firstLine"; ?>

849. Eisd rem fhuighlibh a Athair $
Length: short 14 qq
Certainty: 5
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
  2. R.I.A. 2 (23/F/16) O Gara MS 1655-9
  3. BL Eg. 111 F OScannail 1818 trnsc RIA2
Prints:
  1. text DiD no. 25
Motifs:
  1. Envoi to saint (BVM)
  2. the Trinity
  3. use of legal terminology
Poet Christian Names:
  1. Eoghan (?) (Brit. Lib. Eg. 111)
Poet Surnames:
  1. MacCraith
Patron Christian Names:
  1. Trinity
Patron Surnames:
  1. saint
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Éisd rem fhuighlibh, a Athair


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 25]


Eoghan Mac Craith .cc.


1 Éisd rem fhuighlibh, a Athair,

cuir inn tar eol mearachaidh;

suil leanas sé an chalann chuil

go mbé an t-anam ar th’ionchaibh.


2 A Athair an Mheic mhuirnigh,

iarraim ort an athchuinghidh

mar theagh i n-anáir t’oidhre

neamh d’fhagháil dar n-anaim-ne.


3 A Athair Críosd cumhdaigh mé,

as do láim ná léig sinne,

’s a Mheic do-chuaidh tar ar gceann

do ghleic i n-uaigh ’s i nIfearn.


4 Ná léig sinn tar an slighidh,

libh-se is éidir m’fhóiridhin;

dá n-agra coir ’n-ar gcoinne

tagra ní fhoil agoinn-ne.


5 [Athair Mac is Spiorad Naomh]

Tríonóid is trí deighphearsain,

is creideamh dhóibh mar dhleaghair

creideamh dar chóir creideamhain


6 Gach pearsa ar leith ’n-a Dhia dhíbh

’s ’n-a rígh ard ós gach éinrígh

triur as lia iul is aithne

’s an triur ’n-a Dhia dhearsgnaighthe.


7 Is Éindia an t-Athair neamhdha

’s an Mac d’fhiodhbhaidh fhíneamhna

mór n-ionad [. . . . . . . .]

’s an Spiorad neartmhar neamhdha


8 Ionann iad d’aois is d’fhoghluim

triur fhóireas gach aondoghruinn;

ionann iul dóibh a-dearair

an triur dan cóir creideamhain.


9 Ionnta féin fuaradar sain

bheith ó thús ’n-a dtrí tamhnaibh

triur as lia ó bhfoighbhthe fios

[’n-a] Dhia fhoirbhthe gan fhoilchios.


10 Ní mé do thuill teacht ón tigh

ó dtugsad inn ar éigin,

achd fearta an té do threoruigh

mé ón eachtra aineolaigh.


11 Créad as tús ná as deireadh dháibh

ní héidir a fhios d’fhagháil,

gidh iad féin a bhfréamha sain,

a sgéala go léir dá leantair.


12 Sé féin is fréamh don Athair

’s don Mhac rí gan fhréamhfhachain;

don Spiorad Naomh iad mar-aon,

is iad a-raon ’n-a ríoghnaomh.


13 Ag so a-mháin maitheas an cheirt

trí pearsain aoinDia oirrdheirc

an tí ó dtoilltear gach teisd

rí ó sloinntear gach saoicheisd.


14 Agaill, a ógh, t’oidhre féin;

dom breith-se don bhrugh shoiléir

ón mbruidhin i mbí an phéisd

guidhidh an rí agus ro-éisd. Eisd.