firstLine"; ?>

833. Easgar Gaoidhil eag aoinfhir $
Length: very long 61qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 1422 (24/P/59) Trscr of RIA 2
  2. Maynooth R 80 transcr of RIA 1422?
  3. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  4. BL Egerton 111 transcr. of RIA 2 19th c.
Prints:
  1. transl. Celtica xvi, 87
Motifs:
  1. intellectual attainments
  2. nobility of ancestry
  3. honours from the English king
  4. function of poetry q. 59
  5. caithreim, list of battle triumphs
  6. English conquest of Ireland
  7. cooperation btn English and Irish
  8. symptoms of law and order in reign
  9. death of patron signals end to peace
  10. Classical allusions
Poet Christian Names:
  1. Tadhg mac Daire (RIA 2)
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
Patron Christian Names:
  1. Donnchadh mc Conch. mc Dhonnchaidh
Patron Surnames:
  1. O Briain (Iarla Tuadhmhumhan d. 1624)
Apologue Subclasses:
  1. Alexander’s rule: Macedonia flourished
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Eascar Gaoidheal éag aoinfhir


[Brian Ó Cuív, ‘An elegy on Donnchadh Ó Briain, fourth Earl of Thomond’, Celtica 16, 87-105]


Tadhg (mac Dáire) Mac Bruaideadha cc.


1 Eascar Gaoidheal éag aoinfhir;

fada ó fuairsead fíorGhaoidhil

cneadh léar teascadh a dtreise,

meadh d’eascar na huaire-se.


2 Do heascradh d’éag an aoinfhir

onóir fola fionnGhaoidhil;

eascar Gaoidheal ós sé soin

Gaoidheal mar é níor fhágaibh.


3 A-né ria n-éag don Iarla

i gCrích Éireann airmniamhdha,

gé tá a dteann ar neimhthní a-niodh,

do-bheirthí geall na nGaoidheal.


4 Lughaide dánacht Danar

ar a n-áitibh d’átaghadh

- mairg Gaoidhil ór gadadh sin -

bagar an aoinfhir uaistibh.


5 Do bhiaidh dá mbeith ’na oineach

eagla ar a fhior bhiodhbhaidheach

’s do bhiadh cródhacht ’na charaid

gan d’ónnacht ria a eascaraid.


6 Do bhiadh bhós tré a bhais leabhair

ag Gallaibh, ag Gaoidhealaibh,

féachain dá fhréimh thiar is toir

an gcéin do bhiadh ’na bheathaidh.


7 An gcéin do-chíthí a chruth soin

ní bhiadh eagla i n-am ghábhaidh

- gnúis chaomh fá dearc-cuirre dreach -

ná taom meartnaighe i Muimhneach.


8 I Maiseadóin a mheadh soin

i n-am áigh Alex-andair,

leó fá dheimbríogh an domhan,

gleó a ndeighríogh dá ndearscnughadh


9 Níor chinn námha riamh roimhe

ar Iarla fhóid Bhóraimhe

’s níor fhéad a námha dul de;

dána don éag cur chuige.


10 Is tríd do-rinneadh de dóigh

é ar gclódh Earcail is Iasóin;

is lór liom a leantair díbh,

clódh Piorr, Eachtair is Aichíl.


11 Fann Gaoidhil d’éag an éinfhir,

Iarla fola finnÉimhir,

do chéimiomchair chailg ’na neart;

mairg d’Éireannchaibh a imtheacht.


12 Mairg rí bhós dár beanadh sin,

mairg fós an fonn ór imthigh,

mairg oireacht ór éag an fear

nár fhéad doibheart do dhéineamh.


13 Námhaid do thuinn ná do thír

ní budh eagail dá airdrígh

do theacht sa mbeirn ina mbiadh,

beacht ina sheilbh a shainfhiadh.


14 Mór n-urchóid nach follas fós

tig dá éag, is é a imthós;

mór gcneasghoin nach reich do ríomh

tré a bheith d’easbhaidh a airdríogh.


15 Miste coimhéad a charad;

móide meanma a eascarad;

a bhuain don rígh ris ar rann

miste uaim sídh a saorchlann.


16 Lughaide líon a foirne,

liaide a ceasta comhairle,

críoch shéimhsheang is chaoin caladh

i dtaobh Éireann d’anaghal.


