firstLine"; ?>

840. Eisd a Lughaidh rem labhra $
Length: very long 188qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. bardiccon
Manuscripts:
  1. RIA740 (C/vi/3) B. MacAodhagain 1633
  2. RIA2(23/F/16) O’Gara M (title only) 1655
  3. RIA 236 (B/iv/1)D.ODuibhgeannain 1671
  4. NLI G 129 Conch. O Luinin 1676
  5. NLI G 168 1685
Prints:
  1. transl. McKenna, Iom. no. v, p. 28
Motifs:
  1. druidic attributes? (poet’s chair)
  2. port aireachais
  3. reim rioghraidh, regnal list
  4. Highkingship of Ireland
  5. legal terminology
  6. Dinnshenchas
  7. historical allusions
Poet Christian Names:
  1. Tadhg mac Daire (RIA 740, 236)
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
Patron Christian Names:
  1. Lughaidh
Patron Surnames:
  1. O Cleirigh
Apologue Subclasses:
  1. Arrival of Milesians
  2. Birth of Conn
  3. Aithech Tuatha revolt
  4. Brian Boraimhe
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Éisd, a Lughaidh, rem labhra


[McKenna, L. Iomarbhágh na bhFileadh (Irish Texts Society, vols 20, 21, 1918), poem 5]


Tadhg Mac Daire .cct.


1 Éisd a Lughaidh rem labhra

ó taoi-se i n-alt mh’agallmha

léig Torna seachuinn go se

tabhair féin dhamhsa th’aire.


2 D’eagla nach tiocfa a dtuaidh

léigfead beagán aighnis uaim

do dhearbhadh a ndubairt mé

is d’aithcheo ar aill uaibhse.


3 Gach freagra tugas ar Niall

gé tú d’éanfhuil is Corc thiar

ní dheachas céim tar an gcóir

mar bhus follus i gcéad-óir.


4 Munab ag iarraidh bine

do dhéanamh dhuibh ar fhile

ní budh cuirthe dhuit a-mach

díoghail fala ná éagnach.


5 Dá mbeidís sliocht cródha Cuinn

na gcéid-neart ag éisdeacht ruinn

níor chuirthe dhóibh um aghaidh

acht file dom ionnamhail.


6 Níor éagnuidheas aicme Chuinn

níor cheart an tuigse a rádh ruinn

ar son ceirt chlann Éibhir Fhinn

do thagra mar do dhlighfinn.


7 Go dearbh is feasach dhaoibh féin

ní thóigeabh fiadhain i gcéin

dá mbeinn re héagnach clann Chuinn

nach mar dubhairt a-déaruinn.


8 Ní mé do thairgfeadh clú a ngníomh

re saoibh-chiallaibh do buain díobh

nó dá mbeidís leo lochta

níor thairgeas a lom-nochta.


9 Do-chím féin nach fulaing libh

beagán d’fhír-theisd cloinne Éibhir

do labhra dhamh-sa na gcath

ní ghabhthaoi é acht na éagnach.


10 Dlighim ceart cloinne Éibhir

do thagra ann gach chás chéillidh

nó go ndeachainn seacha so

níor bh’oircheas d’aon mo thubha.


11 Ós éigean go mbia ’nar ndán

fírinne bhus searbh re rádh

ní mise as ciontach ris so

acht Niall Torna agus tusa.


12 Beag nach samhail liom re m’éag

a theacht dar chuir sibh orm d’éad

sul i gcomhghar rachas mé

d’ónóir bhar n-aicme uaisle.


13 Iad féin do ghoin a chéile

ó nach uaidh do b’fhearr Éire

léigim sin thoram is thort

acht do dhearbhadh a ndubhart.


14 Do bhean Éibhear na meadh-ól

don chloinn oile is d’Éireamhón

dearbhadh gan neach ós a cionn

rogha leithe d’fhód Éireann.


15 Beag nach rug sliocht Ír amháin

urmhór a leithe as a láimh

ionnus nach cóir déanamh tinn

as roinn Éireamhóin d’Éirinn.


16 Ní raibhe ag roinn re hÉibhear

do shíol Breoghain acht éin-fhear

mac Ithe ré dtárthus de

tríocha céad Corca Luighdhe.


17 Dá bhféacadh neach ar gach taobh

roinn Éireann eatorra ar aon

tuigfidh nach raibhe mar sin

Éireamhón ós cionn Éibhir.


18 An breath ataoi do labhra

do bhreith d’Aimhirgin amhra

faghaim i rosg nó i laoidh libh

mar fa gnáth glór Aimh-irgin.


