firstLine"; ?>

824. Eagcoir do fogradh Feilim $
Length: very long 51 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult.
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. other poem mp
Manuscripts:
  1. NLI G 348 S. O Fearghail 1895
  2. Harvard O’Byrne MS c. 1726< 1622ex
  3. TCD 1288 (H.1.14) A. O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LB no. 57
Motifs:
  1. poet intercedes to prevent strife
  2. Patron’s caithreim
  3. War with English
  4. Foreign conquest of Ireland
  5. tribute (cios, cain)
  6. citation of historical precedents
Poet Christian Names:
  1. Fearghal (mac Lughaidh)Harvard O’Byrne MS
Poet Surnames:
  1. cname only
Patron Christian Names:
  1. Feidhlim (mac Fiachaidh)
Patron Surnames:
  1. O Broin d. 1630
Apologue Subclasses:
  1. Tuathal Teachtmhar: Exile and return
  2. Maolmhordha mac Murch. v. D.Cais & 260 Gaill
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Éagcóir do fógradh Féilim


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 57]


Fearghal mhac Lughaidh .cc.


1 Égcóir do fógradh Féilim,

toisc dá ttáinig daoirchréidhim;

tug a ttuaidh aighidh Uladh,

Laighin uaidh fá urdhubhadh.

2 Sul do fógairthí ar foghuil,

fear oirbheart a ionnshamhuil;

a ttír aird chumhaing corruigh

mairg nár fhulaing d’easurraidh.

3 Do bhí d’ainmhire an laoich loinn,

do bhí d’ainmhíne [an] anfhoinn,

roighleic nár chasmhuil fá [a] cheann

ré gasraidh oirdhreic Éireann.

4 Gár mheisde ceisd do chor air,

an mbiadh síodhach ré Sagsuibh?

nó an do locht do ghébhadh greim?

olc nár féghadh lé Féilim.

5 Dob é rádh gach éinfhir uaidh

dá bhfaca a raibh air d’anbhuain,

nár smuain acht a fhíoch d’fhalach

is buain a síoth Sagsanach.

6 Ní iarrfadh cíos ná comhdha

ná roinn lochta leanomhna

dá rabh ag Raghnollach riamh

ar mhagh glanmhongach Gailian.

7 Ní thairgfeadh do thacha neirt,

dá léigthe dhó gan díbeirt,

tagra fá aontroigh don fhonn

ná agra acht d’aontoidh eachtronn.

8 Beag teidhm dá ttibhreadh aire.

ó shein leis ní leanfaidhe

creach ná leathtrom ná leónadh,

breath eachtronn [do] fhuileóngadh.

9 Ionadh a chinn do chaomhna

níor bheag lé a ghnúis ngealmhaordha,

d’áit oile nárbh omhan leis

nó a ngoire a dhomhan ndílis.

10 Mairg fá deara a dhul ar cheilt,

mairg bél do bhrosd a dhíbeirt,

dó féin a gcréidhim do-chuaidh

’s d’Fhéilim gan dréim gan diombuaidh.

11 Níorbh fhada dhó fá dhiamhair

gurbh fhollus a n-imchianaibh

brath an deirg ógarmtha fhinn

d’fheirg [a] fhógartha ar Fhéilim.

12 Níor mothigheadh ní fá nimh

gur tairngeadh leis a Laighnibh,

meic ríogh go raibhthibh rompa,

líon aithbhir a ionnarbtha.

13 Ní raibhe am Cholt ná a gcrích Náis

neach leis nár adhbhar uathbháis

’gá chlaistin a ttuaidh ag teacht

fá bhuaidh gaisgidh is guaisbheart.

14 Do Laighnibh níor lia reampa

’gá raibh rún a ndícheannta

ná rún coimhéirghe ’na gceann;

soidhéinmhe tnúdh ’na ttimcheall.

15 Níor tairngeadh don taobh as-toigh

do thóruinn Críche Cobhthaigh

samhuil don rabhuidhin riamh

d’fhaghuil glanoirir Ghailian.

16 Do maitheadh lé móirLeith Cuinn

dóibh go teacht ar a ttarruing

do Leath ríoMhogha riamh riamh,

fíorfhola creach is caithghliadh.

17 Oiread riú do bhreith broid

ní rug sluagh ná sochroide.

acht sluagh tána nó toghla

nó sluagh dána danardha.

18 Ní a hucht cobhra fhear nÉireann

fríoth neart nó clú caithréimeann

nó sén cathruathar do chur,

lé daghThuathal trén Teachtmhur

19 Sliocht uaibhreach Eachaidh Fheidhligh

’na neimhcheart do neimhfheidhligh

go teacht neartDanar a-noir

dá gceartaghadh na gciontoibh.

20 Fógruid dóibh seilbh a sinnsear

ód-chíd é ar an innill-sion,

’s na slóigh eachtrainn-sin os aird

’na mbróin neartaidhbhisigh nósaird.

21 Níorbh é a nós re hua nAodha.

tearc dhó a nÉirinn iontaobha,

faghlaidh fá neamhchuimseach neart,

Labhruidh eachLuingseach oirdhearc.

22 Go ttug mac Oilill Áine

sreath long tar linn gormsháile.

ní fhuair san fhértholaigh fhinn

énchobhair lér fhuaigh Éirinn.

23 Fágbhuid faoi Colt is Cnoghbha

lucht an chobhluigh chathardha,

lucht combáidhe dearbhtha an drong,

’s tealcha fonnáille Frémhonn.

