firstLine"; ?>

84. A hogaibh eirgheas fine $
Length: middling 22qq
Certainty: 5
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp (as baby)
Manuscripts:
  1. RIA 639 (24/M/43) S. O Dala 1848
  2. Cambr. Add. 7089 S.H. O Grady
  3. RIA 325 (24/B/7)W.S.O’Brien
  4. RIA 20 (23/M/30) E. O Caoimh 1684-
Motifs:
  1. imagery for patron (geag, craobh)
  2. nobility of ancestry
  3. poet’s blessing/prophecy
  4. poets as druids
  5. imagery of kingship (fer faire, brat caomhna)
  6. fertility in reign
  7. music
  8. proverb ? q. 1
Poet Christian Names:
  1. Cuchonnacht (RIA 20)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Sir Sean mc Sir Eamuinn mc Tomais [mc Muiris
Patron Surnames:
  1. FitzGerald (?Knight of Glin)
  2. FitzMaurice
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

A hógaibh éirgheas fine

[RIA 20 (23/M/30), 491]

Cú Chonnacht Ó Dálaigh cecinit. Duain leanbuídheachta Sur Seain Meic Gerailt

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 A hógaibh éirgheas fine

gnáth riamh do réir fháisdine

nách éattréan a sleachta soin

céadfhréamh gach ealta an ógbaidh.

2 Dá ccreidther d’eól gach aicme

ó ló cúmtha an chédmhaicne

nó is meraighthe móid na sean

óig seanaithre na sinnsear.

3 Gidh bé lé a bhfríth fios a sgéal

bun sleachta na sé ccinéal

don tréad do dhea(r)nomh deaghla

éinfher géag a ngineamhna.

4 A tteacht ó ógaibh tar ais

cleachtadh síor a ndiaigh dhúthchais

do nós an ghéigshleachta ó ar ghin

tós céidteachta gach cinidh.

5 Uatha tar óige a n-aoisi

ginter freamh gach foraoisi

’na thoibhéim orra ní an

coiléin lonna na leóghan.

6 Ó íochruibh fhásaid maighre

a meas éirgid ágdairghe

airrghe gach sleachta mar sin

na haibhne ag teacht[a] ó thobribh.

7 Athair seanbheach an saithe

maidean máthair ghrianlaithe

sealbh gach deirbhfhine ’na dheoigh

leanbh ceinnbhile gach cineoil.

8 Mar thig sreabh a taobh tuinne

a-tá air sliocht Seain Caluinne

tuir chliach fán craobhghlaisi cuill

triath na Claonghlaisi a gcrobhuinng.

9 Beangán a fíodbaidh oirdheirc

tuillfidh d’ainm a huasailbheirt

róigheag bhús fothain dá bhfiodh

coimhéd sochair na sinnsior.

10 Mar éirgeas coill a craoibh fháis

oighre Éamoinn meic Tomáis

budh fáth médaighthe dá meas

bláth an ghéagfhóithne ghineas.

11 Óna aicme go mbéarthar breiss

ní hiongna d’íarmhó Mhuiris

lé Seádhanmac Sur Éamuinn

gleóáighshlat d’figh óirneamhuinn.

12 Támhan óg dá n-úmhlaid(h) coill [492]

sgoth a mhaicne mac Éamainn

ceann fóirne taillfhine a ttréd

oighre ár Máiri-ne an mhionghéag.

13 Brat caomhna leasa Luimnigh

leanbh bhús cend dá chathbhuíghnibh

caor bhuaidh bhaile na Traighe

fer [leg. maor?] faire cuain ciuinMháighe.

14 Cosnamh na ttuath tiocfa(idh) de

aois leinbh an t-am fá ttreigfi

budh geall ré aithbheóghadh an fhuinn

cend cathleóghan ó cConaill.

15 Ní tearc ann um mhac Mháire

ag sinnim ccrot cceól lúthgháire

lucht grianphort linnbhinn nach lag

um iadhghort tirmshlím na tiubrad.

16 Mór bhfer dán ceard a ccuma

ann lé dréachtaibh díoghloma

d’aois dealbha na nduan snuighthe

ealbha na ndruagh ndersgnui[gh]the.

17 Tilfídhear ré mac Máire

bruach Daoile is slios seanMháighe

nách feas a bhfoighne folamh

aibhne ag meas dá médúghadh.

18 Beithir nách báithfe fala

réalta eoil na heagnamha

bláth clannmhaicne Gréag ar ghoil

géag bhús armaibche a n-iorghoil.

19 Crú ar áirde a n-inis Floinn

beag as maoidhte ar mhac Éamuinn

sgáth fóirne finnGhréag ’na fhuil

roighne cinnghéag Ó gCarrthaigh.

20 Ó (t)táid uimpe uaisle ó tTáil

síol cCearbhuill uim chrú Seadháin

craobh is líonmhaire do leath

is gaol ríograidhe Róisdeach.

21 Gearr go mbia ’na bhraghaid gill

tris bheó is crithir dár ccoigill

ar ghaois ar dheallradh ndeirbhe

d’aois is d’eangnamh indeilbhe.

22 Mo-chean don fhlaith lé mbeirther

na sleachta uaidh ainmnighther

dár roicheim-ne an fáth fá bhfuil

cách ag aithéirge a hógaibh. A hogaibh...


Gach codhnach lé a ccleachtar

éisteacht ris na hainbheartaibh

ná bíodh sé ag séanadh na mbeart

a ndéanamh as é a n-éisteacht. [A separate poem?]