Poem in printable PDF format
Éisdidh, a éigse
Banbha, tabhraidh dhúinn uain agallmha
[McKenna, L.
Iomarbhágh na bhFileadh (Irish Texts Society, vols 20, 21,
1918), poem 28]
1 Éisdidh a éigse
Banbha
tabhraidh dhúinn
uain agallmha
go labhra sinn
sunna seal
do shliocht Ír
mhóir mhic Mhíleadh.
2 Do tógbhadh
iomarbháidh uaibh
a éigse Banbha
theas is thuaidh
eatorra féin ’s a
síol seal
Éireamhón ard is
Éibhear.
3 Tabhraidh
dhóibh-se a seal féin
do chlannaibh
Rudhraidhe réidh
congbhaid anos
an-allan
tosach éigse is
ealadhan.
4 Comaoin
d’éigsibh Inse Fáil
báidh re clainn
Rudhraidhe ráin
mar thugsad dóibh
ima le
tós is deireadh
gach duaine.
5 Dá dtugdaois
fós do shliocht Ír
éigse Banbha níor
thathaoir
tús agus deireadh
gan chleith
is rann láir
gacha duaine.
6 Muna mbeidís is
dearbh sin
síol Rudhraidhe
roighne an ghaisgidh
ní bhiadh
dhíobh-san go bráth mbinn
fiú na crithre
san choigill.
7 Do chruinnigh
go Ceann Trágha
dá chéad déag
d’éigsibh ána
dá gcur tar sáil
eing a heing
’s gan tocht tar
ais go hÉirinn.
8 Tiaghaid Clann
Rudhraidhe ruaidh
eidir a ndeas is
a dtuaidh
d’fhosdadh na
bhfileadh fíor soin
d’aimh-dheoin a
raibh na n-aghaidh.
9 Eidir-ghleo na
cúise sin
do fosdadh fós na
filidh
choinmheadh trí
mbliadhan iar soin
do radadh dhóibh
ar Ulltaibh.
10 Feacht oile
d’Athairne ard
an t-ollamh glan
gréasach garg
i mBeinn Éadair
do ghabh teach
láimh re
leath-bhord na Laighneach.
11 Fa chosaibh a
chaorach soin
do rónadh cliatha
caolaigh
le laighnibh do
láimh Lighean
Áth Cliath uadh
do hainmnigheadh.
12 Ag Athairne
thall na theach
bhádar trí
chaogait loilgheach
’s ní raibh do
theaghlach na thig
acht madh uathadh
dia éigsibh.
13 Fuighleach a
lachta gach laoi
ris an mbeinn do
bhuí ré thaoibh
d’eagla sásaidh
aoin oile
do dhoirteadh
uaidh Athairne.
14 Ar mbreith
ainbhreath ar Laighne
d’Athairne nár
cheil ainmhe
do chruinnighsead
thiar is thoir
dá dhíochur a
Beinn Éadair.
15 Cuiris
Athairne ba thuaidh
fios ar chloinn
Rudhraidhe ruaidh
dia rádh riú ag a
dtighibh
teacht a dtuaidh
dia fhóiridhin.
16 Tig Conchobhar
ceann an tsluaigh
gluaisid Ulltaigh
leis ar n-uair
go Beinn Éadair
níor hanadh
cian bhus buan a
bhioth-ghalar.
17 Cuirthear
seacht gcatha cródha
re seacht
láithibh lán-mhóra
eidir Ullta iolar
cneadh
is laochraidh
láimh-dhearg Laighean.
18 Do loiteadh
tra san toghail
óg-mhac do
chloinn Chonchobhair
’s a lán dá
macaibh míolla
dá n-aos óg nárbh
inghníomha.
19 Cuiris Fínghin
fáith-liaigh uaidh
teachta go
hAthairne ar n-uair
ian do lacht gur
ro-fhaoidhte
gus na hóga
ath-ghaoithte.
20 Mar do chuala
an aisgidh
gabhais fearg dá
fhíor-chlaisdin
doirtis an
leamhlacht go luath
síos gus an sáile
searbh-ruadh.
21 A-dubhairt fós
go frithir
dá dtigdís dom
fhóirithin
nocha dtiubhrainn
mír dom biadh
d’fhearaibh
Éireann ar aoin-rian.
22 Nochar thuill
Athairne cruaidh
cumann na laoch
ón Chraobh-ruaidh
an éigse bhí leis
go glan
’s ní hé féin do
chosnadar.
23 Ag sin fachain
an chatha
do thugsad
mór-shluagh Macha
ag Beinn Éadair
go líon sleagh
is laochradh
loinn-mhear Laighean.
