firstLine"; ?>

856. Eistidh re marbhnaidh Meic De $
Length: very long
Certainty: 5
Period:
  1. 13th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 1225 (D/ii/1) Bk Ui Maine c. 1394
Prints:
  1. transl. DanDe no. xxvi
Motifs:
  1. envoi BVM,Paul, John Bapt., Steph.Mich.
  2. imagery for Christ
  3. imagery for incarnation
  4. crucifixion
  5. The Crucifix, contemplation of
  6. gift of tears
  7. renunciation of the world
  8. saying the Hours
  9. poetry offered to God
  10. legal terminology
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh Mor (RIA 1225)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Apologue Subclasses:
  1. Events of Holy Week
  2. deaths of Twelve Apostles
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Éisdidh re marbhnaidh Meic Dhé


[McKenna, L.: Dán Dé: The poems of Donnchadh Mór Ó Dálaigh, and the religious poems in the duanaire of the Yellow Book of Lecan, Dublin, 1922, poem 26]


Donnchadh Mór Ó Dálaigh .cc.


1 Éisdidh re marbhnaidh Meic Dhé

dá creic ar talmhain go dtí

is tocrádh mór marbhnadh Dé

ní hé an brón gan adhbhur í.

2 A thruagha tabhraidh bhar n-óidh

re marbhnaidh as cuanna ad-chídh

marbhnat Dé ní treabhadh tnúidh

garmac dúinn é dleaghar dhínn.

3 Dleaghar dhínn marbhnadh truagh taoi

dá ghruadh gé ro marbhadh mé

ní marbhnat gan achain í

mo Rí is m’Athair daghMhac Dé.


4 A lucht an talmhan is truagh

bhar n-amhladh ar ucht bhar Ríogh

ionnsa a dhaoine toll ’n-a thaobh

laogh na bronn saoire is a síol.

5 Ionnsa treaghdadh a thaoibh ghil

ionnsa dhaoibh a dheargadh sein

[mór] gcneadh ar Mac Moire a-muigh

brat d’fhuil a chroidhe fá chneidh.


6 Ionnsa a throigh im thairnge bhfuar

ag a ghoin níor ghairbhe pian

dearna an Choimdheadh im chló ngéar

sgéal as mhó dá roinneadh riamh.


7 Dearg a throigh i dtarrla an seim

an doigh as damhna dom dhoirr

dearg a lámh as lámh nar thuill

dealg tré n-a dhruim i gclár croinn.


8 Ro b’é a huanorc Rí na ríogh

cuanort ar a thí fa truagh

níor fhéad a ionghuire an ógh

’s níor thréad mór d’fhionnMhuire a huan


9 Ionmhuin uan nar fhás ó mhnaoi

do bhás go truagh ar a thí

aithbhidh an meabhail Mac Dé

gion gur bhac Sé d’fhearaibh í.


10 Is mé a-déaradh do ghuth ghaoth

re cruth nDé ar ndéanamh mo thráth

gé aithne oirne gan fhíoch

do dhíoth aithbhe a [choimhghe] ar chách.


11 Ceart do na daoinibh fa dú

a neart tar maoidhimh gidh mó

fíoch ’ma dhíoth gá dluigh do Dhia

cia ’gá bhfuil fíoch fá dhíoth dhó.


12 Dámadh cóir ag agra fhiach

ré n-agra ní fóil an fáth

muna loghtha Dia dá dhíoth

ní bhia síoth a chrochtha ag cách.


13 Do reac Dia a chorp tar mo cheann

mun ba lia mh’olc is gach am

Dia gé ro crochadh dom chionn

dar liom ní bhia mh’othar ann.


14 Gá fios fós nach fuighbheam neamh

dá bhfuilngeam nós bhus nós glan

ní shaoil mé m’obadh don fhior

’s gan chion i gcogar Dé dhamh.


15 Saoilim ris maitheamh mh’olc uadh

madh ris caithear mo chorp criadh

mo cholann dó gion gur díol

síodh as mhó oram ní iarr.


