firstLine"; ?>

864. Fa’n raith imrid aicme Ir $
Length: long 41qq
Certainty: 4
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Meath (midlands)
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Stoneyhurst A/II/20ii C. O Corbain 1701
  2. NLI G 127 Richard Tipper 1713-15
  3. RIA 11 (E/iv/3) Aind. MacCruitin 1727
  4. BL Egerton 112 M. O Conchobhair 1780
  5. RIA 570 (23/Q/1) Edw. O Reilly 1794-
Motifs:
  1. envoi to Alison ing. Seoin m. Muiris Eustace
  2. imagery for patron (lochrann)
  3. nobility of ancestry
  4. comparison with all others
  5. inauguration rod (slat seilbhe)
  6. reim rioghraidh
  7. spending and defending
  8. legal terminology (sighneoir)
  9. historical allusion ( sons of Mil)
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh mac Briain (Stoneyhurst)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird (‘G. Fionn Mc a B’ G127)
Patron Christian Names:
  1. Fachtna mac Rossa (& wife Alison Eustace)
Patron Surnames:
  1. O Fearghail
Apologue Subclasses:
  1. Fergus, ruled Ulster 7 years, killed by Medb
  2. Saturn &
  3. Hector son of Priam
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fan ráith imrid aicme Ír

[NLI G 127, 316 (second copy)]

Gofraidh Fionn {mac Briain} ic an Bháird cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Fan ráith imrid aicme Ír

fuirenn bheodha na mbert cciníls

dán chlíar [leg. clár?] imeartha fíadh Fáil

grían na himarce on Easpáin.

2 Lóchrainn na loingse tar lear

clann mholbhthach Ír meic Míledh

lasair a cheile nach ceil

Éire ar lasa[dh] da luisneadh.

3 An toice a-tá do bhunadh

leó fán mBanbha ag bertughadh

airm go rinn barántuis Bregh

le linn ghabhaltuis Gaoidheal.

4 Denamh ar dhísle an fhortúin

don tréd lé bhfás formadthnuith

tair chloinn oile Ghaoidhil Ghlais

saoirfhir ar-oile is iomthuis.

5 Ge madh mían lé mór ndealbha

barradh a mbert n-aimseardha

léim a gcutaighr clodh dá ráth

sáimh gach cluimhther na gcaomhthach.

6 Futha[i]bh dob áillé an Fhod(h)la

fichthe cuinge corónda

díobh ós a chionn-so is choig rígh

óig san innse dob uirruighe [leg. uirrígh?].

7 Ní rainig(h) seal mar a seal [317]

bean ’na righ Éire uchtgheal

’s ní thárla ar fheruibh dob fherr

Bannbha a ndeaghaidh na díleann.

8 Coinnmhe saorchlann ó só a(i)-lé

d’éis na riogh ar lorg a cheiles

fa mhaighibh aoibhne Ealga

aoibhle ar [leg. an] oirir Eirenda.

9 Um Shionainn im Bhanda mbinn

um Bhearbha im Eithne aoibhinn

im Fheil mhaighrigh san Mhumhain

reim sháidhbhir re saorthannuibh.

10 A n-áitigh eatorra sin

d’iarsma ón thes is thúaidhin

coinnle chláir Dhúin an Dágh[dh]a

táin go n-úire n-atharrdha.

11 Gach a mair[e]ann ’s gach nach mair

sonn da ndéis d’áiremh ghabhail

a ndíol d’óigh[re] orra a-niugh

coinnle fromhtha ghniomh Ghaoidheal.

12 Mac Ui Fherghail iúl fisidh

ga ttáim is é an t-oighre-si[n]

bas derg go taithigh re gala

dar cherd caithiomh is cosna[mh].

13 Fachtna mac Rossa an rúin sheing

fer do chothaigh a chaoimheing

cairt gach olltach [leg. Ultaigh?] im iath Néill [318]

gidh cían o olltach [leg. Ultaibh?] íad-séin.

14 Ferghus mac Rossa roimhe

tus cairte chloinne Rughruighes

do labhras rádh go ráths

armas áigh na nUlltach.s

15 D’Fergus Mhacha nar mhuigh cath

diograis rúin a ndáil ndeacrach

leó a-nallana do nochta

balladha gleó an ghúasachta.

16 Cuige do chuirdis Ulaidh

comhairle a ndail ndocamuil

gach baoghal do bhreith o sgís

aoinfhirr ’s ’na leith [do] léigdís.

17 Oide a n-ógaibh [leg. a n-ógbaidh?] oighre a sen

fa hé Ferghus flaith Líghen

stiúir na tána ar tír ’s ar muir

braighe o nÍr athair.s

18 Seacht mblíadhna do bhárr Codhail

thúaidh a tteg[dh]as Conchobhair

os cenn Uladh san ainm riogh

gairm darbh umhul a n-eisíodh.

