firstLine"; ?>

839. Eisd a Iosa ar n-aonrann deag $
Length: short 12 qq
Certainty: 3
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Mayn. C 88 Eoghan O Caoimh 1704
  2. NLI G 127 R. Tipper 1713-15< RIA151
  3. RIA 151 (23/D/13)S.MacSolaidh c.1713
  4. Mayn. M 84 S. O Murch. na Raith. 1738-
  5. RIA 256 (23/G/23)M.OgOLongain 1800-
Prints:
  1. transl. McKenna, AOD, pp. 39-40
Motifs:
  1. envoi to Michael archangel
  2. eulogy of appearance
  3. function of poetry?
  4. cain (as penalty-fine)
  5. Sin and penitence
  6. poetry offered to God
Poet Christian Names:
  1. sname only (Mayn. C88, RIA 254)
  2. Aonghus (Mayn. M 84)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh Fionn
  2. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. God
Patron Surnames:
  1. saint
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Éisd, a Íosa, ar n-aon-rann déag


[McKenna, L.: Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem 34]


1 Éisd a [Íosa] ar n-aon-rann déag

lé saorfam an fíoch-sa fúd

d’eagla gníomha m’anma ar n-éag

créad acht damhna síodha súd.


2 Éisd [m’adhmad] a Rí na ríogh

[dídean] ar n-anma madh ál

ní hí an tuigse fhallsa fhuar

duid-se as dual damh-sa mo dhán.


3 Ag seo dheit roighne mo rúin

a mheic as oighre don óigh

ní bréagnuighthe a leinb mo laoidh

[dom] cheird chaoin ghéag-shnuighthe ghlóir.


4 Do ghéan duanaire dod dhán

a ghéag as nua-ghlaine niamh

ní meadh lile is gné dod ghruadh

a uan Dé as ghile ná an ghrian.


5 Is tú oighre an Athar aird

coimhdhe ní aghar ar t’fheirg

rún mo chroidhe tar céill mbuirb

do réir luirg do thoile teilg.


6 As do ghrásaibh dlighim dóigh

[’sgach] chánaigh dá ndlighe [dhínn]

ní breath oile as déanta dhúinn

fa oile i n-úir créachta an [chigh].


7 An chlí ler thai[dh]leas gach tnúth

gé do ní m’aimhleas gan fháth

fill a bheatha ar nach bí críoch

t’fhíoch a Rí an bheatha sa bhráth.


8 Ó do baisdeadh mo chlí chuil

nachar chaigil ní fa nimh

ar fhás ar m’olcaibh ó shoin

a ghloin na ngrás socraigh sin.


9 Ar eagla go bhfuighthí ar [bhfaill]

mo cheana sul gcuirtí [i] suim

id thig féin follamhnuigh inn

a fhéil fhinn dhonn-abhraigh dhuinn.


10 Luadhail mo bhriathar le baos

uabhar is iarraidh na nduas

le Dia [gidh] cin-iomdha ar gcás

[lia] grás an Tighiorna thuas.


11 A Mhic Dé do chuaidh dar gcionn

ag sin a Dhé duais mo rann

tar nimh bhraon-fhras na mbear ndonn

ronn re hAonghus an teagh thall.


12 A-tá an fhíréan róm a-rís

[i] Mhíchéal as mhór mo sbéis

acht go [bhfaghbhar] uaidh mo dhuais

ba suaill [guais] m’anman dá éis. ÉISD