firstLine"; ?>

823. Eadmhar mise fa mhac Sheain $
Length: middling 17 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
  2. 17th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. other poem mp
Manuscripts:
  1. RIA 1076 (24/P/33) Lr Cl. Aodha B. 1680
Prints:
  1. text LCAB no. xl
Motifs:
  1. envoi to wife: Grainne ingh. I Eadhra
  2. imagery to describe patron
  3. poet as patron’s spouse or lover
  4. poet’s fear of replacement by rival
Poet Christian Names:
  1. Domhnall (RIA 1076)
Poet Surnames:
  1. O hEachaidhein
Patron Christian Names:
  1. Art Og mac Seain mheic Bhriain
Patron Surnames:
  1. [O Neill] d. 1677
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Éadmhar meise fa mhac Seaáin


[Ó Donnchadha, T. Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 40]


Domhnall Ó hEachuidhéin cc.


1 Eudmhur meisi fa mhac Seaáin,

seabhac sealga Sléibhe Mis;

adhbhur diomdha cor mo chéile;

iomdha ag dol i réidhe ris.


2 Atáid romhuinn ar ti a thochmhairc;

nach terc duine ag fadógh fúm,

munab áil bheith i mbun ghrádha,

dul ’na leith gur dána dhún.


3 Iomdha file go bhfraoch n-egna,

iomdha drécht ar dhioghluim ghloin

da shníomh le mac súadh dar seisi,

do ghlac uam ar dtreisi astoigh.


4 Fer ó Mhumhain na múr bhfíonmhur,

fer ó Laighnibh don leith tuaidh,

agso an drem nár fhég dar n-aircne,

tréd do mheall ar nAirtne uainn.


5 Gach laoidh dhiamhair fhúair ó éigsibh

tré Art Óg nirbh fheirrde mé;

mo ghrés duaine dhó nach cumuim

do só i bhfuaire umainn é.


6 Ar mhac mheic Briain ní bhí a n-ainbhfios;

aithnid dó gach ni do níd;

fa heolach é i n-áth na héigsi,

isé an fáth rom-thréigsi thríd.


7 Ni fhuilsion thrá um thuillemh buidhe,

beithir Thuama thráchtus sdair;

croidhe inar luigh a lán d’egna

rem dhán ni fhuil egla air.


8 Gidh éudmhur mé fa mhac Áine,

is éd fa áth re hucht slúaigh,

nó is glas ar chách um thrágh torchuir,

dámh do ghnáth ni oghthuir uaidh.


9 Clanna fileadh gan fiú an ghiolla,

gníomh as mó do mhearuigh mé;

náir lem a lighe ag gach éinfhior

benn mhire arna dhéineamh dhé.


10 Ní bhíu ag cogadh fa chenn maoineadh;

maithimsi dhó a dhermod orm;

bím do shior ’na ainm ’s ’na urláimh,

’s bíodh dar ngairm i gcumhdháil cornn.


11 Ní bhacum riar aoidheadh annamh

d’ua na ríoghraidhe ó Ráith Truim,

’s biodh réidh, mur as dlecht ón dligheadh,

fár gcert féin ar chineadh Cuinn.


12 Ó gach fhuil dar fhás ’na thimchioll,

má tá cion nó cuimhne ar chairt,

ní cás dúinn go tenn a thagra:

lem ó gach glúin agra Airt.


13 Mac Seaáin is saormhac Áine

ionann d’fhiachoibh orthaibh sinn;

do lorg cinidh do bhun bháidhe

dlighidh cur a láimhe linn.


14 Léigmid dínn a ndeachaidh thoruinn

tré thnúth an fhir stiúrus stéd;

mór an nert aoinfhir a uille;

ní tearc aoidhidh uime ag éd. É.d.mh.u.r, &c.


15 Ionann bés d’inghin Í Eadhra

is d’ua na mBrian bristi gleó;

searc na cléire íad re aroile,

’siad re chéile ag loighe leó.


16 Dá mbeith i ndán diúltadh mh’annsa

d’eó Line na linnteadh mbinn,

cúis mo dhoilghe dearbhaidh Gráinne,

cenglaidh d’oighre Áine inn.


17 Bean do mhaicne Mhogha Nuadhad

nós a fir ní locthar lé;

ní bhacfa sí an ní do nísion;

do chí sí nach isiol é.