19 Fergus dedgheal Dúin da Bhenn

ag ríghe lé rioghacht Éirenn

do ghabh le linn Eamhain air

Teamhuir do fhill ar Ulltaibh.

20 Do [leg. A?] marbadh tre Mheidhbh a bfheall [319]

thíar a cCrúachan áigh d’Oilioll

rug a úain d’Éirinn altaigh

an [leg. ón?] stúaigh mhéirsheang [leg. -shing] mhalartáigh

21 Mac ionad d’Fergus fuilt[e]ach

ua Fergus flaith Chonmhaicn[e]ach

móradh finé Fachtna o riogh [leg. roigh?]

cridhe (?) isa chl-. (?) ré hanmhoin.

22 Codhnach leanta luirg a sen

caomhna a mb[e]art beirthe cluithedh

beó lóchrainn d’feile is d’oin[e]ach

mórchrann reidhe Rughruighech.

23 Cró áigh síol Roissa Rúaidhe

oighre cert on [leg. na?] Chraoibhrúaidhe

’s o Eamhain da n-anta ar stair

’s ar bhreaghuibh Fhachtna Fháthaigh.

24 Ar síodh nAodha ós Éirinn mbrá[i]s

ar Chuailgne ar Charruig Fherghais

ar Dhealgain míon ttolcaigh tté

’s ar tholchuibh o nÍr uile.

25 Feithle an longpho[i]rt d’aithle sgol

cnú is dísle ar chraobh na gcu(i)radh

geall re bladh [leg. bláth?] bile Sodhain

táth ón fhiné Fergalaigh.

26 Blaith phréimhe finé Rossa

onóir anma an Fhachtna-sa

a sighneóir féin fúair an tslát

le ndéarr a úain da hiomlat.

27 Soighin Satuirnn nar shéimh stoirm [320]

d’féin trogháin do shíol Sadóirnn

rainig (?) si a signeóir mar sin

gár mhínghleór er ’na áimsir.

28 Tromadh 7 tormach nimhe

d’aicíd san ghadh geintli(u)ghe

nach oirigh (?) do dhuine acht

d’oighre na cruinne ad-chuala(igh).

29 Níor thualong duine ar domhan

a bhogadh no a bheartughadh

acht Satornn fein[e] (an) feadh [trod ?]

fer gan chéile a ccomhrac.

30 D’foirm tiomna a ttráth éaga

aithníos í d’áois coimheada

do shoighnibh (?) toighe na Tráoi

soighne oile go bfhaithchi.

31 “Geinfuigh céile don chealltair

úaim taisgthar don tarr(a)ng[e]artaigh

a throghanar a thréd dom fhremh

an séd soiniamhdha” ar seisén.

32 Lámh do mhainnir mhór sighin

tainig mar do tarrangar

bás mhín go nertiomlat níadh

Hectormac P[h]rimh na bfhlaithghíall.

33 Hector mac Primh na bhfledhóil

ar mhórdhacht meic Eilionóir

i(o)n[E]acht(h)a[i]r a chroidhe a gcath [321]

sighentar tighe na Teamhrach.

34 Ua Uilliaim meic Domhnaills

flaith nach fidir mhionchomhrainn

cenn uighe gach áoin réarbh áil

aoibh nar mheall duille an domhnáin.

35 Coimhrith ris ar ghniomh no ar gháois

da ttairgadh tríath a chomháois

is bonn nocht ré géirrinn gadh

thecht ón(d) éirim ní fhedfadh.x

36 Teamhair mar théid os gach múr

geall arae ag ainm Allsúin

idar mhnáibh fhlaithamhla(dh) Fhloinn

cóir da (t)hathardha an uirruim.

37 An fortúin mur-áon is as

ag sgothphlanta phóir Iústás

tar mhnáoi a héinfir-si a n-iath Bréagh

riamh an Eirinn-si h’aithreadh.

38 Banua an áirdrigh mhic Bei Bhionn

Bríain Bóroimhe báir Éirionn

úir na bfhiodh ó theallaigh Táil

ben gan mheallar ’na haná[i]r.a

39 Aoinbhreth bhíos on mBoinn go Nás

d’ingin tSeóin Allsún Iustás

sí fan S(i)úir [gan] medh don mhnaoi

’s ón Bhuill go Leamh(ain) [da?] lentáoi.

40 Sionainn chennsa na bfher bfhis [322]

d’inghin tSheoin mhóir meic Mhuiris

is breth brúgha[dh] Banbha Fáil

is labhra an cura(i)dh a gcedóir.

41 Ionann brethnughadh bhios dí

im Thráigh Lí is im Loch Eirne

’s im Lios roDhoire is ruadh chna

im chúan Dor [leg. Toraighe?] (is) im Theaffa [=Theathbha]. Fan...