Poem in printable PDF format
Eire trom trillse
Saidhbhe
[McKenna, L.:
The book of Magauran, Dublin, 1947, poem 16]
Niall Ó hUiginn
.cc.
1 Eire trom
trillse Saidhbhe,
earla i bhfuilead
fionnfhailghe;
barr mar
fhionndruine as úr dath,
an cúl
fionnbhuidhe fleasgach.
2 Ní héadtrom an
t-eire cinn,
an phununn fhuilt
bhláith bhoigfhinn
n-a sreith
ghlantruim ar géig Mis;
ní hacmhaing
breith a baithis.
3 Sreath bhan
bhíos ar a nglúinibh
fhailceas don
ghil ghormshúiligh;
ós bheirt duinn
dá fult fuilcear
’s a druim re
hucht n-ionailteadh.
4 Folt Saidhbhe
mar a snáth óir
gur mheala -
móide a honóir -
trilis druimneach
ciabh chlannach,
an tuighneach
fhiar fhiarrannach.
5 [Gabh]aidh re
fighe a fuilt chais
biseach conáigh
craobh Dhurlais;
adhnaidh aoibh ag
breith bhisigh
le dreich saoir
na Saidhbheisin.
6 Bídh gach uair
fhailcear dhise,
ar dtaisbéanadh a
trillseise,
re folt camlag
cladh gcopdha
farmad bhan a
bantrochta
7 Inghean Í
Chonchubhuir Chliach,
bean airgnigh
Átha finnChliath,
céad bláthchraobh
ann re fhighe
barr snáthchaol
ar Saidhbhine.
8 Ní léir tairis
a taobh geal
a folt trom an
tráth sgaoiltear
ó bharr réidh úr
n-a idhibh,
a glún féin ní
faicfidhir.
9 Falchaid a
trillse troma
bun fuilt lachan
Liathdroma,
ní léir tar a
barr a bun
gach clann n-a
céibh ar gcasadh.
10 Dá mnáibh is
mór an ceannach
[n-a] barr fhada
fhéithleannach;
doilghe a
dhrumdhluighe is locht liom
dá folt
bhunbhuidhe bhairrfhionn.
11 Casmhail re
hubhlaibh aipche
folt ríoghna
ríogh Conmhaicne;
folt fiar do-chí
’ma ceann
do iadh fa thrí
n-a thimcheall.
12 Falcadh a
hearla an tan táir
d’ionailtibh
gríbhe Gabhráin,
inghean ríogh ag
fighe a fuilt
fíon gá ibhe gá
hionailt.
13 Ní thoilleann
ar cholcaigh gcuirr
folt ríoghna
Rátha Bréanainn;
cuilt ní
saidhbhir ’mun Saidhbhsin,
airbhir fhuilt ní
anaidhbhsigh.
14 Casmhail folt
mná Muighe Samh
re [saorbharr]
Sadhbha Cruachan;
a gnaoi ar fleisg
an earrla fhinn,
teisd a dealbha
mar Dhoirinn.
15 An
finnchiabhach Lacha Léin
casmhail a fholt
re a fhoiltséin,
duail leabhra ar
mallchraoibh Midhe
earrla barrchaoin
baillghile.
16 Baramhail a
bairr sgathaigh
folt mháthar
Cuinn Chéadchathaigh;
Gráinne nó Una
ise
acht áille clúmha
a céibheise.
17 Casmhail folt
Saidhbhe saoire
’s trillse
Muirrne Munchaoimhe,
máthair Fhinn gan
chruinne um chrodh
ar nar chinn
duine ar domhon.
18 Sadhbh óg an
earrla bhachlaigh
mar Shaidhbh
méirsheing malachdhuibh;
diall re hinghin
Chuinn Chodhail
gun fhinnghil
truim.......
19 Fada uaithe
bhíos a bharr
ag bantrocht
chraoibhe Cualann;
locht ar a fult
ní faicthear
’s a folt i
n-ucht ionailteadh.
20 Re géis Lacha
guirm Ghile
canaid maithe a
muinntire:
“Táinig tuilleadh
dealbha dhuid
re bruinneadh
t’earrla fhionnbhuig.”
