firstLine"; ?>

865. Fada a gcairt o Chlainn Dalaigh $
Length: very long 57qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. Stoneyhurst A/II/20ii C. O Corbain 1701
  2. NLI G 167 Semus MaGuidhir 1727
Motifs:
  1. poet absent from patron’s court
  2. comparison with own kin
  3. function of poetry (recording tributes etc.)
  4. patron’s liberality to poets
  5. poet banished
  6. caithreim
  7. sluaghadh, enumeration of vassals
  8. tribute, cios , cain
  9. Highkingship of Ireland - the five tributes
  10. legal terminology (cairt)
Poet Christian Names:
  1. Cuchoigcriche mac Diarmada mc Taidhg
Poet Surnames:
  1. O Cleirigh (NLI G 167, Stoneyhurst)
Patron Christian Names:
  1. Maghnus mac Aoidh mhic Aoidh
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill
Apologue Subclasses:
  1. Flann mac Lonáin given Viking gold
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fada a gcairt ó Chloinn Dálaigh

[NLI G 167, 120 (second copy)]

[An] Cuchoigrice cenna cecinit [Ó Cléirigh (119)]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Fada a ccairt o chloinn Dálaigh

díoth cuimhne ar a ccédchánaidh

gan cuimhne ar sheaneól chlair Cuinn

a[s] nair le cineol cConuill.

2 Gnáth ag seanchoidhibh chlair Cuinn

cairte Gaoidheal riamh romhuinn

mar sin do chairt bfear nOiligh

cairt a sean ’ga seanchoidhibh.

3 Cairt a n-aithredh dob iad soin

móide as iongnamh d’fuil Dálaigh

a ttred fileadh fein ar faill

a ccéin o chineadh Conaill.

4 Iul Banbha gi be ’ga bfuil

sealbh Ui Dhomhnaill chlair Cobhthaigh

cairt na seilbhe as sé a seanchaidh

an te as eidhre d’Éireannchaibh.

5 Cairt a chinidh a crích Neill

o mhac meic Aodha a n-imchéin

ni sinn budh cóir d’agra ann

doibh da tagra ni thiocfam. [= 7cd]

6 A chána troma ar chrích cCuinn

fed[h] m’oirbire ar fhuil cConuill

nár faghail na cána ar ceilt

ar damadh tana an tuaiscceirt.

7 Cóir Chonallach (?) ar chloinn Neill

an fedh bhém uatha(dh) a n-imchéin

ni sinn budh cóir d’agra ann

dhóibh da ttagra ni thiocfam. [= 5cd]

8 Cumhain leam ni leam a-mháin

da mbéinn uair gan a admhail

gibe a-niodh do-niodh [leg. do-niad] Manchaigh

siad fa chion do Chonallchaibh.

9 Do-chonna(i)rc an chairt ’na bfuil

ni da hadmhail d’fuil Dálaigh

ga heang nar chuir re chéile

o Dhuibh go cenn Coirrshléibhe.

10 Luach gan mo bheith sa tír thall

o thárlá eolus agam

mar gach cion gan ríomh rachaidh

ar ccion riogh le Ruarcachaibh.

11 Rí Éirne acht gidh aithnidh dhamh

trom a fhíach ar fhonn cCruachan

ar sena a biodhbadh báidh linn

a chóir ar fhionnmhagh nOilill.

12 Eolus ar oirbheirt a shean [121]

fa Cheann Choraidh fa Chaiseal

go mbém ’na ngoire as tír thall

do rí Doire ni dhiongnam.

13 Fiú ar bfola fa ghort Gaillmhe

dhóibh a-nois nach nochtfaim-ne

sgeala a maicne roimhe riamh

a ngoire d’aicme Uilliam.

14 Mór n-ádhbhar farbh eigen damh

tabhairt chúil d’airdrigh Uladh

ni hí an tol nar fhill tar ais

ni sinn do an ’na éagmhais.

15 Tar eis mh’oirbhire as é a shuim

ni fhed sinn seachna Ui Dhomhnaill

máor tabaigh na toile a-nunn

an croidhe raghaidh romhuinn.

