Poem in printable PDF format
Éireannaigh féin
fionnLochlannaigh
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 89]
Fear Flatha Ó
Gnímh .cct.
1 Éireannaigh
féin fionnLochlannaigh
dá bhfréimh ó na
finnghealChollaibh,
an fheadhain
shaor shuilbhearchonnail
nar thaobh
Eamhain innbhearthonnaigh.
2 Aicme ad-roigh
re robhuanaimsir
tar moir ngoilthe
ngoibhéilinnsigh,
lucht sealbha na
seinÉireann-soin
ó Ghurt Eamhna
oiléininnsigh.
3 Triallaid tar
cuan gcormbogabaigh
sluagh dá
bhfianaibh formaideagair
do ládh druim gér
dhearmadobair
le clár Cuinn far
chomhraigeadair.
4 Dronga go
gcéill chomhairleimhir
do fhréimh Cholla
chridhiorghalaigh
ó shoin um fhád
n-oirearMhonaidh
a-tád thoir ’n-a
dtighearnadhaibh.
5 Ré cian fa
chuing fhéinnidheachta
ó fhiadh Fhloinn
don leomhainealta
deighsheal raith
an ríoghoireachta;
maith deireadh na
deoraidheachta.
6 Tír dúthaigh
chláir chríchfhionnMhonaidh
dháibh níor
dhúthaigh mhátharbhunaidh;
fan tír
fhoirbhthe fhéithinnbhearaigh
díbh níor
ghoirthe achd gnáthAllmhuraigh.
7 Fillid díobh
táin tromthuinighthe
go Tír bhFáil na
fearchoinshirthe
do léim tar fhál
n-anfadhaithbhe
i gClár Néill is
neamhchoimhighthe.
8 Gasraidh do
dhruim dúthrachttogha
tar tuinn anfaidh
áithneartmhara
fád Dá Thí ar tí
a luathrochtana
’s a-tád ar tí a
tháirtheachtana.
9 Banbha Chuinn
badh críochcoganta
do dhruim fhaghla
’s éachtaigeanta
sirthe ón
bannbhras bárccuideachta
adhnas crithre a
gcéadchaigealta.
10 Críoch réidh
maicne mearRudhraidhe
fan aicme ós
fhéin bhfionnAlmhaine
don eing
cheathraigh cheallainglidhe
beanfaidh greim
na giollanraidhe.
11 Mo chean
báighfhir beoighleacacha,
fir go bhfáinnibh
órshlatacha,
drong gan táir
gan taoibhfhreiteacha
do sháidh sonn a
sróllbhratacha.
12 Caor shlóigh
don fhréimh ríoDhomhnallaigh
nach dóigh dréim
re a ndírimdhreamaibh
do shín i-le i
léibheannlongaibh
gus an dtír dte
dtírimghleannaigh.
13 Ceann brughadh
is breitheamhmaicne,
ceann na gcuradh
gcaithinnilte,
ceann riaghla
agus rochomairce,
fearr ón Iarla an
aithimirce.
14 Éan d’ealta na
heoMhodhairne
do fhéagh reampa
a [róimhfhleidhinmhe]
mac Máire mac
saorShomhairle
slat fháinne dar
n-óiridhibh-ne.
15 Cú do-chóidh
ós chuainfhearchonaibh,
ar gcnú óir ar
n-aonaithmheadhair,
Raghnall griangha
an Ghaoidhilchinidh
Iarla garmann
ngaolaithreamhail.
16 Bláth cnó ar
dteachta ó thréanCholladhaibh
ní dhearca a chló
ar chaorthandoraigh;
do-chuas ler
gcéir lóchrannamhail
céim suas tar na
saorchlannadhaibh.
17 Sruth mion ní
meadh d’iomuislinnidh;
d’fhior Bhreagh
ní bhean tomhaschomaidh;
ré do só tar
soluisreannaibh
is é a chló ós
chomhursannaibh.
18 Do sgaoil
d’fhádh snaidhm seantarngaireadh;
lán dá ainm an
Fhionntanmhaighean;
gidh bé ad-cheadh
a chointinnmheadhair
fear is é ná
hionntamhlaigheadh.
19 Tugar pár mín
meamramrulla
ón rígh do rádh
tingheallranna
lá garma i gceann
coimhdhioghluma
Gleann Arma agus
innbhearBhanna.
20 Dún libhse na
leathanghormmagh
múr nach brisfe
brathairminnleadh
gan gheis ann dá
athoirbhearnadh
a-nall leis is
Lathairninnbhear.
21 Beantar smuais
faoi ’s fearainnfhiadhuil,
gach sgaoi cnuais
do chrobhuingéirigh,
tug burba ar
bhóid neamhaindeonuigh,
róid chumhga do
chonuirréidhigh.
22 Lán arbha i
ngach iothlannchuilidh
fa chlár n-Arma
n-eathbhairrshleamhain;
tug tír d’or ar
eachradhghroighibh
sgor síl ar na
seanchaibhdheanaibh.
23 Sgotha cnuais
’n-a gcoillfhiarghobhlaibh
srotha um Bhuais
do bheangáingheimhligh;
bric chorcra ar
taoi a dtiománghoibhngidh
gach laoi ar
dtochta a dteannáilgheimhridh.
24 Dreach úr
shéimh mar shomplaichrithre
don fhréimh gan
rún gconntarchaithmhe;
tonn do líon do
lonntorchairthe
síol na gConn
gcomparchairthe.
25 Múr seang aige
’s aontachosmhail
le Dún na reann
réaltachobhsaidh;
mar tá sonn mí
Mártaitheasbhaigh
do bhí fan gConn
gCéadchathach-sain.
26 Glóir na
gcuach níor chaomhchoraighe
ó Bhóinn go
bruach saorThoraighe,
níor ghairde an
mhaith mhórthoghaidhe
i bhflaith
Chairbre ’s caomhChonaire.
27 Gach ceall i
bhfuair áladhdoirse
uaidh as fhearr a
haoileagair-se;
searc gach
baothmhná brághadshoillse
ní chlaochlá
neart naoimheagailse.
28 Sine cóir síl
seinFhéidhlimidh
ar an mBóinn mín
mainéirreannaigh;
aoighe thall í i
n-oiléineangaib
an chlann do bhí
ag bainÉireannaigh. Éireannaig.