24 Ríomh réadlann
nó gainimh ghil
feoir faithche
duille ar dhairghibh
lámh fa ríomh a
sochar sin
deigh-shliocht Ír
do na héigsibh.
25 Sul tángadar
tar sáile
ocht mic Mhíleadh
Easpáine
le hÍr do
chosnamh cána
tosach troda is
teagbhála.
26 An tan
tángadaar ar tós
mic Mhíleadh fa
hoirdhearc nós
trí fichid long
líon an tsluaigh
ag teacht go
hÉirinn arm-ruaidh.
27 Deich longa
fichead go fíor
buí fa lucht
gaisgidh dá ndíon
tríocha long
luchtmhar oile
fa mhoghadhaibh
mór-oibre.
28 Dá fhichid
taoiseach gan léan
ag triall
dóibh-sean nocha chéal
do chosnamh
Éireann an-all
re Thuaith
dealbhdha Dé Danann.
29 Ar dteacht ar
radharc Banbha
do rónsad
coimhling chalma
’s rug ar ráimh
léim go luinne
taoiseach gacha
tréan-luinge.
30 Do ling long
Ír rompa i bhfad
mar urchar
saighde a fiodhbhac
gur chronaigh
súil Éibhir Dhuinn
lúth na luinge ar
an luath-thuinn.
31 Más tré thnúth
a-dubhairt Donn
nó do bhrosdadh
na laoch lonn
biaidh uainne go
bráth ag Íor
tús ar gcreach is
ar gcaith-ghníomh.
32 Brisis Ír an
ráimh reamhair
tuitis siar fán
luing leabhair
le n-a bharc mar
sin sínidh
gur bhrúidh corp
an chaith-mhílídh.
33 Téid d’éag an
oidhche sin féin
Ír mac Mílidh an
airm ghéir
’s do claoidheadh
feart dá thaoibh thais
i Sgeillig
adh-fhuair Iorrais.
34 Is é sin fa
deara dhó
gan a ainm do
dhol níos mó
fa Inis Fáil na
bhfleadh-ól
mar Éibhear mar
Éireamhón.
35 Éibhear mac Ír
ard a bhladh
gérbh óg iar
n-éag a athar
rug ó chloinn
Míleadh a-mach
cóige Uladh
oll-bhladhach.
36 Éibhrioc mac
Éibhir mhic Ír
ba dia chloinn an
dias deigh-rígh
Cearmna ’s
Sobhairce go ngoil
dá chéid-rígh
Éireann d’Ulltaibh.
37 Cóigear ar
fhichid uile
ó Ír san Réim
Ríoghraidhe
oiread ré dhá
n-urdail soin
fuairsead do
théarma ar Teamhraigh.
38 Móir-sheisear
dhíobh dearbh an dáil
do ghabh ríghe ar
Banbha bháin
mar áirmheas réim
an rolla
gan neach oile
eatorra.
39 Ollamh
Fionnachta go rath
Slánoll Géidhe
Oll-ghothach
Fiachaidh Oilill
Armghaoth ros ghabh
agus an
badhbh-laoch Bearnghal.
40 A seacht
tríochad ’s céad bliadhan
do bhí Banba gá
riaghladh
ag an ndroing-se
do shliocht Ír
gan teacht
eatorra d’éin-rígh.
41 Mar do ríomh
sibh go hiodhan
áiréomhad uathadh
d’iolar
gidh aithnidh
d’Éirinn uile
do shochar shíl
Rudhraidhe.
42 Ollamh Fódla
feardha i gcath
do
chéad-chumhdaigh Feis Teamhrach
is céadfaidh
d’ughdaraibh soin
gur uaidh
ainmnighther Ulaidh.
43 Géidhe
Oll-ghothach go n-aoibh
ar a ghlór níor
thuill tathaoir
guth gach fhir ré
linn gan locht
binnithir téada
meann-chrot.
44 Slánoll mac
Ollaimh amhra
an feadh fuair
flaitheas Banbha
níor ghabh
aoin-neach re a linn
saoth ná galar i
nÉirinn.
45 Fionnachta
Fionn fear an raith
sneachta fíona
fríoth na fhlaith
nachar shíon
fhuar ná fhrithir
gonadh uadha
ainmníghthir.
46 Is é do chreid
i gCríost chóir
ar tús riamh i
nÉirinn óigh
Conchobhar ceann
an chuire
dár shleacht ré
Magh Lamhraige.
47 Cia hí an
éin-bhean don deagh-fhóir
d’fhuil Éibhir nó
Éireamhóin
fuair flaitheas
éireann ar n-uair
mar fríoth le
Macha Mong-ruaidh.
48 Is í do
thórainn Eamhain
mar do thórainn
Tea Teamhair
nach béarthaoi a
barr ar theagh
le mnaoi do
macaibh Míleadh.
