Poem in printable PDF format
Eolach mé ar
mheirge an iarla
[Carney, James:
Poems on the Butlers: of Ormond, Cahir, and Dunboyne (A.D.
1400-1650), Dublin, 1945, poem 15]
Flann mac Eóghain
Meic Craith .cc.
1 Eólach mé ar
mheirge an iarla,
an bhratach
bhláith bhoirdniamhdha,
an eang mhór
chréachtach chorcra,
an sróll éachtach
onchonta.
2 An tsuaithnidh
bheódha bhallach,
an chros éasguidh
iodhlannach,
draig
ghoimheamhuil na ccéad ccath,
an séad
soineamhuil siobhlach.
3 An bhratach sin
a-tá as-tigh
’na comhnuidhe a
cCill Chuinnigh,
ba siobhlach an
sonn goile
um Fhonn
n-iobhrach Iúghoine.
4 An eang-soin
gan iomlat ngliadh,
minic do chuir
chuaird imchian
fá chíghibh
Banbha na mbeann
a ttíribh amhra
Éireann.
5 Nír filleadh
aontroigh tar ais
láimh ré harsaidh
fhóid Durlais,
eang shéanamhuil
luaimneach lonn
uaibhreach
éanamhuil éadtrom.
6 Gabháil Bhoeit
- beag dá shéan -
táinig le Tomás
Builtéar;
anbhuain re
gonaibh nír ghabh
a ccoraidh
chrannruaidh churadh.
7 De sin tugadh
Tomás Dubh
[lá beartha
buaidh a bhiodhbhadh]
d’éis chomhluinn
an niamhdha náir
ar iarla
gormfhuinn Gabhráin.
8 Ar Seaán
neartmhar Ó Néill
tug maidhm gér
dheacar dhoi-séin;
as ní théarnó
uaidh, gidh eadh,
éanbhó do bhuaibh
a bhailteadh.
9 Tug an t-iarla
ar iomad slóigh
maidhm orrdhuirc
Átha Meadhóin;
Iarla fionnDaoile
a láimh leis,
miondaoine an áir
nír aithreis.
10 Bun Raite, gér
thuar troda,
an Clár is Cluain
Rámhoda,
siad re lúdh
glanáigh do ghabh,
gabháil na ndún
géarbh iongnadh.
11 An Clár is Bun
Raite a-rís
do ghabh bhós -
beag dá sheirbhís;
do chreach an
t-iath go humhal
fá seach ar
thriath Tuadhmhumhan.
12 Nír fágbhadh
leis - lór dá shéan -
sa chrích-sin
cúirt ná caisléan
ar a thol gur
réidhigh ris,
ná crodh éinfhir
gan éislis.
13 Dún Libhse a
n-oirthear Uladh,
Dún Lóich
iarthair Iarmhumhan,
gur éirigh goimh
bhranáin Bhreagh
a ngabháil soin
nír síleadh.
14 Eas Geitin do
lingeadh lais,
feidhm nár mhór
le mac Séamais;
nír tharbha faire
ar an bhfonn
baile a ttarla
’na thiomcholl.
15 Carruig an
Phuill na bport nglan,
Cloch an Ghleanna
do ghabh-san;
bruidhne daingne
ar ar chóir cion,
a ndaingne dhóibh
nír dhídion.
16 Do chuir - fa
cóir a chuimhne -
rian madhma ar
Mhac Samhuirle,
’s ar Shíol
nDomhnaill leath ar leath,
breath an
fhorluinn dob áirmheach.
17 Mac Siobhán na
ruag roimhear,
Gleann Arm uaidh
do hionnsoigheadh
lá an fheadhma
nírbh eagal lais
a ndearna dreagan
Durlais.
18 Ríoghruidh
Alban, aicme Néill
teagaid bhós -
dia do dheighréir ! -
géag cumhra nár
chló a ccogadh,
umhla dhó go
ndearnodar.
19 Gleann Con
Cadhuin do chreach sin
is Gleann Mo-Lura
a Laighnibh;
lá oile do
hionnradh lais
na moighe um
fhionnmhagh Iorrais.
20 Gluaisdear
lais a los buaidhe
do dhruim mara
mongruaidhe
do chreachadh
fiadh Uladh as,
fá triall curadh
ar chanas.
21 Fonn
Raghallach na reann ngéar
tiomchal a dhún
’s a dhroibhéal,
uchán, mo
chreach, as sé sin
an té do chreach
an ccrích-sin.
22 Do hionnarbadh
leis ’ma-le
Teagh Dubh,
dúthaigh Í Mháille,
seabhac sídhe,
creachthóir cean
seachnóin gach
tíre timcheal.