21 Inghean
Cathail Chairn Bhricne
trillse crocha a
ceinnlitre,
iomdha minshlighe
mhall chíor
i mbarr inghine
an airdríogh.
22 Púdrall fionn
buidhe ro bhearr
i n-a cul ríoghna
ríghleann;
álainn reimhe
gach drong de
gidh eire trom a
trillse. Eire
23 Do Shaidhbh
féin is neasa a-nois,
canfad maith re
mnaoi nDurlais;
ro ba breath olc
gan duain di
fuair a folt
leath na laoidhe.
24 Ní héasgaidh
éirgheas a fearg
an ghéis
ghealbhráighdeach gruaidhdearg,
mala mar dhaol,
dearc mar ghloin,
craobh Dhala is
ceart ro chongaibh.
25 Líonaid
beangláin a bairr thruim
a hucht
oireaghdha áluinn;
inghean Ailbhe an
ochta gil
failghe copdha re
cíchibh.
26 Crios
cumhdaigh ceathra gceannrach
cubhaidh re cneas
míndealbhach;
ní háil lé fa
slios solus
crios agus é ar
aondorus.
27 Ní fríoth
locht ó chionn go cois
do ríoghain
déadbháin Durlais;
moladh mná Béirre
do-bhir,
a-tá [a] féile fa
faisgin.
28 Dá láimh
leabhair lór d’eire
folt mná soillse
Sligighe;
togbhaidh
tuighnigh gcais gcopdha
do bhais
bhuinghil bharrchorcra.
29 Inghean
Cathail Chláir Mhidhe
[Cróich]dhearg
thíre tairngire,
grian bhan
Éireann an inghean,
an ghlan
mhéirsheang mhínfhinngheal.
30 Bean Í Ruairc
Rátha Guaire,
ríoghan an ruisg
gormuaine,
fear ni hionráidh
gumadh fhearr
’s a bhean ós
fhionnmhnáibh Éireann.
31 Ráinig fa
Éirinn uile
nós mná mharcaigh
Aolmhuighe;
is lór don mhnaoi
do mholudh
a gnaoi mhór ag
méadoghudh.
32 Sgárlóid
chorcra cumthar dhi,
léinte
breacshróill bhíos uimpe,
róba na ríoghna ó
Bhóinn Bhreagh
is íorna óir a
innreamh.
33 Casmhail re
sneachta ar snighe
dath a glaice
gléighile
mar thaobh
Sadhbha tráth [a-troigh],
mar bhláth abhla
dá haghaidh.
34 A lán bhíos i
n-a bruighnibh
do mhnáibh
[fleisge] fionnLuimnigh;
dá bantrocht is
lán gach linn
ag snámh fa
hardphort n-aoibhinn.
35 Béas do mhnaoi
Dhúine Dealgan
gan mhnaoi gan
fhear d’imdheargadh;
cách gá roghairm
ceann i gceann
forainm go gnáth
ní ghoireann.
36 Inghean
airdríogh Átha Bláir
as bhanchodhnach
don bhandáil;
docair tagra re
cleith gCuilt
fa bhreith d’agra
ar a hionailt.
37 Mór an duais
do dhlighfeadh sinn
d’agháil ón
chneisghil chúilfhinn;
luadh a laoidhe
is doladh dí
moludh gruadh
chraoibhe Céise.
38 Ar feabhas a
fuilt ghleannaigh,
ar a gnúis ndeirg
ndrithleannaigh,
ar áille ar
truime a taoibh ghil,
an laoidh uirre
ro imthigh.
39 Na hairm i
n-éinleith tighe
ní bhiad is
gríobh Gháiridhe;
ní bhia Sadhbh
is-tigh re thaoibh
is arm a fir n-a
fochraoibh.
40 Meastar re
máthair Lughaidh
baincheann
cloinne Conchubhuir;
inghean Ailbhe as
fhearr fa ghroidh
geall dar
Saidhbhne ó na Sadhbhaibh.
41 Sadhbh inghean
Chathail chosgraigh,
ríoghna ag roinn
a tuarasdail;
an tráth as
truime a heire
gan chách uirre
ag oirbheire.