49 Naoi gcéad
bliadhan buí Eamhain
Lán do mhuirn is
do mheadhair
ó ré Mhacha mór
an rath
go ré Fearghusa
Fhogha.
50 Ní clos re
neach ríogh-ráith riamh
i gcrích Fhódla
thoir is thiar
i gcoimhmeas ann
re hEamhain
ar eineach ar
fhín-fhleadhaibh.
51 Ar ghreadhaibh
meara míne
ar
chairpteachaibh cóigcríche
ar éigsibh ar aos
gaisgidh
ar aos tuillmhe
’s tréan-aisdir.
52 Ar shíoda ar
shiric ar shról
ar éadach dathta
go n-ór
ar ghasraidh gan
fhuath gan fheall
ar ól ar imbeirt
fithcheall.
53 Níor diúltadh
riamh i nEamhain
éin-neach um
dhuais ná um dheabhaidh
’s níor hiarradh
troid uatha ar fhear
leo riamh ar
chuaird ná ar chuireadh.
54 Áirmhim-se
drong do shliocht Ír
do neoch nár
ghabh ríghe dhíbh
as mhó luadh gach
laoi dar leam
ná bladh
d’aird-ríoghaibh Éireann.
55 Conchobhar is
Cormac cóir
Conall is
Fearghus Mac Róigh
Cumhsgraigh
Cuchulainn nár clódh
Írial is
Laoiseach leann-mhór.
56 Laoghaire
Buadhach go rath
Rossa Feargna
Fear-adhach
Fionntain is
Furbhaidhe Fionn
Cealtchair
Conghal is Ceithiorn.
57 Fa díobh Bla
bhrugha nar bhaoth
Seancha Cathbhadh
is Conlaoch
Aonghus agus
Eoghan án
Naoise Ainnle is
Ardán.
58 Ní cás dó
tagra go teann
dá mhéad bhíos ag
cor na cheann
gibé d’éigsibh le
na háil
as deigh-shliocht
Ír iomarbháidh.
59 Fuasglaidh an
cheisd chuirfeas sinn
gibé uaibh lén
háil coinntinn
cá trian dob
fhearr don deagh-fhóir
síol Ír Éibhir
Éireamhóin.
60 Cia dhíobh fa
cruaidhe i gcath
cia dhíobh fa
buga i mbronnadh
cia dhíobh dá
ngoirthear ma le
ordóg i n-aghaidh
glaice.
61 Ní cóir
Ulltaigh do ghairm díbh
ní hiad fhuair ar
tús an tír
gé táid innte re
hathaidh
an sliocht-sa
Chuinn Chéad-chathaigh.
62 Faiceam i
n-aoin-tsliocht oile
calmacht cloinne
Rudhraidhe
cá bhfuil fós
caomhnuime gcuir
anos i n-aon
druing agaibh.
63 Eineach is
cumhdach cléire
’s gaisgeadh glan
a ngnáith-thréidhe
dá mbeith moladh
níos mó linn
ar domhan dóibh
do dháilfinn.
64 Is iomdha
cairt ag cloinn Ír
ar chrích Uladh
an fheoir mhín
na fir nar ob
gealladh gleodh
nach tig
d’éin-neach d’aithcheodh.
65 Gach
ríogh-ráith ó Thoraidh thuaidh
go Loc Laoigh na
mbarc mbeann-chruaidh
is ó Bhóinn go
Drobhaois ngil
leo do tógbhadh
fá dtighibh.
66 Sídh Aodha ós
chionn an chuain
is Eas áluinn
Aodha Ruaidh
ainmnighthear ó
aon don druing
Aodh Ruadh
bruthmhar mac Badhairn.
67 Do goireadh
Eas Craoibhe ó Chraoibh
seanchas fior a
bhfuighlim dhaoibh
dár thathuigh an
linn gan locht
inghean Eoghain
mhic Dhurthacht.
68 Soir ó
Bhladhma go Bearbha
do dhúthchas óg
na hEamhna
is ó Uisneach na
gcnoch bhfionn
go Loch
n-uar-thonnach nAinionn.
69 Le cloinn
Fearghusa Mhic Róigh
cúig Ciarraidhe i
Mumhain mhóir
no cóig Conmaicne
go ceart
’s na cóig
Ciarraidhe Connacht.
70 Corc Modhruadh
ó Chorc nár ghann
Corca Oiche Corca
Achlann
triúr mac
Meadhbha fir go ngart
Ciar is Corc is
Conmac.
71 Go ngabhthar
mo dhuan sa tós
ós é sin ó chéin
ar nós
d’iomarbháidh
thall i nbhar dtigh
a éigse Éireann
éisdidh. ÉISDIDH.