19 I rosg rug Aimhirgin breith

idir bhráithribh gan cleith

dar chuir iad ar feadh naoi dtonn

is Tuaith dhath-ghlan Dé Danann.


20 I gcomh-uaim fileata ar tuinn

do ráidh na briathra na luing

d’iarraidh soirbhis dá n-eachtra

dar sguir an ngaoith ndraoidheachta.


21 I n-aisde fileadh a-rís

do labhair ag teacht i dtír

mar tá gá lán do mheabhair

do shúr éisg i n-inbhearaibh.


22 An bhreith sin da mbeireadh sé

a Lughaidh an gcreide féin

nach fuighfidhe i n-aisde linn

mar gach aisde dá n-áirmhim.


23 Ní clos an imreasan ann

clann Mhíleadh ag teacht anall

is eadh fa haigne don druing

comh-baidh comh-chosnamh comhroinn.


24 Gan imreasain ag dhá neach

gníomh nó riaghail ní bhí breath

cionnus do béarthaoi mar soin

breath is iad gan imreasain.


25 Níor churtha breath i leith suadh

gan bheith dlightheach gan bheith buan

níor dhlighe dhóibh í mar soin

níor bhuana dhóibh na dheaghaidh.


26 Dá dhearbhadh sin is sinnsir

do toghthaoi i nÉirinn innsigh

mar cheann fine seach gach fear

ó shoin ag macaibh Míleadh.


27 San leabhar labhras don bhreith

ós éigean dúinn gan a chleith

atáid neithe ré gcois soin

gá dtáid seanchais na n-aghaidh.


28 Má thig féin na aghaidh féin

lughaidhe is cóir bheith dá réir

a shamhail ní sgiath cosnaimh

do bhreith iongnaith éagcosmhail.


29 Dá bhfaghadh neach ionad Dhuinn

fada ó cheart ar Éirinn uill

Éire níor dhuthaigh dhó soin

níor shealbhuigh í ’s níor chosain.


30 Amhlaidh mheasaim gur bheanta

béim ar Thorna fa theachta

tar ghlór ar a dtuigfeadh fear

urruim shinnsir do shóisear.


31 Is lór leam-sa an leath as fhearr

tarla ar Éibhear shéaghuin sheang.

Rogha leithe don dá leath

mar dhearbhochad go deimhneach.


32 Is fearr leath Éibhir go n-aoibh

ó Bhóinn thoir go Cliodhna chaoimh

ná an leath ó Bhóinn go srúbh Broin

tuagadh d’Éireamhón angbaidh.


33 Mó as mheasraighthe d’fhuacht do theas

líonmhaire do mhil do mheas

foigse da gach maith tar muir

lia a cathracha a comh-ursain.


34 Mó do thomhus tríchad chéad

barr fós ar a maith a méad

ní ar an aird a bhfuil soin

labhraidh go trom na hughdair.


35 Fada ó thángas tar an ainm

iomdha sein-sgríbhinn dá ghairm

tar ceann th’iomad ciall do chur

ní thiocfa dhíot a dhiúltadh.


36 Na hil-chialla ataoi do ríomh

dá bfiafraigheadh neach cia dhíobh

dá dtig an t-ainm d’iath Breagh

cuma leatsa acht nach d’Éibhear.


37 Do gheabhtha i bhfail ar léigheas

Éibhear darbh ainm Hibérus

Hibernia gur dá ainm thig

i dteangthaibh nach í an Scoitic.


38 Atáid tíre as treise i bhfuacht

an t-ainm cidh nach dóibh do ruacht

más ó mhéad fuachta thig sin

fiafraigh uaim-se dod léighnidh.


39 Gé tá Éire san aird thiar

atáid tíre i dtoirneann grian

le linn curtha a cuarta a le

nach Hibernia ná Éire.


40 Is follus turnamh don ghréin

ann gach tír fhágbhas dia héis

ó tá an domhan i modh chruinn

is spéar gréine na cearcuill.


41 Ainm do thír seach a chéile

mar sin tré thurnamh gréine

dá ndeachadh eagnuidh dhá mheas

ní mheasfadh gur chúis oircheas.


42 Daoine ag creideamhain dá gcéill

tógbhaidh an rian ceart dá fréimh

dá leana ar cialla mar soin

ná sloinn ó Téa Teamhair.


43 Focail il-chiallda féachtair

na sguir mór n-ughdar céadfaidh

breitheamhnas díreach dóibh soin

go grian a bhfis ní féadair.


