firstLine"; ?>

852. Eistidh a eigse Bhanba/re hiomraidh na healadhna $
Length: long 43qq
Certainty: 1
Period:
  1. 14th mid c. 1336
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. Historical
Manuscripts:
  1. RIA 1080 (B/iv/2) M.O Cleirigh 1627-8
  2. NLI G 131 Cuchoigcriche O Cleirigh
  3. Bruss. Bib.roy.2569-72 M.OClerigh 1630
  4. Cambr. Add. MS 3084 17th cent.
  5. TCD 1378 (H.5.6) - ? O’Reilly 17th c.
Prints:
  1. (Filidh & Filidheacht Chonnacht pp. 12-19)
Motifs:
  1. Function of poetry
  2. reim rioghraidh, regnal list
  3. functions of kingship
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh B.(NLI G 131;Bib.roy 2561-72
  2. Torna (NLI G 18)
Poet Surnames:
  1. O Maolchonaire (D.bacach m.Tanai.. RIA 935)
  2. O Maolchonaire Finghin O’Mag RIA 785 insert
Patron Christian Names:
  1. Toirdhealbhach mac Aodha
Patron Surnames:
  1. O Conchobhair d. 1345
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Éisdidh, a éigse Banbha, re hiomrádh na healadhna


[T. Ó Raghallaigh, Filí agus Filidheacht Chonnacht (Dublin, 1938), 12-19]


Donnchadh Bán Ó Maolchonaire cct.


1 Éisdigh, a éigsi Banbha,

re hiomrádh na healadhna;

leanam mar do-chlas dár gceird,

beanam a glas don Ghaoidhilg.


2 Gá líon rígh sloinneam go séimh

do chosain Cruacha chlaidhréidh;

maith mé i gcomhleanmhain na gcath

ó ré Toirdhealbhaigh Teamhrach.


3 Go mac Aodha bhus buan bladh

go Toirdhealbhach cláir Cruachan

gá líon fear dár bhféin uile

do lean an Réim Ríoghraidhe.


4 Muna bhfuil agaibh eolach

a leabhraibh go láintreorach

ro budh chúis eagla d’fhilidh

ar bhfreagra san phrímhshlighidh.


5 Ní misi an file fallsa

ní bhfuil ainbhfios oramsa

gá tír nach clas coinnle Breagh

ní bhfuil glas oirne a n-áireamh.


6 Inneosad dhíbh mar dhleaghair

ar síl meanmnach Muireadhaigh

re a ngairm go fíor mar do-feas

ainm gach ríogh is a reimheas.


7 Ó Thoirdhealbhach na dtreas dte

go Toirdhealbhach Óg oile -

nír fhéad cliar a seachna sin -

triar agus ceathra cúigir.


8 Dá fhichid bliadhain beacht leam

agus a deich leo luaidheam

do bhí Toirdhealbhach go teann

’na rígh os fhearuibh Éireann.


9 Dá bhliadhain déag Ruaidhrí réidh

’na rígh Éireann gan oilbhéim

ba flaith gan fheall gan omhan

gur chaith ’na cheann Conchobhar.


10 Rígh Connacht re headh oile

Conchubhar Mór Maonmhoighe,

do réir gach riaghla mar soin

sé bliadhna is blodh do bhliadhain.


11 Ar ndol Conchubhair creachaidh

ar n-éag Ruaidhrígh roisgleathain

ciumhsa chláir Chruachain na gceard

do chosain Cathal Croibhdhearg.


12 Tré ríghe Cathail na gcath

bliadhain do Chathal Charrach

cosnais an cóigeadh gan cheilg

i n-aghaidh Chathail Chroibhdheirg.


13 Ríghe an Chroibhdheirg fa sáimh soin

ar dtuitim Chathail Charraigh

sé bliadhna déag dhó budh-dhéin

ar fhichid bliadhain bláithréidh.


14 Do bhí Ráth Cruachna na gcath,

iosdadh inghine Eachdhach,

ceithre bliadhna - beart gan cheilg -

ag Aodh mhac Cathail Chroibhdheirg.


15 Aodh mhac Ruaidhrí an ruathair mhir

cúig bhliadhna os cionn an chóigidh

gur thuit - easbaidh gach imil -

an fearsoin le Féidhlimidh.


16 Mac Ruaidhrí, rí Rátha Breagh,

Toirdhealbhach Tighe Tailltean

(mór bhfear do theich re n-a threas);

bliadhain go leith a fhlaitheas.


17 Beanois Féidhlimidh flaith Lí

Connachta do chloinn Ruaidhrí,

rígh an tsluaigh an t-óigfhear go n-ágh

fuair an cóigeadh go comhlán.


18 Éirghis Féidhlimidh tré fheirg

mac Aodha mhic Cathail Croibhdheirg

do bhí bliadhain fó dheaghrath

neart na tíre ag Toirdhealbhach.