16 Ná táirthear mh’anam féin faoi

nó go rabham do réir Dé

ní ar mo Dhúileamh do ním ní

dá dtí dom Rígh múineadh mé.


17 Sbéis i dtagadh is dall dúnn

a n-abar ann dámadh fíor

cuma gan mo chradh go mór

lór a thruma dhamh ré dhíol.


18 Ní bhí an saoghal acht fa seach

baoghal don chlí ris nach crioth

téid mar théid sruthán i sruth

uchán uch do bhréig an bioth.


19 Mo ghlór re Dia is treabhadh taoi

cia an slógh dar cneadhadh do chlí

a phríomhachain duid a Dhé

ní thuig mé a fhíorAthair í.


20 Tabhair a gnúis Dé ba dheacht

gidh clé an chúis laghaidh don lucht

sluagh na sé n-aimsear ar th’iocht

[i] riocht Dé do h-aimseadh th’ucht.


21 Cuanna ar n-a leadradh a lámh

freagradh ar nduana do dhíol

cuanna ar n-a threaghdadh a thaobh

ag cealgadh craobh uadha d’fhíon.


22 Fuighleam re Dia is fuigheall faoi

re Dia [ad-chluineann] is do-chí

th’fhíonfhuil mar dhlighim a Dhé

íobhaidh mé go hinill í.


23 A Sbiorad Dé fa docht rún

ní hé do chorp an corp criadh

corp Moire rod léig n-a lár

mar théid tré chlár ngloine an ghrian.


24 A cholann Íosa fhuair gaoith

do chíos-sa ní ba suail síth

an Dall is domhain rot sáith

crann áith ’n-a chomhair fad chích.


25 Ní bhiadh féin i láimh dar linn

acht gomadh áil lé céibh gcaim.

níor bhuidheach don umhla inn

fuireach fa rinn dubhgha an Daill.


26 Síol nEabha ag toibhéim tré thnúth

is fíor ceana is roiréidh ríoth

cumas n-a láimh níor chreid cách

an tráth ro leig dáibh a dhíoth.


27 Cách do dhíoth Dhé is dál nar dhú

’s é ’gá dhíoth a slán ros sia

anam gach fhir ’n-a dhíoth dhó

gá síoth as mhó ro dhligh Dia.


28 Doiligh liom-sa a leagadh leo

ní eadar gá ionnsa as mhó

dámadh áil do Dhia dar Dia

nach badh lia dháibh ioná dhó.


29 A chuirp Mheic Dhé is diúmhas tréan

do reic d’Iúdhas fa clé an chiall

ní fhríoth ort is teannta truagh

luagh fa mbudh feallta an corp criadh.


30 Céadaoin ro mairneadh Mac Dé

ro ba slat chaillgheal tré chnaoi

gach neach dá n-éagcaoin díol Dé

ná bíodh sé Céadaoin gan [chaoi].


31 Do hinnleadh dia Dardaoin Cásg

[an . . .] ag Dia nochar dhíosg

gidh sochar ní saoibhe a thásg

Aoine Chásg do crochadh Críosd.


32 Dia Domhnaigh a-dreacht go luath

ar dteacht a comhrair go cách

ní heasbhaidh liom an Rí [ríoth]

ar n-a [shíoth] i gcionn trí dtráth.


33 Mac don óigh bharrghloin go beacht

ó mharbhaibh do chóidh a chorp

[cneadha] Dé is créachta ’n-a churp

do lucht an éachta is é as olc.


34 Íosa Chríosd ceann na naomh nua

ar ar fheall gach aon dar lia

lámh fá othar mádh áil leo

is beo ar n-a chrochadh dháibh [Dia].


35 Mairg do bhraith ar mbr[aine] saor

mairg [craidhe] do chaith a luagh

léim i gceann Dé is diúmhas tréan

gearr do fhéagh sé Iúdhas uan.


36 Mairg do chogair Dia re ndul

mairg dar bh’obair cia nach can

mo ghéanar dá dtairg a theagh

mairg fear do ghéabhadh nach gabh.


37 Mairg croidhe ar [ar] taisgeadh tnúdh

mairg ’gar laisgeadh Moire mhór

ionnsa saorshlat gan a síol

sníomh liom-sa th’Aonmhac a ógh.


