firstLine"; ?>

838. Eireochar fos le Clainn gColla
Length: very long 45 1/2 qq + prose
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA 744 (A/v/2) 17th cent.
Motifs:
  1. envoi to spouse (Seonoid)
  2. imagery for patron
  3. nobility of patron’s ancestry
  4. favour with English king
  5. poet invokes blessing
  6. prowess in war
  7. fertility in reign of true prince
  8. Teccosca riogh (Cormac mac Airt)
  9. King’s officer (constabla)
  10. echo of ‘Mor mo mholadh ar mhac Colla’
Patron Christian Names:
  1. Domhnall Gorm mac Giolla Easpaig
Patron Surnames:
  1. MacDomhnaill (8th baron Sleat)
Apologue Subclasses:
  1. Colla Uais kg of Irel.
  2. Pinemarten defends tree behind him
  3. Belling the Cat /
Meter Vars:
  1. crosantacht
Poem:

Poem in printable PDF format

Éireochar fós le cloinn gColla

[RIA 744 (A/v/2), 73b]

[Snéadhbhairdne, Dán Díreach, Crosántacht]


1 [Eireoch]ar fós le cloinn gColla

crilre bodhbha [leg. crithre badhbha]

[cumain?] le fuil Chairbre is Chonla

airde a n-anma.

2 [...d?]e dhóibh eirghe a n-airde

onchoin Eamhna

[...] do chách do fhuair a n-umhla

a n-uair fheadhma.

3 [...abhidh?] mas foide a bhfalach

flaithe fionnGhall

[fin?]e Chuinn nar clódh a gcomlann

agh gan iomrall.

4 [...]ar leó ar lorg a sinnser

sealbh a ccora

gach tír budh cubaidh fa gcana

curaidh chrodha.

5 [...ui?]rter ’na ccairt le Cing Sérlus

seól [da?] deighnert

a bfhuil do thúathuiph a ttoirbeart

uathuibh d’eighrecht.

6 Ní íarrfa an rí tar fhreimh Lúigheach

léine chnesa

a derbadh ni náir a-nosa

le fáidh fesa.

7 Do-níd a gcuilg a mbern bhaodhail

bhosa corcra

is maidhm ar chách ’s gach raon rempa

sáor an sompla.

8 Biaidh o chach a leith a láimhe

[leo?] gur fíoradh

urruim ar mhodh is ar mhúnadh

sgol da sgriobadh.

9 A-tá fráoch ar úaislibh Alban

d’íarraidh comhlainn

lór ina n-aghaidh go hinghill

deaghfhuil Domhnaill.

10 [...] dé d[iong?]bháil a gcrú Cholla

mur chairt derbhta

[ní?] adhuim síad cóir no comhtha

a ndáil deabhtha.

11 [G?]ach uair mur as ísle a n-inmhe

aicme Chairpre

tárruigh don bhúaidh-si buirbes

uaisle is airde.

12 [An?] Bhoinn an Fhionn is an Eirne

aibhne malla

dob é Colla Úais a n-urra

Búais is Banna.

13 [I]nghen airdriogh Mhoighe Monaidh

mathair Cholla

[...] sin do bhi cliar da chuma

riamh ’na rolla.

14 [D]o bhi ’ga fhreimh inis fhionnGhall

d’oighrecht bhunaidh

[... ga lion?] cced in gach conair

créd nach cubaidh.


