firstLine"; ?>

828. Earradh chumhadh um Chruachain $
Length: very long 54qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 626 (3/C/13) O’Curry trscr. BOCD
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. nobility of patron’s ancestry
  3. hospitality to poets
  4. imagery for kingship (aodhaireacht)
  5. territory as ruler’s spouse
  6. fertility in reign of true king
  7. nature mourns patron
  8. death at outset of career
  9. general grief
  10. jealousy
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (BOCD)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Tadhg m. Briain m. Briain m.Eoghain
Patron Surnames:
  1. O Ruairc d. 1605
Apologue Subclasses:
  1. Death of Cuchulainn: short life, long fame
  2. Dallan Forgaill’s testament to Breifne
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Earradh cumhadh um Chruachain

[O’Conor Don, 281a]

Fergal Óg Mac an Bhaird cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Earradh cumhadh um Crúachain

Róimh ghnáth slechta sáorThuathail

do ghabh sí culadh chumhadh

pudhar í fá urdhúbhadh.

2 Cruth ar égcruth ré hathaidh

tug senbhen Chuinn Chédchathaigh

nimh chuisne ag cengal a tonn

erradh tuirsi ’na tiomcholl.

3 Tug ar egcosg [.i. cruth] ndubh ndoirche

a sgíamh náoidhe nemhfhoirfe

lór do thuar deorcroidhe dhi

snúagh na heólcuire [.i. doilghes] uirthi.

4 Earradh tirim uma taobh [281b]

ní léigid frosa fhliuchbráon

beirt sgaithfhliuch um Cruachain Chuinn

tre búachoil caithreac Crobhuing.

5 An beirt tuirrsi a-ta um Cruachain

’s um Bhoinn ’s um ráith ríoghThuathail

mó do mairg deabaidh na ndúl

a ndeghaidh Thaidhg do ternúdh.

6 Ní coimling nach cúis fpudhair

a-ta tre Tadg thúasumhain

cáor teinntighe ag drud ’na ndeóigh

deirgtheine ar f[h]ud an aieóir.

7 Lór do comhbúaidhredh chóig fonn

cogad na renn ’s na réltonn

’s glór cheithre searbhgháoth re seal

tre deglaoch Eithne d’oighidh.

8 Na hairdreannaigh anba an lén

ag caithemh a n-arm n-aithghér

tug lerg a haighthe d’adhaint

derg da n-aithle an f[h]irmameint.

9 A bfuil túasamhain do troid

tuc glas ar bhliocht bhán mbuannuid

’s tug ar an ioth fa fonn Buill

’s tug crioth ar an ccethairdhúil.r

10 Tadg mac Í Ruairc na renn tte

ní hé féin dhuinn is doilghe

do-chuaidh an ana fa úir

tre sdúaigh nDala do dhíobhúdh.

11 Na fola úaisle an ana

a lán ó ló térnamha

díobh sin a ccomhraidh í Chuinn

do-bheir donnghoil um dérnainn.

12 A-táid a bfert fleisge bróinr

fuil Neill Conuill clann Chárthaigh

’s fuil Táil fa cclethlúptur coill

’s creachBhúrcaigh chláir Críomhthoinn.

13 Saxa[i]n Frangcaigh murair me

Gregaigh Easbainnigh ime

fuil gac impire ón tír thall

fa gribh finntighe Fréumhann.

14 Meisde Tadg úaisle a fhola

do loigh nert sul sochaidhe

ar mháigre lúith linne Breagh

do-rinne an tnúth a thoirnedh.

15 Ó Ruairc ’s na freumha da bfuil

tre ingilt súl sil cCobhthaigh

gerrsáoghlach a-táid ré treall

a bfód sennfháobhrach Sáoilenn.

16 Toice mhíledh mhoighe Fert

meisde a techt uile a n-áoinfhecht

a cclár te tre shilleadh súl

do lingedh é tre iomthnúth.

17 Leitheid Taidg tamhan ós coill

mac Deitchine Cú Chulainn

do luigh iomthnú[i]th amhlaidh sin [282a]

ar foghlaidh fhionnbruich Uisnigh.

18 Cú Chulainn na ccraoiseac nocht

glún Cathfaidh dob é a adhart

do gradhaigh an dráoi a dhalta

tar thánaidh cráoi Chíannachta.

19 Gaisgedh láoich an lá do (gheall) gh[e]abh

do geall Cathfaidh cnuic Lighen

clú síordhuidhe sáoghal gerr

d’áondhamh ríoghmhuighe Ráoilenn.

20 “Ní beg liom bliadhain fa bhúaidh

da raibh mo bhladh da bhiothlúadh”

do raidh crechtChú cnuic Mhaine

lér thuit echtchrú Iúgaine.

21 Ar áoi an tsháoghail ghe[i]rr lér ghabh

bíaidh go bráth búan an connradh

a chédchlú choídhche ar coimhne

echtChú Boirche bennghuirme.

22 O sin ag láochraidh Line

ní mairfedh mac Deitchine

Cú na hEmhna on rogha rug

ní ragha a nderna ar dermad.

23 Dar let(h) as í an úair roimhe

do gabh codhnach Calroidhe

sgíath is colg idir crú Cuinn

go Tadg a-tú da tarruing.

24 Búan a ainm aithgerr a ré

Tadg Uisnigh nár fhosd duibhré

úa na ríogh ó chathroigh Cuinn

’na athChoin far-íor againn.

25 Tús a áoisi ar mhac Máire

rug an bás breath nemhbaidhe

ní tarraidh sochar slúaigh Bhregh

gé fúair docur da ndíden.