38 Mairg do chráidh deaghmháthair Dé

mo dhearbhráthair cáir a chaoi

mairg do airg fá hAonmhac í

mairg dá dtí an chraobhshlat gan chnaoi.


39 Mairg rér crochadh Dia fa dhéin

mairg dá ria othar an áigh

mairg do sháith arm i n-a fheoil

a sgeoil ghnáith is garbh do ghráin


40 Ré dhéaraibh do róigh an Rí

méaraidh a ghlóir is a ghnaoi

níor dhíomhaoin ualla im dhioth nDé

síoth é mar do chuala a chaoi.


41 Truagh liom nach faca an bhFlaith

mór i dtaca a bhraith mar do bhíodh

d’aicsin Dé is ní dom breith buan

truagh gan mo bheith re ré an Ríogh.


42 Truagh gan mé is Dia gnúis ar gnúis

truagh a Dhia gan mé fa mhéis

mairg do raghadh uadh ar áis

truagh an pháis anadh dá éis. Éisdidh.


43 Éisdidh re cuid Moire a mhná

cloig a thoighe is lia is as lia

báigh dháibh ag moladh a mhná

i dtá loghadh dháibh ó Dhia


44 [An bhean] chamtha ós chionn a laoigh

is urchra liom gach ar luaidh

táinig cridhe Dé ar a deoir

[inne] gan treoir is é i n-uaigh.


45 [On uair no]char fhéad ar áis

gan éag dá ghruaidh mar an ngéis

ní [ . . . . ] ón tí téid gnúis gá [chuin . . . . ]

[..........................................] dá éis.


46 [Díol an] dá absdal déag dáibh

a gcasgradh créad [fá] budh cóir

[tuitim] clí d’armaibh is d’ágh

is amhlaidh ro bhí i [ndán dóibh].


47. [ . . . . ] mór a ngnaoi

gach sódh sa [glantir is] a gné

[ag cur ar creidil] deirg [dáibh]

[ . . .] gan fheirg fa dhíoth nDe.


48 Dícheannadh Póil pudhar libh

mar dhubhadh gach nóin do nimh

crochadh Peadair ar ndíol nDé

nach fíor gur cheadaigh sé sin.


49 Do marbhadh Maidhian d’arm uar

go garbh is go raidhian fa ríor

torchair Pilip an fhis d’arm

Brighid leis is garbh an gníomh.


50 Marbh Matha d’arm gidh buan beo

marbh Tatha gidh truagh an cua

Tomás Ainnrias d’arm ar aon

is marbh an daighdhias naomh nua.


51 [Díol] na nIacóbh d’armaibh áigh

gliadhdógh lem anmain ’s lem fheoil

gan neach don dá dhuine dhéag

ma seach u[ile] d’éag acht Eoin.


52 Eoin Bruinne i mbeathaidh ro bhí

go ndeachaidh don chruinne ché

áluinn séad na hóighe d’Eoin

do róine éag do dheoin Dé.


53 Eoin Baisde ag Ioruath ar áis

m’ionuath a aisde da éis

tig do dheoin deamhain feall faoi

bearair ceann Eoin dá mhnaoi ar méis. Eisdidh.


54 Sdeaphan mór tré dhochar ndis

Pól dá chlochadh is níor cheis

teaghlach Póil go monar mhór

gan loghadh dhóibh níor lór leis. Eisdidh.


55 Ionmhuin martradh ghlan go ngaois

an mhachradh [i] mar a sbéis

’n-a rathaigh ní bhiad fa bhrón

’s iad ’ga n-Athair mór fá mhéis. Eisdidh.


56 Míchéal maraidh sé is ní sísd

is é im aghaidh is rom éisd

a rann ní dhíchéal im dhuain

Míchéal thall ro bhuail an mbéisd.


57 Go ngabhadh sin inn re ais

i dtigh an Ching ar n-ar [gceis]

ní fearr líon [as] lia ’n-a measg

dom [shíodh] re Dia gidh leasg leis Éisdidh.