Poem in printable PDF format
Dúthaigh deoradh
magh Maine
[McKenna,
L.:Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 11]
Tadhg Óg Ó
hUiginn cct.
1 Dúthaigh
deoradh magh Maine
magh ar nach
deoradh duine;
díleas inn fa
fhiadh Maine,
ar n-aire ar
thriall inn uile.
2 Inghean
Éadaoine a hEamhain
ar n-éagcaoine do
airigh,
rug sin ón uair
ro b’infhir
buaidh an chinidh
mhir Mhainigh.
3 Ó tá sinn uirre
d’fhiadhnaib
re linn mná an
bhruinne bháinghil
[do bhronnadh] sí
[an] leig lóghmhair
go leig Órlaidh í
ar áirghibh.
4 Do-chuaidh thar
mnáibh Ó Maine
ar dháil a
bhfuair ’s a bhfuighe;
géabhaidh hé ’n-a
dhá oire
déanaimh toile Dé
is duine.
5 M’éara ní headh
do-ríne
ná do-ghéana bean
Bhúille;
ní fearr í um
chrodh a céile
a ní féine ag dol
dúinne.
6 Bheith fial is
dréim re diadhacht
dá mhian i gcéibh
na gclaonalt;
ní éar sí fhear
tre ábhacht
ní bhean dánacht
dí a daonnacht.
7 Finnbhean ó
bheannaibh Béirre,
inghean hÍ
Cheallaigh Chláire
ní chaith fhleidh
d’éis na haoine
go mbeir saoire
ar géis Gháille.
8 Toghaidh Dia hí
ar a hairrdhibh,
ní bhia ’s ní bhí
le bhiodhbhaidh;
tuairthir lé le
seacht salmaibh
teacht
d’fhoghlaidh Dé fa dhiomdhaidh.
9 Nach cóir fala
dhí a-déara
ós cara dhí gach
daonna;
nochar léig riamh
a rádha
go mbiadh námha
ag géig Gaola.
10 Ainnear fhionn
ó fhiadh Luaraidh
gan ’n-a cionn
acht cion Ádhaimh;
do bhuain uaille
dhí a daoinibh
maoidhidh sí
chruaidhe a crábhaidh.
11 A-déar ria
rádh nach foráil
“do ghrádh nocha
bia ar bhanfháidh;
gé a-taoi ag réir
gach fhir d’onáir
ronáir libh féin
a fagháil.”
12 Tearc do aomh
trian a dtiobhra,
a chraobh fhial ó
fheart Meadhbha;
do riaradh libh
lá Samhna
mná na Banbha i
dtigh Theamhra.
13 Gairm ar shíol
Ceallaigh chuirfe
fíon i mbeannaibh
do-bheirthe
an fhleadh i
gcionn a caithmhe
mar chaithfe, a
bhean fhionn Eithne.
14 Tú slán ó aoir
dar n-éisne,
gach dámh is
daoibh as dílse;
ní thaidhle acht
modh mná huaisle;
gan chrodh
uaibhse a-tá an tírse.
15 Maith dháib is
duit a ndingne,
ar dáimh do thuit
a tharbha;
leig sin ar son a
dtiobhra
iomdha sgol libh
ag labhra.
16 Táinig ón
chriaidh do chomha,
biaidh an talamh
gud thagha;
tolcha corra
cnuic meadha
cheana dhuit orra
is ana.
17 Meisde
th’fholt cam a chlaoine
gan locht ann
acht an fhéire;
rug ód bhais léim
thar líne
síne an gcéibh
gcais re chéile.
18 Ní bhia gan
bheith gá thuilleamh
do bhreith le Dia
’n-a dhaingean;
a mhian do uair
it fharrudh
annamh triall
uaibh don aingeal.
19 Do-chuaidh
aingeal let anuain,
a ainnear ó
Mhuaidh mhiodhuair;
ní fhuighe an
corp uaibh onáir
uair do fhoráil
ort fhiodhuaill.
20 Mór i dtigh
meadhair Maineach
sibh ar
fleadhaibh gá bhfuireach;
go dtráigh sibh
an sreith ndabhach
ramhach libh ar
mbeith buidheach.
21 Cinneise ar
chrú na gColladh,
tú dá innise is
annamh;
ní id thoct
a-taoi gá thuilleamh
tuilleadh gach
laoi ort d’alladh.
22 Slat gheal do
fhréim na ríghe
a réir is eadh as
áille
na mná do fheith
an óighe,
ar cleith mBóinne
a-tá a dtáille.
23 Gnúis náir do
iongaibh fhilidh
biodhgaidh re
gach ndáimh ndoiligh;
ní bhí mian ag
mac Mainigh
nach airigh slat
fhial Oiligh.
24 Neamh ’n-a
cionn críoch a dála
an bhean ó Shíoth
fhionn Aodha;
fearr mar théid
sí ’n-a séana
na trí déara ó
ghéig Gaola.
25 A-tá riamh fós
ar foghnamh
a nós do-chiam
gur ceannghadh;
ní uair sí acht
séad dá dtibhreadh
ní as a
ndingneadh méad meanman.
26 Inghean
Muircheartaigh Muaidhe
dá
ndruimcheapthair ar ndáinne.
le hitghibh d’éis
a chéile
tiltir Éire ó
ghéis Gáille.
27 Sléachtaidh is
í fá ultaibh
ní dá céadfaidh
go gceiltir;
go gcuir grádh Dé
’n-a daltaibh
clár ar shaltair
lé leigthir.
28 Domhan re
ndiall ar gcroidhe
gan torudh riamh
rí raibhe
garrdha . . . . .
. . .
. . . . . . . . .
. . .
29 Géag a síoth
arsaidh Fheimhin
gan chasmhail
críoch a cinidh;
ag réir a mbí
’n-a bruighin
suidhidh sí féin
’s a filidh.
30 Ní modh lé a
maith do mhaoidheamh,
ar chaith ní lé
do luaidheadh,
dámadh slighe hí
d’uabhar
uamhan dí gile a
gruaidheadh.
31 Bean re
cobhair na gcoinneamh,
teagh fa a
gcomhair do cumadh;
teagh Dé do uair
ón aingeal
ainnear Cé an
uair bhus ullamh.
32 Géis Breagh ar
mbuain re céile
- dar n-uaim is
eadh do-róine -
tugadh dhí teann
an tíre;
ríghe do mheall í
a hóige.
33 Ní théid
éantroigh i n-uabhar,
dá céadfaidh ní
léig líonadh,
an fíon ag guin a
gruaidheadh
truailleadh
d’fhuil ríogh is ríoghan.
34 Dar mbreith ní
bhia dá mhíothoil
re beith ag Dia
do dhlúthaigh
guidhe Dé re thrí
tráthaibh
do tháthaigh sé
dhí an dúthaigh. Dúthaigh.