44 Na cialla chuire san ainm

má tá tarbha dhó na ghairm

ó nach tú as breitheamh orra

maith áit Éibhir eatorra.


45 Áireamh éacht ní mé do thriall

ar dtús acht Torna agus Niall

ní orra badh mó mo ghean

a ndéanamh soin nó a n-áireamh.


46 Níor mhaoidheas meisde a ndéinimh

sochair shíol Éibhir d’Éirinn

mó d’Éirinn go mór ré mheas

ar fhágbhas díobh ná ar áirmheas.


47 Gidheadh tiocfaidh dod laoidheadh

sul sguirfear mé go maoidheobh

sochair ó fhuil Éibhir Fhinn

as mó do fhóir ar Éirinn.


48 Acht go dtugas freagra ar tús

feirrde an aigdhe a cur i ndlús

ort ann gach tarbha thionóil

mhaoidhe ar aicme Éireamhóin.


49 An d’easbaidh gníomh gcóir ré ráidh

nó le th-iomad labhra láin

mhaoidhe sochair orra sin

gan aon chuid dóibh na ndéinimh.


50 Oibrighthe a dhul ar thoil nDé

do shealbhadh dóibh níor mhol mé

mó go mór dhuit-se is dhóibh

do mhasla é ná d’onóir.


51 Dá maoidhe tú mar bhreith gill

oibrighthe Dé dhóibh ré linn

ar Ioruaidh is maoidhte sin

breith Críost ré linn i mBeithil.


52 Gach loch linn dá labhra

ós dóibh féin théid a dtarbha

fuil Éibhir is dóibh do ling

ar a gcuid féin don Éirinn.


53 Atáid a lán do lochaibh

is araile do shrothaibh

ag ar mó d’inis Banbha

a ndíth ná a ndeagh-tharbha.


54 Báidhtear leo ní sochar saor

ceathra agus daoine maraon

gan fhéar gan ioth congbhaid soin

a mbí fútha don talmhain.


55 Gibé maith nó saith do niad

nocha maoidhte ar éin-rígh iad

acht ar an rígh as rí ar nimh

nar iarr congnamh fá ndéinimh.


56 Muighe do bhuain a coill libh

admhaim gomadh sochar sin

mó do shochar buain na magh

do choill-shleagh ndonn-ruadh nDanar.


57 Níor doirteadh acht allus ball

ag síol gCuinn ag teasgadh crann

d’fhuil Dháil gCais do doirteadh cioth

ag leodh sleagh lucht na luirioch.


58 Muna bheantaoi ní cheilim

don choill fa dheoigh a-deirim

beag tarbha a dteasgadh ar tús

maighe Fódhla is é a n-iomthús.


59 Buain magh nÉireann theas is thuaidh

don choill sin dar dhocra a mbuain

síol nÉibhir is iad do bean

is orra as chóir a n-áireamh.


60 An mur-bhrúcht mara mhaoidhe

a luadh gá glór as saoibhe

más mar shochar mhaoidhe a Lugh

mó a dhochar ná a shochar.


61 Más é a maoidheamh do ní

léim fairrge tar bloigh do thír

cosmhail go maoidhfidhe soin

dá mbáidhti uile ar ndúthaigh.


62 Atáid tíre maith an bhreath

’s is é as moladh ionnta ar neach

blogh talmhan dá dtíosadh dhé

do bhuain d’fhairrge nó d’uisge.


63 Ní sochar gan chuid dóibh féin

do ronsad sliocht Éibhir fhéil

sochair gá rabhas na gheall

do rónsad d’fhearaibh Éireann.


64 Eoghan tug iad ó ghorta

Brian ó dhaor-bhruid ó dhocra

sochair do fhóir cách soin

fagham agat ód ríoghraidh.


65 Dar leat do b’athardha dhóibh

críoch Banbha go n-iomad slóigh

na bhflaitheas ní tharla dhí

plagha gorta náid geinnti.


66 Ní thug rí díobh dá dtarla

ar feadh a ré ar fhonn mBanbha

roinn dí do thréan nó do lag

dar leat do badh leo an leanabh.


67 Glór mar sin ní fhuil ré rádh

gan druing as a ndéine a lán

lughaide is cóir déanamh truim

ar chloinn Éibhir na gconchloinn.


68 Cúigeadh saor ód ríoghraidh thuaidh

ag clainn Éibhir mór an buaidh

gach neach dar ríoghadh don chlainn

saoirse thuaidh air ní fhaghaim.