17 Méad a rodhúthracht dá rígh

cia agá bhfuighe i n-am eisídh?

A imtheacht is eadh nochtfas

a mheadh d’inntleacht, d’arrachtas.


18 Ceathracha is ceithre bliadhna

deighsheirbhís ar ndeighIarla,

atá ag cungnamh don Choróin

gan urlamh ria n-easonóir.


19 I lóirsheirbhís dár lean sé

cia ar a gcluintear i gcoimhré

ré a ghnúis go ndonnshnuadh dathghlan

a chombuan, a chomhrathmhar,


20 Níor briseadh ar bheirn ’na mbiadh,

níor loc ó ursainn éinghliadh,

a chneas gheal tochairthe i dtroid,

meadh chothaighthe do charraig.


21 A lorga do leath aighthe

lámhach luchta a ionnsaighthe,

clódh ó gach éigean nár áil

lór an t-éideadh dá admháil.


22 Leis do cuireadh, níor chuairt tim,

lorg a scor is gach aird d’Éirinn,

ní a-mugha acht ar mhairg dóibh,

dár thairg cura ar an gCoróin.


23 Dún Baoi, Dún Libhse, ’ga léim,

Sliabh Iorrais, Cuan an Chaisléin,

’s ag Neimhthinn sa bheirn bhaoghlaigh

neimhthim a fheidhm d’iolfhaobhraibh.


24 Dealbh a champa ag Cionn Sháile

le cneas arshluagh Easpáine,

’sa bhall ’nar thógaibh a theagh

níor fhóbair Gall ná Gaoidheal.


25 Daineamh dar neartchloinn Néill-ne

ag Drobhaois, ag deighÉirne,

Eachtair na Traoi ar thábhacht

nach dóibh do bhaoi a bharánnacht.


26 Ceangal sídh Gaoidheal is Gall

ag bruach Coirrshléibhe, ag Corann,

leagair ar-aon ar a iocht;

níorbh eagail d’aon gurbh ainiocht.


27 A luadh muna léaghar dhíom,

na háite i ndearnaidh deighgníomh,

áireamh anmann na n-ionadh

budh admhall an t-ainmniughadh.


28 Mar nach locadh léim ’na gceann,

daingne inmheadhón Éireann,

fá lár níor léig a chiomhsa,

lámh nár thréig a thréinphrionsa.


29 Lámh nár thais i gcás chogaidh,

lámh mhínstiúrtha a mhórphobail,

lámh gan doghrainn fá dháil chroidh,

lámh gan chonghlainn ’na comhair.


30 Giodh dom fhiachaibh teacht tarsa

brostaid orchra oram-sa,

mór dá ndingne damhna guil,

a gharma inmhe, a fhíonfhuil.


31 President móirchríoch Mumhan,

Iarla tromdha Tuadhmhumhan

dá ghairm gan ra-rún re a rádh

dar ainm Barún Ó mBreacán.


32 Post ceart do Chomhairle an Ríogh,

scriostóir meirleach is míghníomh,

slios nár ghníomh-ra-lag ar gha,

scrios príomhnamhad a phrionnsa.


33 Tarla i gcomhuaim a chnis ghil

tonn d’fhuil sinnsear mac Mílidh,

- drúchtfhuil go ndeaghailt déaraigh -

Gearailt, Búrcaigh, Buitléaraigh.


34 Ardfhola Gaoidheal is Gall

mar táid ar dteacht ’na thiomchall

tug ós aird tréna oidhidh

mairg ar fhud gach aonoirir.


35 Bíodh gur truagh inn dá easbhaidh

tinne uaidhe ar n-uireasbhaidh,

....................................

....................................


36 Truagh leam do mhairg, a Mhumha,

cian bhus buan do bhrónchumha,

tárrthais cás neamhratha a-nois,

bás do dheaghfhlatha dúthchais.


37 A Mhumha na magh n-uaine,

mise ón chás-so an chéadtruaighe

’s gach cuaine dar chara so;

an dara truaighe tusa.


38 Bíodh nach meadhar d’aon eile

truaighe mar ar dtruaighe-ne,

sinn le chéile do mheas mé,

Éire linn an treas truaighe.


39 Tú féin is mise, a Mhumha,

beag an bhríogh ar n-osnadha;

níor chás i n-éineing osna

cás d’Éirinn an t-adhbhar-so.


