firstLine"; ?>

832. Easga lan os Laighneachaibh $
Length: long 36 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th mid
  2. 16th ult
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G 348 Sean O Fearghail 1895
  2. Harvard O’Byrne MS c. 1726< 1622ex
  3. TCD 1288 (H.1.14) A. O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LB no. 14
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. patron’s irresistible attractions for women
  3. prowess in battle
  4. spartan life of warriors
  5. war with Foreigners
  6. fertility in reign of just prince
  7. tribute (cios, cain)
  8. Hostages
  9. High-kingship of Ireland
Poet Christian Names:
  1. Sean mac Ferghail (Harvard O Byrne MS)
Poet Surnames:
  1. MacEochadha
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Seaain mhic Remuinn
Patron Surnames:
  1. O Broin d. 1579
Meter Vars:
  1. Casbhairdne
Poem:

Poem in printable PDF format

Éasga lán ós Laighneachaibh


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 14]


Seaán mhac Fearghuil Mhic Eochadha .cc.


1 Ésga lán ós Laighneachuibh,

a scél ag tráigh thiormthorthuigh,

tug soin luadh ar Laighneachuibh;

dual moir ós na mionshrothaibh.

2 Ré lán fhédtur d’adhmoladh,

cách don ésga ag umhlughadh;

lá gan ghleó d’fhéin fhionnLaighion,

ga reó ar nach éir urdhubhadh?

3 Lór lé fear dá bhfoghlaidhibh,

treabh Néill an fhóid fhinnbhiligh;

ré lán don fhuil fhionnBhranaigh

gan ghuin ón ágh imdhighidh.

4 Gairm ríogh don fhréimh dhaighbhisigh.

a bríogh san ghréin glanlasuidh,

díoth féin a bhfoil d’imriosain

le fréimh mBroin fán mBanbha-soin.

5 Fuath d’éigion is d’fhuarshrothaibh

d’ua Rémuinn as róimhithigh;

breith Gall ar fhréimh ríghEochaidh,

’na am féin dá bhfóirithin.

6 D’éis crann gcaol a gcomhlannuibh

mall ar Aodh fá [a] n-armlannuibh;

an molann Fiadh Feidhlimidh

triall romhall an Raghnallaigh?

7 Fiú a ndáil cruidh a gcomhnuidhe

cách riú a-niugh ag neimhrighe;

luadh ráidh ar gcrú gConnlai-ne

ar chlú cáigh ’na cheinnbhile.

8 Mac Seaáin, gnúis ghruadhfhaoilidh,

an clú ar bhfagháil fíreólaigh;

breith eóil riamh san ríréllain

an chliar ’na dheóidh díreóghaidh.

9 Fáth tnúith ag táir ríobhaile

ré lúth áigh ar nAodhai-ne;

sé a ngleó ag gach aon d’áiridhe,

dar leó is Aodh gach aonduine.

10 Líon teannta ag túr daghbhladha,

líon clú chealgus ingheana,

geall einigh d’fhuil Labhradha,

ceilidh muir na minshreabha.

11 Tug Aodh tré fhéin ríobhaile

raon a gcléith nách caoilshlighe;

géill cáigh san ágh d’énduine,

ní nár dáibh ’s a ndaoinighe.

12 Mac Duirinne an deigheochair,

glas bronnaidh ar Bhranachuibh;

gairm shluaigh ar shíol sheinEochaidh,

an síodh d’uaim dob anachain.

13 Aodh fá ola ndeighbhisigh

ar ndola a haol d’fhinnleasaibh;

téid críoch uaidh san inmhe-sin

síoth go n-uair gan imreasain.

14 D’éis Chláir Fhuinidh d’fholmhughadh

cluiche ar tháir do tiormuigheadh;

laoich at n-óir dár humhluigheadh,

dar lat as d’fhóir fhionnLaighean.

15 Fian Aodha ar n-uaim seanUisnigh,

baoghal buain fán muirior-soin;

fiadh biodhbhadh fán mBranfhuil-sin,

iar iongnadh ’na uiriosbhuidh.