69 Ar shíol nÉibhir as do thriúr

aithneadh dhúinn ar aon a n-iúl

maoidheamh mór níor dhéanta dhuit

acht amháin briathra Chormaic.


70 Táinig éin-rí d’fhuil Éibhir

tar éis Néill is Cuirc chéilligh

do b’fhearr d’fheidhm d’Éirinn uile

ná Niall Conn is Conaire.


71 Sochair do ríoghraidhe a-nuas

áirimh leat go léir gan luas

meadh sochair Briain mhic Bhé-bhionn

ní fhuighe id ríoghraidh Éireann.


72 Do cabhradh aos léighinn lais

do ath-cháthaigh an eaglais

tug da gach druing dar mhian sgol

costas léighinn luach leabhar.


73 Tug dá chléircibh féin gach cill

d’aimhdheoin na loingseach tar linn

tug iar mbeith fa dhaoirse thruim

saoirse dá bhflaithibh fearainn.


74 A dtug lucht na long seolta

leo as gach tír d’iarthar Eórpa

ar ndol aige ar a dtreabhaibh

do roinn Brian ar Gaoidhealaibh.


75 An maor do bhí ar gach mbaile

tug Brian fa bhreith a dtoile

an buana do bhí ar gach tigh

tug mar mhogha don mhuinntir.


76 Iar mbeith don Éirinn aidhbhsigh

i mbuaidhreadh re cian d’aimsir

tug síoth innte ó bhinn go binn

fa hé an turadh iar ndílinn.


77 Gan feidhm ndaor ar mhnaoi mhéir-sheing

ná ar aon-mhac óg-laoich d’Éirinn

re gníomh moghsaine ag gach neach

do bhíodh a ghall nó a ghaillseach.


78 Níor ainmnigh d’aon dá dheigh-shliocht

dúthaigh aoin eile i n-oighreacht

tug a thír féin da gach fhlaith

caidhe comaoin a comh-maith.


79 Tug sloinnte sochar oile

nach tugsad ríoghradh roimhe

lé dtuigthear i ngairm gach fhir

cia a threabh do mhacaibh Mílidh.


80 Níor shaor Lugh acht tuaith a-mháin

comh-ghar dhúinne is daoibh-se a bháid

ag sin ag Brian barr ar Lugh

ceall agus tuath do shaoradh.


81 Do thaobh Chonaire ní fríth

acht meas nó soinionn nó síth

bíodh go mbeidís sin ré linn

gearr fa sochar iad d’Éirinn.


82 Ní mar é do cheangail Brian

síothcháin Éireann thoir is thiar

níor ráinig dá díbheirg so

oiread cloinne Duinn Déasa.


83 Ní hionann táirtheas leo an chríoch

níorbh ionann fós a dá síoth

ní ar fhlaitheas Bhriain sgríobhthar soin

trian fhear Éireann re foghail.


84 Ní íarrtha breis do bhuain dínn

a los Conaire ná a shíl

dá n-antá rinn i modh cheart

acht go léightear a gcoimpeart.


85 Níorbh fhearr Cormac re cheart féin

do déanamh cúise go réidh

ioná Brian i gcúis córa

ag leanmhain luirg chanóna.


86 Do Chonn is meisde a mhaoidheamh

a chomaoin ar chrích nGaoidheal

an chomaoin nach é do chuir

’s a bheith ar beagán sochair.


87 Dámadh é Conn mar nach é

do gheabhadh róid go teach Té

d’Éirinn fá beag sochar soin

téighthí gan iad go Teamhair.


88 Muna páirteach na rúinibh

d’fhollamhnacht Dé ar a dhúilibh

mheasas tusa bheith do Chonn

créad dó mhaidhm loch nó abhann.


89 Cur mór gcath istigh sa tír

ní céim as ionmhaodhte ar rígh

amhail maoidhtear libhse ar Chonn

’s gan éin-ghleo i n-aghaidh eachtronn.


90 Mar sin gurbh fhearr Brian a-bháin

mar ghein shochair d’Inis Fáil

nás an triúr áirmhe a Lugh

’s a n-áireamh go n-a sochar.


91 Más í sin do chairt as fhearr

ní cairt í as a beithte teann

ionann daoibhse bheith gan chairt

na neithe taoi do labhairt.


92 Ní hiad féin rod-chuir na fáis

teasgadh coille ní céim cáis

maidhm loch go suaithnidh nó sreabh

ní dhearna duine acht dúileamh.