40 Giodh mó ag gach duine a dhíoth féin,

a Mhumha, ar n-eascar aigmhéil

mar léan d’fhagháil giodh lór liom

mór mar scéal anáir Éireann.


41 Go bhfagha mise, a Mhumha,

triath mar mhac meic Dhonnchadha

dearbh linn nach fuighbhe-se flaith

rem linn chuimhne-se a chommaith.


42 Ní bhia an fios ag flaith oile

dá éis mar ar n-iarla-ne;

fios grian iomall fá aoinfhear

d’fhios t’fhionnGhall is t’fhíorGhaoidheal.


43 A thuicse ar theangthaibh bhur slóigh,

a aithne ar airde, ar onóir,

gach aicme seach ar-oile

do mhaicne do mhacraidhe.


44 A riaghladh fáithghlic feithmheach,

a smacht fírcheart fóirthneach,

féachtar cáit i bhfoighthe ag flaith

iona áit choidhche a chommaith.


45 Gan ghuais do thír ná do thuinn,

gan bhaoghal ria mbreith leatroim,

gan troimreacht nábadh loinn libh,

gan fhoirneart nGoill ná Gaoidhil.


46 Gan lorg bhfoghladh i bhfeadhaibh

ná faolchon i bhfoithreadhaibh,

gan sheilg n-innilte tré a ucht

red leirg imill-te d’fhurtacht.


47 Gan drud ndorais acht ar ghaoith

i bhfaidghleantaibh t’fhóid fhéarmhaoith,

gan fhaire mbuair do bhunadh

acht cluain d’fhaire ar fhoghlughadh.


48 Ní fhuair sibh is é ar n-aonghuth

re cuimhne bhur gcianshaoghlach

síth go síorshuaimhnigh mar sin

i gcrích fhíonuaibhrigh Éimhir.


49 Ag sin, a Mhumha is mhín fonn,

síona dá gcur sa gcomhthrom,

an mheadh chaointe fád chomhair,

an seal faoilte fuarabhair.


50 Giodh mairg dhúinn-ne a dhula

atá tríd, a thréanMhumha,

roinn do mhairgnigh is mairg leann

in gach aird d’airdibh Éireann.


51 Atá i gcomhghar chuan Alban

roinn dár mairg ’na mórardghol,

mairg daghfhlatha Ó nDuach ar ndul

’s um bhruach glanLacha Garman.


52 Ó Bhearbha thoir go Teagh nDuinn,

ó Chlíodhna go Crích nUmhaill,

críoch gan mhairg ann ní fhuighe

os aird tré bharr Bóraimhe.


53 Truaighe éighmhe, bualadh bas,

ní brón fá léan do labhras;

na déara ag snighe fár snaidhm

’s gan fhréamha cridhe ag commaidhm.


54 A Dhé, dá dtagradh tusa

budh furtacht é dom urchra-sa

m’éag ina ghoire go grod

an t-éag roimhe ó nach ránag.


55 Bheith ag cor cháich dá gcumhaidh

dob é ar nós a-nallamhain:

tar chéill do-chuaidh an rosc ruinn,

mo chosc féin uaim ní fhaghaim.


56 M’fhaicsin go mór miste sibh,

miste mé fós bhur bhfaicsin;

a aos cumtha, seachnaidh sinn,

do leathnaigh urchra im intinn.


57 Mairidh mór ndeighgníomh ’na dhiaidh

gé atá Donnchadh ua deighBhriain

mar dhuine ar n-éag ina fheart

is nach éag uile a imtheacht.


58 Tug Dia óigshliocht i n-oirbheart

bhus dídean dá dheaghoighreacht;

a bhás nach imdheacht uile

d’fhás d’fhinnshliocht ar n-Iarla-ne.


59 Mairid fionnlaoidhe fileadh

d’ardmholtaibh gan aindligheadh

ó mbudh beó choidhche ar cuimhne

gan reó ndoirche ar nDonnchaidh-ne.


60 Mairid mór rian do réidhigh

tré fhoithribh, tré aimhréidhibh,

mór gceall ar na gcur fá dhíon

ar scur mheang agus mhíghníomh.


61 Mairidh trá, ní tarbha bheag,

nuimhir dhoidhéanta droichead;

neach dá ngluais nach fuighe feast,

guais ó thuile dá dtoirmeasc.