23 Aonbhó dá
mbuaibh ceann a cceann,
Bréifne, Béarra
agus Boireann,
nír fhéad siad
d’anacal air
gé radhocar iad
d’argain.
24 A ccreachadh
ní dheachaidh de,
loisgis Osraighe
is Éile -
a luadholl fá
toisg tharbhach -
’s do loisg
fhuarfhonn Eatharlach.
25 Sé creacha
déag, dál a chean,
a n-aonló leis do
léigeadh
ó chrích Luimnigh
na learg sean,
ceard budh
duilbhir do dhéineamh.
26 Do turnadh
leis a los neirt
d’aithle chean na
n-eang n-oirdheirc,
lór baoghlaighe a
mbeann ccorrach,
teann Caonraighe
is Conallach.
27 Fá Eas
Craoibhe a mbun Bhanna
do roighneadh
uaidh eatorra,
fán ccrích
n-airdte ttaghtha ar tteacht,
marbhtha agus
airgthe a n-aoineacht.
28 Do hionnradh
Magh Line lais
is Rúta na
ttrácht ttiormthais,
oirir ghlana fá
bhfiar fiodh,
as fiadh Ara do
hairgeadh.
29 A cCeann Tíre
láimh do láimh
tug airgthe as
fhochuin iomráidh,
’s a Manuinn na
míneas nglan,
daghfhuinn nár
dhíleas dó-san.
30 Ciarruighe fá
chuing smachta
tug a los a
leóghanta,
’s do chuir gach
aoinneach umhal
a Muigh
dhaoineach Dheasmhumhan.
31 A shluagh ’s a
airgthe uile
tug san Chasán
Chiarruighe,
’s lán mara ar
gach taobh do thráigh,
a raon ana dob
éadáil.
32 A nEalluibh
nír fháguibh soin
gan cuartughadh
do chreachoibh,
dlús feadh
ndíoghuinn ná doire
ar feadh
mhíonfhuinn Músgroighe.
33 Clann Ghiobúin
do loisgeadh lais -
eólach meise ar
mac Séamais -
do cheannaigh sí
a síoth mur soin
an chríoch is í
arna hargoin.
34 Lá a
Ránallchaibh ag roinn chreach,
athlá a ndúthaigh
Dhéiseach -
táinig adhbhar
iarghná de -
is grianlá a
nglanMhagh Ghaillmhe.
35 Lá a Laoighis
ag déanamh diadh,
lá a meadhón
Mhuighe Maicniadh
tug an fionnghlan
nár chlá cruth,
is lá ag ionnradh
Ó nEachach.
36 Lá a cCloich
Sdocáin ag breith buaidh,
lá a Sligeach ag
deilbh deaghshluaigh,
as lá
d’fhialghlan na n-arm sídh
um Charn
ngrianmhar Ó nGláimhín.
37 Tulach chorr,
cuan ná caladh,
le Tomás gan
tiomchaladh,
oirear fádghlan
na sreabh seang,
nír fágbhadh ar
feadh nÉireann.
38 Fiú troigheadh
de ní dheachuidh
gan lingeadh do
Laighneachuibh,
ná d’fhonn
imiolghlan Uladh
ná d’inniollMhagh
iarMhumhan.
39 Fán am-soin ní
dheachoidh dhe
críoch Connacht,
míonfhonn Midhe,
súr a ccean,
toghuil a ttor,
foghuil a bhfeadh
’s a bhfosadh.
40 Ní raibhe ag
cur iona cheann
fan am-soin
d’fhearaibh Éireann,
fairche
dhaoineach fá ngeal goil,
aoinneach
as-teagh ná tug-soin.
41 Nír fháguibh
ar aoi a oirbheirt
Mac Séamais,
feidhm fíoroirbheirt,
foghluidhe ná
creachthóir cruidh
seachnóin
collMhuighe Cobhthuigh.
42 Gearr an ré a
ndiaidh na dála
ar snadhmadh na
síothchána -
eang chneasaolta
na síodh sean -
gur líon
d’easaonta is d’imneadh.
43 Saoth leam -
do chailg mo chroidhe -
bheith dó a ccill
’na chomhnoidhe,
creachthóir beann
mbruachdhubh mBanbha
as gleann
n-uathmhur n-allmhurdha.
44 Iomdha críoch
do creachadh lais
nach maoidhim ar
mac Séamais,
gur chuir triath
na ngéirreann nglan
iath Éireann ar a
fhocal.
45 A n-aghuidh
aithne a phrionnsa
nír léig san iath
Éirionn-sa -
a dhéineamh cá
cruaidhe céim? -
éinfhear uaidhe
go n-oilbhéim.
46 Ní fhuil
éineang d’Inis Fáil
gan lorg each
Iarla Gabhráin,
as rian a
chéimeann ’s a chath
ar fhiadh Éireann
dob eólach.