93 Tuigthe do chách dá bhrigh sin

an chairt as fearr luaidhtear libh

do chairt oile nach fiú a meas

mar nach fiú ise a haighneas.


94 Tomhaidhm loch tomhaidhm aibhneadh

fás crann mbláith-thorthach mbarr-gheal

gibé rí ar a bhfuighe a bhfios

ná tuig dhó acht a n-oireas.


95 Más oighreacht dhí-se is dá síol

an teacht sin Teamhra na ríogh

mó as luath ráinic a sealbh sin

dá éis cúigear mac Éibhir.


96 Sul táinic céad do thrí chéad

i ndeaghaigh Iughoine d’éag

Mogh Corb d’fhine Éibhir Fhinn

do ba láin-rí é ar Éirinn.


97 Feadh sé nglún na dhiaidh dá shíol

gach neach dhíobh san suidhe ríogh

an gcreide go mbíodh ré linn

roinn mac nIughoine ar Éirinn.


98 Níor gairmeadh rí d’aoin-fhear uainn

gan neart Éireann theas is thuaidh

ríoghradh iomlán Mumhan Mis

cia an tórann tar nach téighdís.


99 Ar sgaradh riú don ghairm ríogh

ní hé Iughoine ná a shíol

tháinig d’fhoirneart orra is-teagh

acht tréin-shliocht Ír mhic Mhíleadh.


100 Mar sin is follus do chách

nach féidir go fíor a rádh

trí chéad bliadhan go raibhe

neart Banbha ag sliocht Iughoine.


101 Iarraidh cairte a hucht Tuathail

iongnadh aniú ar Éirinn uathuidh

na ré féin fuair Thuathal cor

’s ní hé a mhac fuair a ionadh.


102 Aithigh Tuatha tárla is tír

Sanbh Eochaidh is Foirbhrigh

orra do gabh Tuathal teann

agraigh sé orra a choingheall.


103 Níor mhair beo d’ard-chloinn Éibhir

acht aon mhacaomh caoin-chéillidh

’s é i n-am Tuathail d’fhagháil neirt

ó Aitheac Tuaith ar díbheirt.


104 Ná beir uaim nach fuair Féidhlim

seal dá aimsir ar Éirinn

a los a chloidhimh fuair soin

’s ní mar oighre i n-áit Tuathail.


105 Mó as lag an iarraidh garma

maol-ráta gan mhór-tharbha

gan ionnta acht mar gach n-ionadh

acht bheith seal ar suidhiughadh.


106 Gearr an seal thugsad fa chion

aithnidh dhúinn ar aon aniogh

cuid dhíobh gan buain aca ribh

acht foirneart athaidh d’aimsir.


107 Is fearr más i gcoimhmeas thiad

mar phortaibh oireachais iad

puirt shleachta Éibhir na n-each

Corcach Porlairge Luimneach.


108 Dá mbeith ní ar phortaibh áille

níor dhearmaidthe Dún gCláire

Dún Iasg Caiseal is Mín-mhagh

Áine Cliach is Ceann Coradh.


109 Aithcheodh bréithre nacharbh fhíor

bíodh go dtiocfadh tar béal ríogh

oircheas d’fhilidh gá mbiadh fios

dá mbeanadh ris an aighneas.


110 Tar ceann a dtagrai-se a Lugh

’s congnamh Néill id cheann do chur

a ghairm do cheart ní fhéad sibh

an-fhlaith Teamhra d’fhuil Éibhir.


111 Eachtrainn plágha ná gorta

na bhflaitheas feairrde a sompla

do theacht ré linn níor léigh sibh

doirbh an-fhlaith dhíobh do dhéinimh.


112 A bhfuil is feasach do chách

biaidh cuimhne a soi-ghníomh go bráth

níor cheart an-fhlaith do ghairm dhíobh

ní léightear orra do doi-ghníomh.


113 Rígh mar fhoirneart tuile ag teacht

imreas a gceart mar a neart

go bhfiadhain d’eolchaibh maithe

is riú ar ionráidh an-fhlaithe.


114 Admhaid Torna na dán féin

méad a sgátha re bhfeirg Néill

iongnadh dhuit-se a shéana soin

mar gach séana dot shean-dhúthchas.


115 Taosga as dúthchas d’aicme Ír

Cúige Uladh na n-eang mín

ionás Luachair ard úr-chas

bádhach neach ré shean-dhuthchas.


116 Tuigid lucht tuigse tromdha

an leath thuaidh dán díobh Torna

a bháid riú nár dhearmaid soin

tré bheith i Luachair Deaghaidh.