16 Fuarus sgél oirdherc orthaibh

teid a cclú do Chonallchaibh

an sgél mar fuair gach file

do-bhér uaim tar m’oirbhire.

17 An sgél fuarus fada o shoin

tainic a ccuan Chinn Mhaghair

dáimh go n-aoibheall áigh orthaibh

táin laoidheng do Lochlannchaibh.[= 19cd]

18 Od-chualaidh a tteacht tar tuinn

Eigneachan rí chlann gConaill

téid ’na cceann ar tteachta o thigh

ga heachtra as f[h]err do éirigh.

19 Ar ndol ’na cceann leath ar leath

siad uile ag iarraidh ainbhreath

táin go n-aoibheall áigh orthaibh

tain laoidheng do Lochlannchaibh. [= 17cd]

20 Smuaines Éigneachan ann sin

ger lia iad-san ’na aghaidh

fian Danar ar tteacht tar tuinn

gan anadh re cert comhluinn.

21 Oidhre Dálaigh na nderc mall

nochtas arm cian o chothram

ger fhéach sé fhaobhar orthaibh

baoghal é eider allmhurchaibh.

22 Mac rígh Lochlann nar ob troid

do thuit i ttús an chomhroig

clar Cuinn ’na theigleachlár tug

re hÉigneachan fhuinn Fhánad.

23 Fian Lochlann i ttreas ger thuit [122]

re siol cConaill iúl oirdheirc

cia dhiobh nar fhégh a arma

tréd ’sa sídh nach soshnadhma.

24 Roinni(o)s airdri(gh) chinidh Cuinn

maithes na laoch a Lochluinn

sé ’na chárn fa chath nGaoidheal

sgáth a n-arm ’sa n-iolmhaoineadh.

25 Rainig chuige cian do-chlos [leg. ód-?]

míle uinge da n-ionnmhus

moide a-nallán clú o cCuinn

do rainic [leg. radhál?] ar chrú Conuill.

26 Mac Lonáin ’sa chliar re a chois

don righ ar roinn an ionnmhais

tánaig Flann ceann na cleire

ga dream ann dob aigmhéile.

27 Rí leithe Cuinn nar char cradh

fan ainm-sin do bhí a mbaoghal

mar bhíos neach gan ní ’na láimh

o do-chí is-tech an tromdháimh.

28 Aiseg ionnmhais fhine Cuinn

fuair an rí(gh) o fhreimh Chonuill

on righ do fhuair an t-ollamh

bídh uair ag gach énbhronnadh.

29 Don ri[gh] ’sa chlú do chosain

buaine e no an t-ionnmhas-sin

oirdherc an duais sin do dháil

tar dhuasaibh Floinn meic Lonáin.

30 Ar chur ndeabhtha ar dhail a cruidh

rí as medh don mac-soin Dálaigh

ni bfuighinn súas do chrú Cuinn

acht cnú do chnúas o cConuill.

31 Oidhre Dálaigh nar dhiult sgoil

mac Aodha a conchlann cubaidh

ar cur nglia(i)dh ar chaitheamh cruidh

do aithin cliar gur chosmhuil.

32 An chuairt-sin do chuartaibh Floinn

i ccenn airdrigh chlann cConoill

dhúinn go mba séd samhail soin

a ghég tharaidh o Theamhraigh.

33 Ni hionann ’sa[n] file Flann

ni dherna a tuaidh acht tadhall

ni tadhall budh thuaidh mo thoil

ni ghabham uaim gan anmhoin.

34 Do dhúasa troma ag tuar gill [123]

minic d’eiccsibh fhóid Fhéilim

meadh dot bhronnadh do chleir cháigh

dot ollamh féin ni furáil.

35 Ga ferr file ’ga bfuighe

do bhronnta a ua ar nAodhui-ne

cóir gan do chaigil fa chradh

doigh nach agaibh do anfadh.