[74a] Agas giodh égcorach sin ní hégcoraighe é no mur a-dubhradur 7 [...] breathnaighedur drong éigin d’feruib Alban gurbh olc 7 gurbh ain[dli?...] chuaidh Domhnall Gorm mhac Giolla Easbuig a cceann riogh Breat[an...] fhuireach aca fein da ccomhmhoradh 7 da ccomhcuideachadh ina aghaidh [...] do bhi síad-san meallta ’na mbaramhuil oir ni rabhadur comh[...] rision as einbriathraibh an tegaisg riogh .i. mur adubairt an tug[...] Cormmac mac Airt: “Ni rathmur ríghe gan rígh 7 ni torrchart[ach tir gan] tigherna 7 ni prap parlamuint gan phrionnsa” 7 nar bhfr[...] buidhean gan bharanda 7 nar chóir cuideachta gan [ch?]onsa[l?]. [Do?] thuig(h) Domhnall Gorm na briathra-sin gion gur tuigedur [...].i. tug se leim lúthmur lánathlamh a ccenn riogh Breatan [...] arad .i. dibhce dána dúrcroidheach dasachtach drea[cha?...] núaidhe an oilein Bhreatnaigh 7 Marcus mear mileata morchroid[each?...] mhaicne Hamalton 7 Marchus medhreach menmach mer[fhoghl? ...] Gord[u?]n 7 íarrla agh[mur?] ionnsuigheach eineachm[... áond?...] 7 tug mac Domhnaill Ghuirm cuid do léim an toghmuinn a gceann Sérlus 7 ’na ccenn-sin uile .i. léim ar a aghaidh 7 ni[r?] fhogh[ui?...] ar ais an toghmuinnt dó .i. techt ar ais a n-aghaidh a riogh [...] do ghabhail fa dhul ’na cheann. An toghmunn umurro [...] bhíos a ccoiltibh re n-abrar taghan 7 muna ccois[eona s ...] bhios roimhe coiseonaidh sé an crann bhíos ’na dhiaigh [7 tug don? ...] leim ar a aghaidh do reir an bhethadaigh-sin 7 nior mhiadh leis léim [...] an toghmuinn d’foghluim dhó.


15 Léim ag[haidh?] a cheim ar gcúl nochar [...]

na run rabaidh

[attá?] da chlú d’fios gach ionaidh

ní fios falaidh.

darb[...............]

sáoi gan samhuil.

16 Aith do gham- (?) onchu Ile

d’airdrigh Breatan

ar[...]gh as lér [a loca? ...].

17 [...]mhsin do criaidabh Cing Sérlus

budh sealbh rata.

budh mana fla[...].

18 [...] bfiu leis o ghrinneal ghaisgidh [74b]

griobh na nglanshul

[s?] ar [a?]is le eigh[ile?] taghan

féinnidh fa[lú?]r.

19 [...se bu?]irigh go rathmur

céim nach legur

[...] go cách no le cogadh

d’fath da n-egar.

20 Failte roimhe ag rioghraidh fhionnGhall

d’iomad toile

fir is mná gach oiléin uile

roiréidh roimhe.

21 Gach fine ar bhfaicsin Í Cholla

céd nach slonnta

cnedh ghalair nochan éir ionta

séimh an sompla.

22 [...] cás mur fhailte d’ú Ethach

d’iasg na n-inbher

go mbíd enlaith cháigh da choinnmhedh

’s gach tráigh thirmgheal

[...] sgotha ceoil na n-én go hainmer

fa bhel binnshreabh.

23 Rosg ghluaisios t[ri?] ghribh Ghaoideals

gáoth a ngeimhreadh.

do-ní an ghrian da tes do thoirneamh

es gan eighreadh

24 Ni bhí úaithe a n-inis fionnGhall

d’fuadh no d’formad

go bhfaghtur aoinneach re hiomlad

Gaoidheal nglonnghrod.

25 [...]adh Gaoidheal a gcenn a cheile

a ccuirt Domhnaill

iomdha san bhrugh bhlaith go hinghill

fáidh re foghluim.

26 [...] neach da ttí don treibh-sin

budh tuar toile

[...] lána ag luchd an tighe

a n-uchd ar-oile.

27 [...] do breith o bhiodhbaidh

bhíos ’na longthigh

mna san iosdadh fhionn go bhfaghtur

os cionn chórthair.

28 [Iomdha?] ’na bruigin bard béllúath

re mbi urgrain

[...] letthmhoch a lomláin

seaclach urrlair.

29 [...] leir gan fhios mbunaidh

san bhrugh ríogha

[........] do réir a radha

gan chéill chríonda.