117 Dá ríomhthar rígh reampa a-raon

na nglúinibh díorgha ar gach taobh

ní fhuighe Torna agus Lugh

do bhreis ag Niall dhá cheathrar.


118 Cuid don bheagán breise féin

do gheabhhaoi libh do thaobh Néill

do bhádar sinnsir Chuirc treall

coimh-thréan riú ar Inis Éireann.


119 Do chinn o Chorc ó gcorcair

ríoghradh as ró-mhó moltair

nás an droing áirmhe go teann

uaibh i n-oireachas Éireann.


120 Ní beag d’eisiomláir d’Éirinn

dála Néill Caille is Féidhlim

Niall do chur id ríoghraidh thoir

Féidhlim do chur ó chommaidh.


121 Fuair a ghruaidh ar gné mónann

d’ainm optimus Scotorum

teisd Fhéidhlim dá léighthear lat

léigh teisd Coluimb ar Chormac.


122 Léig a gcoimh-réim gan chéim tláis

léigh a dhá mbeathaid ’s a mbáis

fearr go mór d’fhiadhain iad so

ná duain Giolla Mo Dhubhda.


123 Mór gcúis dá ndéanamh taidhbhseach

do bheir bhar n-áireamh aidhbhseach

do ghéabhthar uaim bladh dá fhios

go nach raibh cách na ainbhios.


124 Triúr i n-éin-ré it áireamh ríogh

drong na gcúplaibh áirmhe dhíobh

déanamh nuimhre suas mar sin

ní ceisd é d’fhior a n-áirimh.


125 Do gheabhtha ré léigheamh uaim

i gcuid dod dheigh-leabhraibh thuaidh

beag nár léigthe dhamh um thosd

comh-fhlaith ceathrair i gcumosg.


126 Mar sin áireamh do ríoghradh

nach congnamh a mbeith líonmhar

do bhrígh go n-áirimhthear libh

uimhir trír ar uain éin-fhir.


127 Cúis oile as fhollas do chách

inneosad ní sgéal gan fháth

th’iomad áirimh ríogh a Lugh

do theacht do chúis nach iongnadh.


128 Teamhair Bhreagh i mbídís rígh

ar bhar gcuid-se thuaidh don tír

ní lamhmaois acht le ró neirt

stiúradh an ard-phuirt oirdheirc.


129 An tráth nach teagmhadh rí dhínn

ná d’fhuil Luighdheach ná d’fhuil Ír

is in teagh sin Teamhrach Breagh

bheith dhíbh féin ann níorbh aisdear.


130 Rí Éireann do gairmthí libh

don tí fá treise ar an tigh

tar ceann freasabhra ris soin

ó bheith i dtreise ar Teamhraigh.


131 Gairm ríogh Éireann do ghairm dhíobh

gan gabháil giall gan cuaird ríog

ná tuig d’Éirinn ní sa mhó

fán ngairm acht pars pro toto.


132 Dá dhearbhadh sin féacha féin

mar deir ceart gach ríogh go réil

rí Ua Néill madh neartmhar sin

nach dligh ceart do rígh Caisil.


133 Tuigfir as sin mádh áil uaim

nach iomlán do ríoghradh thuaidh

ní hiomlán Éire mar sin

más cuid d’Éirinn rí Caisil.


134 Dearbhadh oile ó bhfuighe a bfios

ughdair annála is oireas

is eadh sgríobhaid orra amach

i ngairm na ríogh rí Teamhrach.


135 Mór ndearbhadh ré chur na cheann

gidh searbh sin sloinnfidhear leam

ar ghairm ríogh do ghairm don dreim

ar thaobh re hurruinn d’Éirinn.


136 Ní lughaide áirmhe ar Chonn

tríocha bliadhan ar an bhfonn

dhá dtrian na mbliadhan nár lamh

buain don roinn do bhuí ag Eoghan.


137 Cormac ceathracha bliadhan

áirmhe ar fhód Éireann iath-ghlan

ní lughaide áirmhe soin

gan umhla aige ó Fhiachaidh.



138 Más ag triall ríghe Muimhneach

mar deir sein-leabhar cuimhneach

do thuit Cairbre i gcath Gabhra

níorbh é an rí gan fhreasabhra.


139 Rí d’ard-fhlathaibh fhola Chuinn

Flann oirdhearc mac Maoil-Sheachluinn

féach re mac Lonáin ná laimh

imbeirt cluiche ar Magh Adhair.


