Poem in printable PDF format
Éasga ar nglanadh
grás Muire
[McKenna, L.:
Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 93]
1 Éasga ar
nglanadh grás Muire;
i dtráth tagra dá
fine
luaithe ná fás na
fleidhe
bleidhe grás
uaithe ar ibhe.
2 Sreabh ghlan do
fhás a hóighe,
bean cháich do
chur le chéile,
saorfaidh do
thoil Dé na daoine,
ré naoidhe mar
ghoil gréine.
3 Caoinbhean ór
ghein an umhla,
ré dhídin na
bhfear bhfoghla,
díon cháigh is dá
taobh tharla,
craobh abhla [ara
cáir] comhdha.
4 Bean dhídin
cean a cinidh
a ndídean rug do
roghain;
sdiúir ghráidh re
n-a gaol gabhaidh
craobh tharaidh
cháigh do chobhair.
5 Ní fríoth meadh
d’fhíonfhuil eile
bean le dídean
gach dhuine;
cia an bhean do
bhí mar Mhoire
bean toighe í don
uile?
6 Buime ar ríogh
an chraobh chumhra
ler cuireadh
dlaoi ar a dhiomdha,
bláth duille ór
fhás an umhla;
ubhla grás uirre
as iomdha.
7 Síol Éabha i
n-éintigh ísil
go héirghe an
éasga nuasain;
maithfidh cóir
glac dá grásaibh,
fásaidh mac ón
óigh uasail.
8 Cnú croidhe
cháich is gaolmhar
ór fhás an
t-eitne órghlan,
bean nach beag
méad a míorbhal,
séad bríoghmhar
na leag lóghmhar.
9 Iúl nimhe
dhúinn do dhírigh,
[gach] siúr re
fine is faoilidh,
raon ’n-a deoigh
do réidhigh;
cóir déinimh eoil
don aoidhigh.
10 Do dhírigh
cách ar chreideamh
grás leis an
ríghsin rugadh;
do choisg sé cách
dá gcogadh
cogar Dé an tráth
fa dtugadh.
11 Slat réidh gan
bhaoghal mbéime,
bean ler saoradh
sé líne;
báithfidh sreabh
fhíorghlan óighe
fíorghal cóire
cneadh gcíghe.
12 Tamhan óighe
nach aosda
dar maitheadh
coir a chéasda
sí ag guidhe Dé
go drásda
grásda Muire ’s é
ar n-éasga. Éasga.