26 Gion gur hanadh (fiadh) feinidh Fáil

ré háoibhnes na fiach d’faghail

r gcamháoir ag rochtain renn

do fhurtaidh anáoib Eirenn.

27 Tadg Ó Ruairc mur budh díor dhó

fuair da n-áodhairecht ann

dlighid(h) tuatha Temra Bregh

is Berbha is Crúacha a cháoinedh.

28 Dlighidh Banbha ben Logha

do cumhaidh a cosnamha

beith di fa trumtuirrsi treall

sí ó ghormchuisne a ngéibhenn.

29 Beith fa bron do dhíth duille

ó gháoith adhfhúair errchuidhe

dlighidh donncoill Banba Bregh

lomcroinn abhla gan earradh.

30 Dlighidh lucht taisdil na dtúath

ó chethaibh soighnén serbhluath

bheith tuirrseac ag triall do thigh

grían fa Uisneac ’na háoidhidh.

31 Dlighid fer lín bheith fa brón [282b]

’s an Breifne íar dTadg do thesdógh

suil re héignedhuibh ni fhuil

fan mBuill ngéigleabhair ngríanaigh.

32 D’esbaidh crúach ar cionn tsamhna

dleghar ar fedh fhionnBhanbha

do bhailtibh brughadh baigh cháoi

gair chumhadh in gach conndáoi.

33 O nimh chuisne criche Bregh

dlighidh lucht téghuir tíghedh

Ruarcoig[h] do cháoi ó croidhe

tre fuachtghoimh cráoi Conaire.

34 Reic a n-órarm a n-aisgidh

cóir d’ógbhoidh an fhíanghaisgidh

sa críaidh da-chúaidh an fhala

fa úaigh i Briain Bhoraimhe.

35 Da ttighibh ag tocht folamh

d’éis chóig ccrioch do chuartugadh

cóir do dháimh fhercráoi na nArt

dáil a ndérchaoi tre dhúthracht.

36 Rúarcaigh Róimh einigh fhóid Bhregh

cía he an deóraidh nach dlighfedh

osna ard do druim dochuir

fa Thadg ó Chuinn Ceadchathaigh.

37 Dligid ollamain f[h]oid Fhloinn

tre a ndubairt Dallán Forguill

féighe uachtair brogha Bregh

Rúarcaigh Chabha do cháoinedh.

38 Breth a nDruim Chet céim socair

romhainn leis na Rúarc(h)achaibh

don chúainfhine ní tug tár

rug an druaighfhile Dallán.

39 Do derbadh a ndubradh linn

ón áonach-sin fher nÉirind

do-chóidh le Breithnechaibh Bregh

thar fhóir ngeirclethaigh nGaoideal.

40 San Breithne na mbleidheadh mbán

ón uair-sin do an Dallán

dó íar soighe[idh] sluaig Conga

go bfúair oighidh etorra.

41 Fágbais Dallán día do ghart

an maith ré n-eg a n-ughacht

ní hoigreacht nach túar toile

ag slúagh coirnbhliocht Calraighe.

42 Go hég mic Bríain búan an crádh

tiomna dheirionnach Dhalláin

gan imreasuin do bhí ar bun

fa fhinnshlesuibh cráoi Cruachan.

43 Ni fhuil iar n-ég áoibhle Breagh

cuimhne ar ughacht an fhiledh

mana leóin cuairt go hIbh Cuinn

a ndeóigh Í Ruairc o Fréumhuinn.

44 ’Na énar níor imdigh sin

úaisle is oineach fhóid Fhionntuin

rug ó chlar Fhéilim fa fhert [283a]

da crádh d’Éirinn a imthecht.

45 Ni fhuil duine íar dTadg Taillten

na coill na uir f[h]ochantiugh

fa íath Fáil na bfiodh sgoitgeal

na sriobh ag dáil dherlaictedh.

46 Mana tuirrsi úair oile

síansa na síon n-errchoidhe

búaidhredh súain sluaghláoch Suca

fuaim na ngruamgháoth ngémhrota.

47 Na heóin ag caoine a gcoda

ceól trúagh le crich Chermoda

seilg ag ealtadhuibh ní fhuil

fa leirg ealtanaigh áolmhoigh.

48 Coimes athtuirrsi ag Bóin bhuig

re Múaigh re Buill re Búannaid

lór lé cách mur ceól cumhadh

fáth a ndeór do dhlúthughadh.

49 Do bhí an ana a n-aimsir Thaidg

ag túar uilc da gach enaird

ar na tairrthibh trúagh a nimh

as dúal aithfir a oighidh.

50 Mór dob f[h]err d’inis Bhanbha

fuireach ag maith mhesarrdha

gach toradh do thocht ré a linn

fa robhadh re n-olc d’Eirinn.

51 Do bhadur coillte croma

is éignedha is iothlanna

’s guirt bharrbhuidhe cenn a gcenn

ag tarrnguire uilc Eirionn.

52 Med [a] ainme ’s a óige

tug ádhnadh na hurchóide

a rath do thocht ’na thuile

ach dob olc d’ó Iúgaine.

53 Túar omhuin iomthnuth cinidh

gach énrath ar éinslighidh

d’fás uile dob egail linn

do dreagan fola Féidhlim.

54 Lór do shenmóir d’íath Earca

fer th’óige agus th’óigreachta

taobh re hádhbhaidh ndorcha nduibh

fa dhamhraidh tolcha Túathuil.

55 A Thaidg meic Bríain fár bris dair

meic Bríain meic Eóghain échtaigh

fuacht thúaidh a ttighibh na sgol

na filidh uaibh gan erradh. Earradh...