firstLine"; ?>

830. Easga an oinigh san aird toir $
Length: long 32 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult.
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G 348 Sean O Fearghail 1895
  2. Harvard O’Byrne MS c. 1726 < 1622ex
  3. TCD 1288 (H.1.14) A. O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LB no. 32
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. imagery for patron
  3. comparison with own kin
  4. liberality to poets
  5. War with English
  6. destruction of foreigners prophesied
  7. fertility in reign of just prince
  8. tribute (cios, cain)
  9. Hostages
  10. Historical Comparison
Poet Christian Names:
  1. Domhnall Harvard O’Byrne MS
Poet Surnames:
  1. O hUiginn (‘Domhn. m. Briain Ui Uiginn’ TCD
Patron Christian Names:
  1. Fiachaidh mac Aodha
Patron Surnames:
  1. O Broin
Apologue Subclasses:
  1. Battle of Moytura: Balor slain by Lug
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Éasga an oinigh fán aird toir


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 32]


Domhnall Ó hUiginn .cc.


1 Ésga an oinigh fán aird toir,

gearr bhias ’na ésga fhaloigh,

ráinig soin aird an oinigh,

san aird toir a thathoighidh.

2 Gnáth an t-éasga ag éirghe thoir;

don ré nua-so acht go nochtair

budh é tóir glésda Gaoidhiol,

ésga as cóir do chommaoidheamh.

3 Ré cabartha Chláir Gaoidhiol,

dlighid cách a chommaoidheamh;

ar bhfógra an ré naoidhe a-noir,

níorbh é an t-aoighe gan iarraidh.

4 Diúlta comhtha Cláir Eachaidh

mac Aodha, is dá ainbhreathaibh;

fríoth roighne giall ó Ghalluibh,

doilghe riar an Raghnallaigh.

5 Ar Fhiachaidh do bhí ar mbrath,

fear a anma a ttigh Teamhrach,

Éire ar a thí ó tharla,

do bhí ag céile a chomhanma.

6 A n-oighriocht is dóibh dleaghair

do ghabháil ar Gaoidhealuibh;

fonn Banbha do bhaoi ag Galluibh

tarla faoi dá bhfearannuibh.

7 Trom an bhreath bheirios Fiachaidh,

Laighnigh uaidh fá ainfhiachuibh,

dlighidh sé seilbh an tachair

is é a mbeirn ré mBranachaibh.

8 An roinn ghnáth ní ghabhaid sin

do bhí ar Éirinn uair éigin;

deacair roinn riamh ré Galluibh,

Fiadh Floinn is dá fearannuibh.

9 Gabhaid tóir do thaobh oile,

seachnaid oighre ar nAodhoi-ne,

níor ghabh riamh acht tós tachair,

nós do bhiadh ag Branachaibh.

10 Sgél oirdheirc arar cóir cion

fríoth liom ar leatrom Gaoidhiol;

ní bu scél é gan urraidh,

gi-bé fréamh ó [a] bhfuaramair.

11 Magh Tuireadh fá thionól Gall,

Balar is laochraidh Lochlann

d’iarraidh cána fhuinn Éirionn

do dhruim ágha is airdchéimeann.

12 Do ráidh Balar na mbreath tteann:

“Cíos gach aoin d’fhearuibh Éireann,

uinge d’ór ní faláir linn

nó an tsrón d’fhagháil ón inchinn.”

13 Fian eachtrann d’iarraidh troda

níor fhulaing Lugh Lámhfhoda

gan dol ar son Chláir Cobhthaigh

do chor áir ar allmhurchaibh.

14 Breith Bhalair a gcéill do chuir

do Ghaoidhiolaibh Chláir Cobhthuigh,

beith do thol an ghléire Gall

nó dol re chéile a gcomhlann.

15 Tarla dhóibh nár dhóigh troda

Gaoidhil is Lugh Lámhfhada;

fá chora seilbhe ar Bhóinn Breagh

slóigh na Beirbhe do braitheadh.

16 Lugh mac Céin nár thim ttachair

do sháraigh a sheanathair,

adhbhar maothchroidhe ag mnáibh Gall

tré gháir laochruidhe Lochlann.

17 Ar lár cáich d’urchar fhada

beantar lé Lugh Lámhfhada

do chosc fiach do Chlár Cobhthaigh

a ttriath san ágh d’allmhurchaibh.

18 Ar eachtrann san treas tárruidh

ó urchar an Ioldánuigh;

feidhm cabhra ar Chlár Cobhthuigh

tarla dh’ágh an aonurchuir.

19 Branuigh fada ag feithiomh ort,

tú, a Fhiacha, fear dá bhfurtacht;

ó tharla dhí broid Balair,

is doid do bhí a mbaramhuil.

20 Tileadh an chláir d’fhiachaibh air

do thaobh imeartha is urchair;

Laighin san áth im Fhiachaidh,

gnáth airigh fá ainfhiachuibh.

21 Ar gcur ghiall Gaoidhiol a nglas

cáin Branach ní hí iarras

fóir líonmhar a gceann a gcean,

geall ó ríoghLugh go réidhteadh.

22 Do thairngir fáidh fada ó shoin

treise Gaoidhiol ar Ghalloibh;

an tairngire ag teacht re a linn,

gan neart ainbhfine ar Éirinn.

23 Cuirthear uaidh dá n-éirghe a-mach

mac Aodha ’s an fhian Bhranach

Clár Cuinn nár chleacht fá chomhthuibh

is beart do dhruim daghorchair.

24 Ná cluinid Goill guirt Midhe

[gearr go ttiocfa an tairngire]

triall ar Fhiachaidh go Bóinn Breagh

’na fhiachuibh dhóibh fá dheireadh.

25 Mac Aodha bhloghas bearnaidh,

do-clos sin a seinleabhraibh,

dá oighreacht gan éra scol,

séla ar oirbheart a athor.

26 Gi-bé a-déradh nár dhligh sin,

dul d’Fhiacha tar clú a chinidh,

go ria minlinn tar in muir

ní bhia inghill ’na aghuidh.

27 Briathra óil gan bheith ’na mbun

gealladh comhluinn fhir t’fhaladh;

ní théid a rún cliachdha a gcion,

a bhriathra ar gcúl do cuiriodh.

28 Ré shoininne nuaidhe a-noir,

ré iomlán oinioch Fhiachaidh;

ní fearr fleadh Oiligh d’ithe,

fear oinigh san impidhe.

29 Bean d’fhionnfhuil fhola Tuathail,

Róis go rogha ríoghnuachair,

bean ar nách bí béim bronnaidh

ag rí don fhréimh Raghnalluigh.

30 Cleachtaidh sí síordháil a cruidh,

buaidh múinte ar inghin Fhiachaidh,

tearc ag mnáibh meadh a croidhe,

an bhean dob áil d’fhiafroighe.

31 Tuig, a Róis, gur uaisle t’fhuil.

geall fíneamhna ag fuil Tuathail;

dob fhiú a clú dhíobh go ndearna,

is tú fíon na fíneamhna.

32 Inghean Fhiacha nár ér scoil,

geall ríoghbhan fhréimhe Tuathail,

Róis ’na meadh d’Eimhir Uladh,

bean a heinigh d’ardughadh.