24 Na trí Colla a gcrích Alban,

móide a n-irt a n-ionnarbadh,

do-chódar-sain ar ceann neirt,

gearr gurbh óggasraidh oirdheirc.

25 Fágbhuid sliocht orra a nAlboin

nár fhéd cách do chreachargoin

ná d’ionnarbadh uatha ó shoin,

’s tuatha fionnAlban fúthoibh.

26 Giodh eadh, tugadar leó a-le

líon catha d’fhearoibh Íle

d’agra a gceirt ar bhraonchlár Breagh

’s do chlaochládh neirt a náimhdheadh.

27 Dó níor cheaduigh clann Mogha,

Maolmhórdha mac Murchadha,

suidhe a n-éineing dámadh áil

gan Éireinn uile d’fhágbháil.

28 Gearr gur díoghladh ’na dhiaidh sin

ar Dhál gCais chalaidh Luimnigh

lé sluagh lainnghreanta Lochlann

a n-ainbhearta, a n-égcomhthrom.

29 Fágbhuid faoi fionnLoch Carman,

Nás Life, lios sheanAlmhan,

puirt fhonnaoibhne dá n-uair toil,

iar mbuaidh gcommaoidhmhe is gcosguir.

30 Ní fhuair díbheargach dhíobh soin

gan neart Danar a ndúthaigh,

’s fuair Féilim ó fhéin Uladh

a nÉirinn féin fuasguladh.

31 Gach broid dá bhfuair an fear-soin,

ní cosmhail ’s na céadphearsoin,

gan shlógh muiriorach tar muir

lé pór fuineadhach fuasglaidh.

32 Ní dheachaidh Diarmuid na nGall

a seilbh coda ná comhrann

d’iath Banbha acht lé neart a-noir;

níor tharbha a theacht ’s an trén-soin.

33 Fán am sin ar chách do chinn,

nár adaimh aoinneach d’Éirinn

spéis a n-anfhorlann aga,

d’éis danorGhall Diarmada.

34 Ní fhuair féin tarbha dá ttaoibh

acht tiomna cúigidh Chathaoir

don druing deórata Danar,

beóshlata an fhuinn d’átaghadh.

35 Ní hionann dála dhuit-si

fád dhúthaigh ’s don Diarmuid-si:

’s Goill trá a rachumhnga roibh,

atá th'athardha ar th'ionchoibh.

36 Ó nách fuil fód fá Ghalluibh

d’fhearann aoinmheic Raghnallaigh,

a bhfuil dod dhúthaigh fán druing

ná luigh fúthaibh is fuluing.

37 A mheic Fiachaidh, féch umat.

na hairdhe dá n-iomollat;

féch ar fhás d’omhain orra

’s gan chás oraibh eattorra.

38 Tángamair cú as gach cuaine

fút-sa feadh ar n-anbhuaine;

má fríoth linn urruim as t’ucht,

ná mill umuinn an umhlucht.

39 Tuig féin a bhfuil dod chiontuibh

re broid Ghall Ghuirt seinFhiontuin;

mairg d’fhior do ghníomh nách gébhadh

síodh fá chion do chuidéghadh

40 Is díot táinig ar tosaigh

cur cáich a n-uaill anbhfosaidh;

malairt fhoghailchreach an fhuinn

tabhairt comhuightheach chuguinn.

41 Na hairgthei-si ar fhud Laighean

cia an bunadh ór beathaigheadh

acht uaibh-si is ót fheólfhuil féin,

na leómhuin uaisle d’aoinmhéin?

42 Anois tar gach uair oile,

gabh ort fát fhonn corraighe;

ná cuir bac cathfhoghla a gcead

más lat h'athardha ar aiseag.

43 Córuide cúl ré cogadh,

uaidh is annamh tángadar

dream dá ttréine gan turnamh;

fearr réidhe ná reasabhradh.

44 Dréim cogaidh ré cath Londan,

créd as cúis do chomhardadh

ó nách éidir fíonGhort Fáil

ar ríoghdhacht éigin d’eadráin?

45 Sagsuin is sibh-si, [a] Laighnigh,

ní hionann a n-énairrdhibh,

domhaolta a gcaingne ’s a gcuir,

daingne a gcomhaonta chuguibh.

46 Bhar gceannus d’aoinfhear, olc dhaoibh,

ní thugthaoi féin, fuil Cathaoir;

bhar ngeall soibheirthe mar soin,

teann coimheighthe in bhar gcríochaibh.

47 An-sa fós, feith re cobhair,

is lór dhuit a ndearnobhair

do chreachthurnamh Chláir Dá Thí,

neamhchumhnadh cáigh ód-chíthí.

48 Dámadh é budh loinn lat-sa,

buain ’na gcléith san gcogadh-sa,

fir na slimchiabh, sluaigh Uladh,

imchian uaibh a n-anaghal.

49 Deacair dul a n-iath Oiligh,

a ttéid uaibh dá n-ionnsoighidh,

fál innilchealg re n-ucht sin .

ag lucht ghrinnilcheard ngaisgidh.

50 Dá mbeith fút [is claochlódh ceirt]

tuilleadh díoghla fád dhíbeirt,

fíoruilc Fhódla re hathaidh,

díoghuilt h'fhógra a n-énfhachoin.

51 D’éis díoghla a ndearnadh oruibh,

leasc dhuit-si, a dhreach sheabhcamhail,

barr caithréime do char róibh;

gabh aithmhéile san égcóir.