Poem in printable PDF format
Éanlá coinne ag
cloinn Ádhaimh
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 24]
1 Éanlá coinne ag
cloinn Ádhaimh
dá chloinn as
coinne bhaoghail;
acht gidh gnáth
an ghairm sluaghaidh
fáth uamhain an
t-ainm aonaigh.
2 ’N-a dháil
goirfidh a ghaolta
’n-a bhfoithnibh
ar ndáil drúchta
ní hé a shluagh
an sluagh séanta
truagh gan
chréachta Dé dúnta.
3 Dlighthir an
dóigh mar shaoiltir;
sirfidh cóir i
n-a chréachtaibh
guth faobhrach é
gé [íocfair]
íocfaidh aonghuth
Dé a ndéantair.
4 Cóir Dé mar
dhlighthir d’iarraidh
sirfidh ar na sé
línibh;
dá leath dhíobh
ar n-a dhéanaimh
béaraidh breath
ríogh dá-ríribh.
5 Cuid dá chloinn
’n-a gcloinn ísil
ar mboing re cuid
dá gcúisibh
ar léig sé leo ar
an lá-sain
ceo ar ghrásaibh
Dé do dhúisigh.
6 An lá-so lá na
dála
an tráth-so ní
tráth séana;
mar do thuil an
tráth nóna
ní tráth córa
d’fhuil Éabha.
7 Tug cuireadh do
chloinn Ádhaimh
don chloinn as
cuireadh uamhain;
gidh bé crioth i
n-a gcéimibh
rioth éinfhir hé
as a n-uaghaibh.
8 [Ga] mbia dá
fheirg re a fhine
ar an leirg bhus
lia duine
dar lat nach
máthair Moire
bráthair oile mac
Muire.
9 Fearg an athar
budh iongnadh
ní fearg athar
gan adhbhar;
a mbia do láimh
chlé an Choimdheadh
coinnmheadh Dé
dháibh a ndamnadh.
10 Cách ag
déachain ’n-a ndeaghaidh
féachain as crádh
ó chroidhibh
súil nach bia
súil a samhail
súil sgaraidh re
Dia as doiligh.
11 Tiocfa an
bráth gidh dál deacair
an tráth nach
tráth an fhriotail
a bhfuair mé do
sheal shocair
focail Dé ar
feadh a bhfriotail
12 . . . mar do
cuireadh
an ógh mása lé a
leanabh
a-muigh ní hé go
n-anabh
anadh fuil Dé dá
dhearadh.
13 An neach
diúltar don domhan
as diúltadh go
teach dteineadh
truagh dom óigh
ós lé a leanabh
dearadh Dé dhóibh
fa dheireadh.
14 Ithir na
n-uile dtaradh
- mithidh Muire
do mholadh -
sgoth an túir nó
go dtreabhar
treabhadh troch
dhúin an domhan.
15 Ná leanam don
uan aosda,
freagram an cuan
’s an cósda;
do-bheir sí ar
[nguidhe] a grásda
Muire a dtrásda
is í ar n-ósda.
16 Daghaighne hí
agus ughdar
ar gcabhair-ne is
í an airdbhean;
go cách uile ar
an ardmhagh
margadh gnáth
Muire maighdean.
17 . . . . . . go
raibhe
sé ’n-a Dhia agus
’n-a dhuine
fan leic do
b’anba an t-oire;
lamba toighe a
meic Muire.
18 Ní gnáth
cairde ar a chrithribh;
a grádh ní ar
cairde cuirthir
nach bí cás i n-a
carthain;
achraidh sí an
grás sul ghuidhthir.
19 Muire ó nach
treabhann tharainn
leanam uile go
hinnill
- ní feas gá cáil
don choluinn -
gcéin bheas
romhuinn tráigh thirim.
20 An tráth-sa um
cheart na colla
a neart ní grásta
ganna;
re Dia nach
dingneadh cuma
cia an urra acht
inghean Anna.
21 Ar n-iúl [gé
shéid] a shíorlot
ná léig, a shiúr,
a shaorshlat,
cur am cheann do
chrú a ghléaghlac;
tú an
fhréamhshlat as fhearr aonmhac.
22 A Mhoire tar
dom thogbháil,
ó chroidhe glan
mo ghroidmhéin
a-nois is am dá
eadráin
teagmháil thall
red bhois mboigréidh.
23 Mo bhreith -
gá náire as neasa? -
do leith do
láimhe deise
mé, a Dhé,
is-toigh agus tu-sa;
a Dhé an usa
a-moigh mei-se?
24 Má tagrair
rinn dá-ríribh
ná hagair inn sa
gcánaidh
muna fhuil
t’fhearg re a díoghuil
síodhuigh mar
leanb fhuil th’álaidh.
25 Do pháis gidh
óg re a haithbhir
ar fód an bháis
sul beirthir
- níor thuig mé
ar chríon dom chrithribh -
dlighthir dhíom,
a Dhé, deithbhir.
26 Ní hé m’iúl-sa
dá ríribh
gidh bé
th’iúl-sa, a Dhé dhúiligh;
ní hiúl glan acht
iúl eolaigh;
seolaidh iúl damh
a Dhúilimh.
27 Piana móra i
ndíol dlighthe
síol na córa ó
nach cuirthe;
truagh an teagh i
n-a [dtarthaoi],
feadh athlaoi
uadh ní fhuighthe.
28 Tinfidh an bás
re beagán
m’ithir ar ar
fhás faidfhéar
duille an bheatha
ché [ar gcadógh]
fadódh ceatha hé
um aigéan.
29 Ógh do-bhir
gairm an ghrádha;
mó ná sin a
snaidhm síodha
gidh mór
braithtir a buadha
Caitir chuanna
ógh Fhíona.
30 Dia do thagh
naomh go nuaidhcheol
damh i n-a mhaor
mar Míchéal;
gion go glan mo
sgáth sgáthán
gnáthfhál dhamh
sgáth a sgíthéan. Éan.