19 Do chosain Féidhlimidh fial

Connachta arís toir is tiar

ré triochad bliadhna go mbladh

is trí bliadhna do bhliadhnuibh.


20 Naoi mbliadhna don Aodh Eangach

ag cosnamh Teallaigh Teamhrach

níor bhfann re faghail an fear

i n-aghaidh Gall is Gaoidheal.


21 Mac Ruaidhrí ’na rígh ráithe

do ghéig Bhreagh níor bhuanshnáithe

do rad sluaigh Oiligh gan ar

an oighidh do fuair Eoghan.


22 Aodh mac Cathail cródha a smacht

do chosain cóigeadh Connacht

caoicidhis d’úa Chréidhe mar soin

ina chéile do Chruachain.


23 Ó Conchubhair Cluana Cath

mac Toirdhealbhaigh trí bliadhna

cách fó ríghe do réir Taidhg

géill gach tíre do thiomairg.


24 Mac ag Féidhlimidh na bhfleadh

Aodh Muimhneach Moighe Maisdean

ceithre bliadhna ós Moigh Meadhbha

’na thriath is ’na thighearna.


25 Mac Conchobhair ríoghdha ruaidh

fa rígh Connacht theas is thuaidh

leith bhliadhain is a seacht soin

ríghe Chathail ar Chruachain.


26 Ó Conchubhair an chneis ghil

mac meic Muircheartaigh Muimhnigh

cúig bhliadhna go leith re a luadh

ba rígh Maghnus na marcshluagh.


27 Ar chóigeadh Chonnacht fa rí

mac Eoghain Mhóir mic Ruaidhrí

Aodh Ó Concubhair chláir Breagh

sé bliadhna déag don deaghfhear.


28 D’éis Aodha adhbhal an gníomh

bliadhain a haithle an airdríogh

cóigeadh Connacht ceann a gceann

do bhí na cogadh coitcheann.


29 Éirghis mac Aodha Eangaigh

Féidhlimidh a finnTeamhraigh

cúig bhliadhna do bhile Breagh

’na rí glan moighe Gaoidheal.


30 Do bhí mar do bhí a athair

i gCruachain Chuinn Chéadchathaigh

go dtáinig luingeas re a linn

d’fhearuibh Alban a nÉirinn.


31 Ríoghthar mac Cathail na gcreach

Ruaidhrí fearchonta fuileach,

flaith Fáil fa rígh go riaghail

an tír ’na láimh leithbhliadhain.


32 Ar marbhadh Ruaidhrí an ruisg mhoill

d’Fhéidhlimidh Cheisi Coruinn

léigthior an tír thiar is toir

leith-bhliadhain dó ’na dheaghaidh

gur thuit arís re gáibh Gall

Féidhlimidh chríche Chualann.


33 Ríoghthar mac Donnchaidh ’na dhiaidh

Ruaidhrí nachar ghabh ó ghliaidh

fa hé a reimheas - ní rádh slim -

ráithe go leith mar luaidhim.


34 Mac Aodha an t-oighre fíre

toghthar é san airdríghe

Toirdhealbhach ar ngabháil giall

bliadhain do chách do choimhriar.


35 Da tháinig go Cruachain Chuinn

Cathal mac deabhthach Domhnuill

dár ghluais go fosaidh an fear

cuairt dar chosain an cóigeadh.


36 Sé bliadhna go leith ’na láimh

cóigeadh Meadhbha Mhuighe an Sgáil

gur thuit Cathal chláir Teamhrach

i dtachar le Toirdhealbhach.


37 Toirdhealbhach Óg fhoghlas groidh

choiseónas Banbha mbraonuigh

as iad sin go réidh roimhe

a bhfuil san réim Ríoghraidhe.


38 Ó do ghabh Teamhar Dá-thí

Toirdhealbhach Mór mac Ruaidhrí

dhá chéad bliadhain ní bréag damh

éan bhliadhain déag ré a dearbhadh.


39 Go Toirdhealbhach Óg gan fheall

go hadhbhar ardrígh Éireann

ag sin uaim tre dheighfhios daoibh

a reimhios uile d’éan taoibh.


40 Do rinneas mar is dual damh

seanchas ríogh Rátha Chruachan

a deilbh tre dligheadh dá éis

is feidhm fileadh a aisnéis.


41 Toirdhealbhach Óg aonaigh Breagh

adhbhar ríogh na gcóig gcóigeadh

riarfa im gach fáidh flaith Gaillmhe

budh maith cách ón chomhairle.


42 Budh díon tuath budh cabhair ceall

neart Toirdhealbhaigh ’na dtimcheall

faoidhfidh Éire dhá leas leis

ba deas d’úa Chréidhe an caoimhfheis.


43 Ardeasbog taoibhgheal Tuama

a comh-maith nocha chuala

do ghabh go haobhdha teann toir

mac Aodha ceann ó Cosgraidh

fear raith a léighinn a-le

ní bhia i nÉirinn dá éise. ÉISDIGH