16 Mac Seaáin, searc inghine,

ar ngabháil cleath gcoimhnimhe,

a n-am sídh d’fhéin Almhuine

do shín fhéil na hoirbhire.

17 Fiú a bhfoil d’ágh gan aindeithfir

do thoil áigh gurbh ollamhthoil;

do shíoth lé cách ceannuighthir

más gnáth críoch ar chonnarthaibh.

18 Síoth ót fhéin gan ollmhughadh

géill na gcríoch gur cuibhrigheadh;

fuair do thol d’fhóir fhionnLaighion

Bóinn ar chol dá gcuimhnigheadh.

19 Fásaidh fraoch cuain ciúnchalaidh

ód smual, a Aodh, d’aolbhroghaibh;

d’éis t’fhaghla ar Ráith ríoghLughaidh

dáich dá n-aghtha a haonroghain.

20 Laoich dhearbhtha a n-am iorghuile

a gceardcha chrann gcoimhnimhe,

tug goradh guail gallbhaile

gruaidh fholamh dot oirbhire.

21 Teisd dá thaobh gur thuilliobhar

tig, a Aodh, dot aindeibheadh;

lá ribh am réir n-ollamhan,

ní libh féin do failligheadh.

22 Ar th’omna a n-uair diubhraicthe

ní comhdha cruaidh cinnbheirte;

gi-bé a n-ágh is oirdheirce,

ad dhál as é as inleigthe.

23 Toradh call am chiúininbhear,

ga fearr oraibh aoindearbhadh?

sriobh sheang muighe míonAlmhan

ceann uidhe gach aoinealbhan.

24 Barr lúbtha ar choill chrainnleabhair

ó dhrúcht an fhuinn fhionnBhranaigh;

dána an ghoil ar ghoirmshreabhaibh

dála i Bhroin ré biodhbhadhaibh.

25 Coill bhláithgheal ’na barrluighe

ós trághuibh fhuinn iobhraidhe,

tug saor aisgidh oirbhire

d’Aodh ré faigsin fiodhbhaidhe.

26 Drúcht fán Maoin ’na mochbhraonuibh

do thúr an chraoi (?) chlachbhuadhaigh,

braon fán Doirche ndaithghléighil,

craobh fhoirfe do athnuadhaigh.

27 Feadha ag sníomh nách soileónta

ó bhfríoth d’fhearthain fhadhálta;

breath chlaon ar chleith ndolúbtha,

Aodh don bhreith as baránta.

28 Sé ag bairrshníomh cleath gclaonarsuidh,

brath daighríogh san déineamh-soin;

treabhthuir muighe mínUisnigh,

fearthain uile a n-éineasbhaidh.

29 Cáin cháich d’Aodh do hollmhuigheadh,

sál dá thaobh ’na thiormghainiomh,

rug rogha chóig gcomhroghan

ar ttogha fóid fionnLaighion.

30 Líon cean d’fhagháil aithchionadh

le mac Seaáin sirfidhior;

díol dóibh fán chóir caithfidhear,

an chóir más díoth dlighfidhior.

31 Écht ríogh ar Aodh d’urmhaisin,

a chríoch dá thaobh teannlasaidh;

tug goin ar fhear n-imriosain

lér gheabh don toigh Teamhra-sain.

32 Tug Aodh gríos ’na gealghruadhuibh

más saor do-ní neimhriaghuil;

bac suain do bhí ar bhainríoghain

gur smuain sí ar an seinliamhuin.

33 Aodh ón áth níor indearaidh,

cách dá thaobh fá thromfhalaidh;

má tá a cháir ar choillidhibh,

lá an áigh is dá orradhuibh.

34 Lá d’Aodh is d’fhuil fhinnBhreasuil,

tuir dá thaobh ’na ttromlasair,

lorg an chlú ar fheadh n-imreasuin

do lean an crú Connla-sain.

35 D’éis catha mar ciúnuighthir,

beantur sréin dá sídheachraidh;

lé ráth na ríogh réidhighthir,

ní gnáth síon ’na sírfhearthuin.

36 Tárraidh arm d’éis ríoghamhais,

scél ann ar gach éininis;

a líne an airm órsholuis

snaidhm ríghe do réidhighis.