigfinn Éirinn íodhain

o nach mair gach sáorfher seng

marthain úaim d’áoibhnes Eirionn.”

8 “Marthain do Chorcaigh na ccúan

is do Luimneach bhile phratrúaidh

martain do Dhún Inbhir uill

is do Dhún Trí Líag as Lochdruim.”

9 “Dún Crot is Dún Claire

is Dún Eochaidh máighe

gidh ionmain íad mor an modh

annsa dún Chinn Choradh.”

10 Imdhighis Donnchadh ’na dhíaigh

faccbhus Mu(dh)mha fa mhórchía[i]dh

ar ndul ’na luing tar linn

léigther trí gárrtha a nEirinn.

11 Guilid mná Baisginn a-muigh

guilid mná síth Eochaidh

guilid mna sith Cermoda cuirr

is mna síth Emhna síthmoill.

12 Mna síth ós Loch Deirgthirt deirg

is mna Caisil gan chláon chénd[...]

guilid sin bágach a ngul [16]

re mnáibh magacha Mumhan.

13 Tri lá is tri hoidhche gan ble (?)

bo gan benn bhuighes

gan spéis a n-inghin na mac

d’éis mhic righ Eireann d’imthecht.

14 Do fhágaibh iath Fail na ffhleadh

eder es 7 inbher

téid Donnchadh Clíach as Cláire

go himper na hAlmáinne.

15 As e fa himper ann sin

mac rí na Sorcha Sóthaimh

fer a ttanaic (?) a nEirinn uill

re ré Bríain is Máoil Seachloinn.

16 Tucc Donnchadh na dil

a lámh a láimh an impir

tucc imper na ttra ttána

a lámh a láimh Dhonnchadh[a].

17 Do fhás cogadh san tír thsoir

ag Iudhlaibh fa[n am?]-sin

re Crístaidhibh fáth gan on

táom sin fa des re Donnchadh.

18 Do curedh an cath go tend [15]

sa[n] ló re feruibh Éirionn

ar Shodhain dar ngiall gacha (?) ngile (?)

lomn don ghlíadh a ghassraidh.r

19 Fithche céad do tarchadh leó

días fa gach fer ’s ní hanghleó

do thuit cead is da cead fer

re láimh Dhonnchaidh ’na háonar.

20 Ni térno beó ’na mbeataidh

do shlúaghuibh Donnchaidh dheighbhreathaigh

dha céad dhéag (?) trúagh an teidhim

acht fir dhéug gan tuitim.

21 Tucc bean an impir mas fíor

grádh mór do mac an airdrígh

a háonrógha don uile fher

is í ghuidhe os ísiol.

22 Do dhiult Donnchadh na ttreas tte

a guidhe do ghabáil úaithe

gur ffherr leis qumann an righ

nas a milleadh tre mhighníomh.

23 O nar fháom sin Donnchadh dil

gabáil guidhe on inghin

do fhuráil air a teghlach tren

marbhadh Donnchaidh ’sa dheibhlén.

24 Iodhlacthar sa lúbhghort lán [14]

Donnchadh ’s a bhuidhean macámh

narbh fidir neach tshíar no thsoir

créd i uidhe Dhonnchaidh.

25 Ticc an t-impir treall da thoigh

d’fios an láoich ó lios Luim(e)[nigh]

ní ffhuair a bheó thall no a-bhos

acht gidh do íar dó árus.

26 Trí ráithe gan fhios d’[fhagh]áil

air slios gacha ain qubharbháin

do bhí an t-impir turseach dhi

dob fhíorchuimseach an chumhaidh.

27 Oídhche dhó ’na iomdha féin

ag íarmherghe gan oilbhéim

go gcúala sa lúbghort ór [leg. ós?] linn

cantairecht chlúthmur cheóilbhinn.

28 Aithníos úaigh Dhonnchaidh Dhú[i]n Chúirc

úadh ann ar fedh a radhairc

toimhsios a tháobh seda sín

[ionann?] comhfhad don días-sin.

29 Adamhar dhó-san díol Donnchaidh

dóibh pféin níor ghníomh cabhartha

fa crúaidh an gniomh-sa san gárrtha

trúagh a ndíol ’s a n-árdmhartra.

30 Loisgther leis an ríogan ráin [13]

a háois fédhm(gh)a as fíorghráidh

nior thruagh liom deacair a n-uilc

feall ní dheachaidh gan dioghailt.

31 Do-ní mainister Mhure

re hanam gach aonnduine

a mbrigh ní dheachaidh gan dul

sa chethar dhiobh do Dhonnchadh.

32 Énghaire beó ’na dhíaigh sin

ní dhernadh leis an impir

is ni dherna creach san tír thsoir

an fad do bhí ’na bhethaidh.

33 Ni tugadh re blíadhain bháin

cath a ttír an tSamhdáin

nach mbedh Donnchadh na ccéd ccath

’s a sé fir dhég ’na ttosach.

34 A ttri ccioll [leg. geall?] o Murchadh mac Bríain

do fuair Donnchadh díaigh a ndíaigh

geall deilbhe is geall dreiche

geall suirghe ó gach sáorfhlaith.

35 Tar eis Domhnaill mheic Émoinn fhéil

7 Bhaisgin uí Bhaisgéin

tar éis an churadh go ngile

rí Cia(th)raighe Ó Conqhubhair.

36 Tar éis catha Clúana Tarbh [12]

mo ghrádh d’Éirinn is anmhall

d’éis Bríain is Mhurchaidh go ngile

Donnchaidh is Táidhg Uí Cheallaigh.

37 Tar eis theghlaigh thighe Bríain

ionnsa mo bheth fa mhórchía[i]dh

is me an Cam ó Chlúain chlogbhinn Chláir

sáor me a Mhicháel air mhórphláigh.