140 Ris na ríoghaibh uaibh do b’fhearr

ó’dchí ar mbeith-ne teann re teann

na rígh fa táire ionáid soin

ná ro-mhaoidh oirne a Lughaidh.


141 Dá dtiomnadh neach ní nach leis

dá chloinn créad a bhrígh nó a bhreis

dá dteagmhadh mar a tharla soin

sealbh agus ceart na n-aghaidh.


142 Tugas freagra ar th’áireamh ríogh

ní bhiú ag leanmhain air do shíor

léir do chách lé dtuigtear soin

iomthús do ríogh a Lughaidh.


143 Féach nach déidheanach dhúinn féin

i neart Banbha ná d’fhuil Néill

an tsealbh nach tugamar dhóibh

d’iarraidh orra fá éagcóir.


144 Rígh ba neartmhaire ná Brian

nochar geineadh riamh ó Niall

ar thiomna Néill dá mbeith cion

níor le Brian flaitheas Gaoidheal.


145 Do ghabh Donnchadh deagh-mhac Briain

bráighde re humhla na dhiaidh

Laighean Midhe is Muighe Bhreagh

tar tiomna Néill do rinneadh.


146 Do chaith sin dá bhliadhain déag

tar tiomna a ndeacha uaibh d’éag

mac mhic Bhriain Toirdhealbhach teann

i ríghe os fhearaibh Éireann.


147 Tug Muircheartach triath Muimhneach

clocha Oiligh go Luimneach

ag bhar dtiomna níor ghabh cead

buan a ríghe ré fichead.


148 An Éirne aithnidh dhuit-se

áit choinne Thaidhg Caoluisge

tiomna Néill nochar fosdadh

an lá thug Tadhg tuarasdal.


149 Adeirim-se ribh-se a-rís

bíodh go gcuirfidh oraibh sgís

go raibh ní sa mhó ná leath

d’Éirinn ag Eoghan Taidhleach.


150 Créad nár áirmhis tríochaid céad

sul do churthaoi im leith-se bréag

mar táid sgríobhtha ó ré na sean

munar lór áireamh cúigeadh.


151 Meastar na hocht dtriochaid dhéag

atá i Midhe go líon séad

gar go bhfuil a oiread soin

dar dtaoibh uaibh do Chonnachtaibh.


152 An cúigeadh sin cloinne hÍr

chuire mar thaidhbhse i nbhar dtír

a dtugadh dhó do breith ghill

ní don chlár acht dá fhoirinn.


153 Maith fuairsead filidh Banbha

arbh féidir leo do labhra

re cloinn Ír seach gach cineadh

níor chumaoin nár cúithigheadh.


154 San chúigeadh thuaidh is eadh thig

cúig tríochaid déag ar fhichid

áirimhthear a oiread soin

ann gach chúigeadh don Mhumhain.


155 Ar chuid Eoghain Mhóir na séad

do réir áirimh tríochad chéad

beag nach fuil do bharr tar leath

más breis dó cúigeadh Laighneach.


156 Ranna do fhromhadh bhar bhfis

fada ón adhbhar gan buain ris

áireamh do mhín-leithe Chuinn

do dhéanamh mar leith chomhthruim.


157 Na ranna ráidhe roimhe

ranna iad do réir toile

níor gairmeadh díobh romhad riamh

mar ainm ceirt-leath nó ceirt-thrian.


158 Rainn shíl Neimheadh diongna a rádh

trí deichneabhair líon a slógh

gan fos ó ionadh d’ionadh

gan anmhuin re háitreabhadh.


159 An sliocht do b’fhearr iar Neimheadh

do rainn Éirinn fa dheireadh

ór fhássad naoi rígh don druing

ar a rainn is eadh fhanaim.


160 Rainn toile do rónsad sin

dhá mhac Eibric mhic Éibhir

rainn chomh-throm ní hiarrtha d’fhior

idir shóisear is shinnsear.


161 Ós é Mogh Nuadhad fuair comha

ní leath Fraoich acht leath Mogha

ainm na leithe as mhó ná leath

bhí ag tréan-Eoghan Taidhleach.


162 Mar do chanais tréan Eoghain

do Fhraoch thug leis na dheoraidh

d’Fhionnmhall d’Fhiacha Casan can

gach treise dár ghabh Tuathal.


163 Is follus nach dearnas trom

féach mar deire féin ar Chonn

a amus ar maidin mhoich

is Eoghan ar a leabaidh.


164 Dá gcurthaoi fógra catha

uair reampa i gceann na flatha

follus lé ndearna ar a shuan

nach biadh a éag ré iomluadh.