36 Dhuit do-bheradh breith na sen

cóig cána chríche Gaoidheal

a rí as triath do shliocht [leg. shlios] Lu(i)ghaidh

fios t’f[h]íach as dom ealadhain.

37 Crioch Ghaoidheal do-gheandís dhuit

do bhreith sgribhinn chraoi Corbmaic

a chrann os f[h]iodh d’aicme Cuinn

do chairt(h)e a-niogh da nochtuinn.

38 Nár dhaoibh da ndeachaidh i bfaill

cairte diamhra chlann gConaill

cairt chloidhimh ge madh lor libh

a shlógh Oiligh ar uairibh.

39 Ni sgél sin ar chlannaibh Cuinn

a mbeith umhal d’f[h]uil Chonuill

súil aca le hadhbha Néill

na slata ablá a heinfhreimh.

40 Go techt líon a ttineoil ttruim

od-chluinid rún chlann cConuill

siol Eógain na n-uradh gliadh

’s leomhain Uladh ar énrian.

41 Trian Conghail cuimhneochaid soin

dioghrais roinn fhreimhe Dálaigh

diamur thana na n-erradh áighs

re gealladh ágha d’einlaimh.

42 Siad ag triall mar táid a lán

clann Uidhilin clann Chathán

caor curadh nar clódh i ttroid

do shlógh Uladh ni fhaghmuid.

43 Lá aca le teacht tar tuinn

líon catha do chloinn nDomhnuill

tiocfa a tuaidh le cru Conuill

riú ni ba huair urfhaghuill.

44 Ni cosmhuil linn a locadh

trí cinnlitre ar gconsopal

re siol Suibhne berar buaidh

deabaidh ni bfuighbe an athuair.

45 Síol Dochartaigh dual a ríomh [124]

baoigheallaigh braithre an airdríogh

umhal táid [leg. tiad?] do chur comhluinn

budh sgol iad ar aonfhoghluim.

46 Líon glia(i)dh da ghegaibh bunaidh

d’uaislibh craobh clann nGallchubhair

dual do chraoibh duille ’ga díon

ar gach taobh d’uille an airdríogh.

47 Ar nglanadh sgiath is arm n-óir

Fir Mhanach budh trom tionól

táin laoch mar thóir na tána

o fhraoch áigh nach iompábha.

48 An da Bhreifne nach beg sluaigh

curthar gairm orra i n-énúair

cath Aodha Finn fáth uamhain

nach fhill o áth iombualaidh.

49 Do shnáth umha fhóid Lugaidh

cath Sligigh siol Conchubhair

tiocfa an táin o mhúr Meadhbha

go rún áigh ’na n-enealmha.

50 Clann nDonnchaidh re gealladh gliadh

Fiachraigh (?) Luighne leo ar enrian

gabhail aigh ar a n-amhsaibh

branain an chlair Cruachan-soin.

51 Sluagh eile ni aireabh [air?]

cennus Gaoidheal go ngabhthair

ar sluagh féine an lá bhus linn

a-tá et Eire inghill.

52 Foireann Temhra do thileadh

a srian leó mar léigfidhear

ni baoghal bhar ccána ar ceilt

a aondamh tána an tuaisgeirt.

53 B(h)éraidh eolus d’fine Cuinn

oidhre na ndeich ríogh romhainn

budh reim doimh eoil re n-ealmha

soir i ndeoidh an deichneamhra.

54 Fa tháth Banbha braithim sin

an chairt a-tá ar mo thaisgidh

ge fada uaidh labhrus leis

re Maghnus ni huair aighnis.

55 An fedh bhiam i n-iath Éile

o shiol cCuinn cás oirbhire

sccuirim da ccóir do chuimhne

d’foirinn ar ccláir Conuill-ne.

56 Gan cuimhne ar chairt chríche Floinn [125]

ge madh doiligh d’Ó Dhomhnoill

duilghe arna chur re cheile

sgur do chuimhne a ccathréime.

57 Da n-ana an corp cruaidh an chuing

i bfegmhais rígh chlann gConaill

nach bí leis an ccroidhe ag car

ag righ Oiligh ni anfadh. Fada...