[... ni cri?]onna an chomhairle ar ar chinnedur na hainmhitedha líonmura láinbhe[t?] [...] luathaigentacha ar na luchóga ar ttionól a n-uiresbhada a ccoinn[...] [...] ro hiomraidhedh etorra-séin créd í an oirchill nó [...] amhdaois do dhénamh ar a bhfúath 7 ar a bhfíoresccara [...] [75a] cluiginedha gredhánacha glorlúaimhneacha do chur fa bhraghaid an chat g [...] ionnus go mbíodh úair fholuigh 7 imthechta aca uadha ar ccloisdiona cc[...]. Ar ccinnedh na comhairle sin 7 ar ccennach na g[c]luigínedh go dáor do fhaisne[...] maoinibh 7 arna maithesuibh do thégair 7 do thionoil a sin 7 a sinnsir rompa r[...] ttionól na tromshochruide-sin as gach ionadh a rabhadar a sgealpaibh c[...] tolluibh talmhan a n-urthimcheall ar gach taobh don chat. Do raidh [...] eig na buighne criotheglaidhi comannmhenguighe-sin: “Cia rachas uaibh-si do char [...] úd” ar se. Do éisdedur go táoi tosdach uile [7] ro ghabhadur meirtne mhenma [...] risan uirigheall-sin 7 do labhradur uile d’aithesg aoinfhir: “Dar ár mbrei[...]” ar na dronga doáirmhe-sin “da mbech an saothal uile ar ar mbreith-ne ríghe [...] do thabhairt dúinn cona mhaithesaibh 7 cona mhoredálaibh ni rachmaois do chur an chlu [...]” nó fa eadh n-urchair dhó. Gurab mur sin theigemhus do naimhdibh miosguis [...] mheic Domhnaill Ghuirm meic Giolla Esbuig an tan rachas a seoid 7 a senmháoide datha [...] arm 7 éididh 7 ar ionnsdrumuintibh catha 7 cogaidh 7 ar shédaibh búadha an [...] nach faghthaoi ó aoinnech aca dul da ionnsaighe no da fhobairt fann an air[m?...]


30 Dul do chealgadh cait a ccoingleic

go haith aimhglic

iomdha brec b[r?] dhoi[gh?...]

fan mBóinn mbaillbhric.

31 Nior fhóbair an echtra luaimhneach

locrus uibín (?)

ge bheth go beódha a mbu[...]

[...] chluigin.

32 Mar sin do naimhdibh mhic Mairgréd

maith an tio[n]char

eglach leo o lochd an onchon

tochd ’na thiomchal.

33 A-nois a Dhomhnaill na nDomhnall

dhailes fhiodhbaidh

nochan fhaicer ar úair n-eghnuimh

búaidh ’god bhiodhbaidh.

34 Nós na luchóg ’god luchd iomthnúith

a ua Domhnaill

sibh-si an cat as dóigh dán deghroinn

ar chóir ccomhluinn (?).

35 Gebé ceal chuguiph dar cumaidh

a ccrich bhfaghladh

cur red chogadh mur a-dhubradh

as obair amhghar.

36 As tabairt láimhe am [leg. um?] ned nathrach

a nert Gaoidheal

cosg do bhuidhne ge bé a-déradh

mé dha mhaoidhemh.

37 As léim ’na leabaidh ar leoghan

linges cosgar

siph ar bhuirbhe a mbéirn do fhresdal

no t’fheidm d’fosdadh.

38 As siph ceinnbhile chrú Ethach

le hiúl ughdair

’sa mbrath díona a-nú ar naimhdibh

mo chnú chumhduigh.

39 As siph lámh imdheghla th’aicme

’s mór nach dúnta

as siph a ccaisdel eng n-áolta

’s a ccenn cúrta.

40 As sibh codhnach c[ríche?] Cholla

Críosd dod choimhdhe

go soirbighe Día dhuit inmhe

as ait dod th’oighre.

41 Do luidh oruibh o chert córa

chleir na n-oilen

is cl [.....................]

siph as s[o]ler. Eireochar...

42 Níor thuill Seonóid ar dhíol dáimhe [75b]

dermad dúaine

do-ni congnamh le clú a céile

a-nú go núaidhe.

43 Ge a-tá a nInnsi Gall gan ghlúasacht

a glac méirsheng

siobhlach a teisd thíar ’s gach áonfhonn

fa íath nÉirenn.

44 Bainchenn orrdhuirc aicme hUisdiúin

inghen Choinnigh

cuid da máoin ar chléir ’s ar chimidh

go réidh roinnidh.

45 Le a ttig fa clú don chleir Mhuimhnigh

go Magh Monaidh

casaoid rempa ar fhedh gach ionuidh

cedh fa gcronuigh.

46 Gion go bhfesádh fedh an chogaidh

cía le ttáobadh

ni dheachuidh maith dhí gan dénamh

í gerbh áonur.

47 Snadmuigh sisi le seol ratha

recht is riaghail

iúl díreach gach róid da-riribh

na cóig ciallaidh

caiter mur as dú le deóraid[h]

a clú a gcíanuiph.

48 Lag a lámh laider a freasdal

re feirg bhflatha

sí mur gac búaidh gan bhéim gcrotha

budh réim rata. Eireochthar...