165 Ní hiongna aniú go dána

séana a ghníomh ar Lugh Lágha

so séantaoi air féin san chath

tuitim ris trí rígh Ulltach.


166 Ní ar Laighnibh acht ar Mhumhain

do iarr Cormac a chumhail

do bhrígh gur le Lugh do thuit

Art Aoin-fhear athair Chormaic.


167 Munab é Lugh do mharbh Art

créad fár iarr Cormac a mhac

re hucht catha Criona ar Lugh

ceann ríogh i n-íoc a athar.


168 Níor chuir Lugh fá tréan i dtreas

is rinn gaoi Chormaic ré chneas

’s níor chuir Cormac go gcuimhne

bás Airt i leith Líoghairne.


169 Mar sin nach féidir a chur

marbhadh Airt Aoin-fhir tar Lugh

muna bhfuil teisd as fhearr lat

ioná Lugh agus Cormac.


170 Na heachtrainn thugsad leo a-naill

an dá Lughaidh nár thréith bann

d’oireamhuin don dís tar muir

thangadar as a ndúthaigh.


171 Saobh an bhreath clú ghníomh a shluaigh

do bhuain don fhlaith bheireas buaidh

’s nach le a aon-láimh do ghabh

Alexandér an domhan.


172 Dámadh ar aon-láimh do bhiadh

maidhm chatha nó gabháil ghiall

ní raibhe i Mucroimhe ann soin

lámh ba meadh do láimh Lughaidh.


173 Ní sgríobhaid bhar n-eolaigh féin

do shíol Éireamhóin go léir

teisd Luighdheach mar a labhraid sin

a shamhail do ghlún gaisgidh.


174 Mo náire a Lughaidh a luadh

mar thig tú tar Caoille an Druadh

éigin damh dá chlaochlódh soin

fírinne an sgéil do leanmhuin.


175 Cormac féin thug leis a tuaidh

draoithe d’iarraidh beirthe buaidh

dár thráighsead uisge Mumhan

ceathra is daoine ar dtiormughadh.


176 Dealbhaid mar sheasamh dá spairnn

caoire ris nach gabhdaois airm

más maiseach an iarraidh neirt

dod rígh onórach oirdheirc.


177 Cuirid sluagh Muimhneach a-muigh

fios ar an sean-draoi Mogh Ruith

dá bhfuair d’fhearann feasach dhuit

ar chosg draoidheacht druadh Cormaic.


178 Coisgis Mogh Ruith ceird na druadh

’s ar a shon do ghlac a luach

Fiacha Muimhneach do chlaoi a neart

níor chlaoi Mogh Ruith acht draoidheacht.


179 Ann ngach ionadh theas is thuaidh

i bhfuil sgríobhtha sdair an tsluaigh

ar a n-abraim an-oise

tógbhaim í mar fhiadhnaise.


180 Gion gur mhaoidheas bás Chairbre

lem shaighdibh amhail shaighde

do bhéar rann dá dhearbhadh soin

ó ughdar aosda eagnaidh.


181 An rann-sa a déar im dheaghaidh

muna bhfuil leat do mheabhair

do ghéabhtha léigheamh leam

i gcuid d’ard-leabraibh Éireann.


182 Ag triall ríghe Muimhneach mas

ba foirneart an flaitheamhnas

le Mogh Corb mac Cais chreachaidh

do chear Cairbre Lifeachair.


183 Do gheallas gan maoidheamh éacht

an dá drong sin go líon gcréacht

goin Mhogha Corb Chríche Mis

is tar ghealladh do mhaoidhis.


184 Coimheollad mo ghealladh féin

gan maoidheamh éacht ar do fhréimh

ó nach é a ndéanamh do b’fhearr

mar onóir do chrích Éireann.


185 Fearr mar mholadh dhóibh a-raon

ná maoidheamh éacht ar gach taobh

gach rí ar a bhfuighthear a bhfios

fír-bhreatha soi-ghníomh suaimhneas.


186 Cuimhnigh féin ar léigheadh lat

an bhfeadur cia fil uasad

tabhair súil thart ar gach taoibh

ainic nach claon do chathaoir.


187 Déanta dhuit dála Néidhe

it aghaidh ó táid tréidhe

féacha féin an mór ré meas

cóir it aghaidh aois oideas.


188 Ar ghrádh druinge theas nó thuaidh

ar a ndiom-buaidh nó ar a mbuaidh

nár fhágbha sinne dár n-éis

ní badh ain-bhfíor fé fhaisnéis. ÉISD.