Poem in printable PDF format
Eiséirghe do
éirigh Dia
[Bergin, Osborn:
Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 47]
1 Eiséirgi do
éirigh Dia
a críchaibh áilli
Aissia;
cuairt buadha ris
a mbádhuim,
nocha cuala a
comháluinn.
2 Crochait Idhuil
gan fhalaidh
Críst amar do
chualabhuir;
don fhir cuil
dobo cléguin,
bir isin foil
fhírénaigh.
3 Do cloidheadh
uadh dorcha dubh
d’Ísa Críst arna
crochadh;
do ládh cró uimpi
d’fheraibh,
tuillte dhó, dar
nDúilemain.
4 Da éirigh isin
tres tráth,
do lái ar
Idhaluibh anmfáth,
tosach rabhuidh
rug a dealbh,
tuc a aghaidh ar
ifearn.
5 Da chan tigerna
in toigi:
“Cuguib, beg in
brégoiri.
Mar do fhuair a
chalann crád,
a anam nárab
imlán.
6 “Éirgidh,
indlidh bar mbulga,
tógbhaidh suas
bur seanurda;
ná déntar uabar
oili
do bhualadh in
brégoiri.
7 “Misi do
aimsigh Eabha,
as a basuibh
bairr-gheala,
’s as a derc
ramhoill raglais,
fa abhoill in
imarbais.
8 “Da rugus léim
suas iar sin,
a richt nathrach
dom naithribh,
gur brégus Eaba
in mall mhór,
fa barr in feadha
ar n-élód.
9 “Da ráidhius
ria, rád fallsa,
’Gab a Eba in
t-uball-sa.
issiat ubla is
millsi amuigh,
do cubra innsi
Áduim.’
10 “Gabus Eba in
t-ubull bán,
tig a cert-leath
dá compán,
gur tuit a clann
’s a cineadh
ann, agus nír
inndligheadh.
11 “Do mheallus
Ebha is Ádhamh
gu garg neimneach
neamsádhal.
Buaidrim mar sein
port parrghais
do neim olc an
imarbais.
l2 “Mé fuair fós,
gid ferda a ghoim,
do síl Eba agus
Adoim,
do cosc a raith
eadh oili
fer braith ar in
mbrégoiri.
13 “Mé dorad”, ar
deman dub,
“sanus d’Iudas,
don easbul,
dom bheith cu
saidbir sealba,
dar tairbir a
tigerna.
14 “Mé do lá bir
’na bonnaib,
is deilg ina
dernonnaib;
gur fhágbus é a
n-adbhaidh dis,
agus cré a
talmain tairis.”
15 Gairit beag do
bámar ann
fan comrádh sin
do cansam,
ingnadh leisin
ngrinne ngorm,
do-rinne
fhinnmagh d’iforn.
16 “Créd in
tsoillsi si atá istoigh,”
ar clann
imneadach Ádhoimh,
“nach facamur
riamh roimhe,
acht gér cian ar
comnoide?”
17 “In mbiadh
Énmac Dé is dorus,”
do chan Ádhumh
ucht-sholus,
“do thabairt as a
fine,
mar atass ga
tairngire?
18 “Lá do cuir
misi mo mac,”
do can Ádum an
find-slat,
“gu parrgas nach
faghann fer,
na n-aball
mbarr-glas mbuin-geal.
19 “Gu bhfacaidh
uaidh in crann crín,
ar tuit misi is
mu mhóir-shíl;
gu faca
aeinlenabh ann,
data saeirleabhar
súl-mall.
20 “Do bhí in
lomán ón leanabh
gégach duilleach
doisleabar,
a meoir leabra ag
lúdh in croinn,
gu nderna úr don
abhoill.
21 “Táinic Seth
mu mac don mhuigh,
is misi ann re
aguidh,
scéla in croinn
’s an leanaibh leis,
do sloind tre
medhair mhileis.
22 “In leanabh óg
is sé soin,”
ar Ádamh, “atciam
cucoibh.
Benfaid d’feruib
crith is crádh,
rith in lenaib
’san lomán.”
23 Gairit dún ’na
degaid soin,
gur buail bas
Críst in comlaid;
do bí ciall isin
cogur,
in rí gur iarr
oslogud.
24 Sámh lesin
mbroid do bhí istigh
guth an carat do
cluinsin.
A mbrughaidh
nirsat brónuigh,
fa subhaig a
senóraigh.
25 Do
smuaineadar, aicned óg,
Dáibhíth,
Abraham, Ísóg,
do smuain Máisi
caemh ’s a clann.
taem báisi risin
mbas-crann.
26 “Cia doní in
guth mór so a-muigh?”
ar muinter ifirn
uathmhuir.
“Ciasa bas”, ar
gach fear fann
“do bean co bras
in bas-crann?”
27 “Is misi atá,”
ar Dia, “is dorus,
ná déntar orm
amorus;
slat na gloine ’s
na glóiri,
mac Moiri na
mór-óigi.”
28 Scibhit cách
uile tar ais
le homhan Ísa
fholt-chais;
do scáin in comla
’na cend,
nír comga dáib a
ndoicheall.
29 Do ling an
Tigerna isteach,
Énmac Muiri, Dia
dúileach,
ní raibhi ann-sin
guth ná glór
is-tigh acht uch
is ochón.
30 “Éirghidh suas
in bhar suidhi,”
ar Ísa, ar ar
n-oeguiri.
“Maith do
slánaigh Anna ibh;
a danna Ádhaim,
éirgid.”
31 “Sín in láimh
uait, a Áduim,”
ar mac Dé, “gu
deglámhaid.”
Sínus Ádam in
láim luinn,
gur báidh álad in
ubhuill.
32 Gabus Ebha err
Ádhuimh
gu daith is gu
deglámaid;
gabhus cách uili
Eabha;
nír tráth duini
droichsheadha.
33 Tic leis a
muindter amach
go sobrónach, go
subach;
síl nÁdhuimh ar
gach n-achad,
re sáluibh a
senathar.
34 Atáit dáine ga
rádh rind
d’feruibh
lóghmhura in léghinn,
nach tuc as acht
drong do dligh,
in cass donn dona
dáinib.
35 Dáine ele rind
gá rádh,
ag nach fuil
credemh comhlán,
nach fuil duine,
geal ná gorm,
nochar ben uile a
hiforn.
36 Tuc i lláim
Michil a-muigh
in imerci sin
Ádhuimh,
téit budhéin ina
degaid,
gan dréim gusan
nDúilemain.
37 An Dúileam go
a ndechus ann,
is in Mac sin ro
molsam,
gu tuga buaidh
’nar mbél-ne
ón uaigh is ón
eiséirghe.