firstLine"; ?>

866. Fada a-deartar na deich righ $
Length: long 33qq
Certainty: 2
Period:
  1. 14th ult
  2. 15th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Bodl. Rawl. B 514 O’Donnell poems 16c
Prints:
  1. text Ir. Texts ii, 31
Motifs:
  1. description of armour & weapons
  2. nobility of ancestry
  3. ‘aithghin’ of illustrious ancestor
  4. spartan life of warriors
  5. inauguration ? q. 31 [leac na Riogh]
  6. reim rioghraidh
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Ruadh (Rawl. B. 514)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Toirdhealbhach mac Neill
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1423
Apologue Subclasses:
  1. Muircheartach of Leather Cloaks’ Circuit
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Fada a-dearthar na deich rígh


[Fraser, J. and O’Keeffe, J. G.: ‘Poems on the O’Donnells (1200 to 1600)’, Irish Texts ii (ed. Fraser, J. et al., London, 1931), poem 7; from Rawlinson B 514]


On Toirdelbach an fhíona Ua Domhnaill, king of Tír Conaill, † 1423


Fergal Ruad O hUiginn .cc.


1 Fada a-dertar na deich rig

do breith na leabaid go leir

go roich an t-aenmadh dec dibh

.x. righ d’écc a naemBhrugh Neill.


2 Na .x. righ airimhtir and

.x. righ as láindemhin lium

na bídh ar ainmeabair ann

sil na crann failmemhail find.


3 .x. fercoin ar fás ó Niall

nach derbthar tlás a leth lamh

don droing bágaig re mbíu ar scel

is frem Dalaig riú ga rádh.


4 Is beite a haen nó dó décc

taeb na leice dá só síad

gerb ferr an drem fhailid [úd]

gerr mar súd re n-áirim iad.


5 Gan ríghe ag duine na ndiaid

’sna huille fa díri doib

ingnad ri 7 tri trir

’s gan ri dib ar findMagh [Fóil].


6 O Domnaill tusa a taebh nua

nir faemh tussa rodruim rú

fian Emna dod reir ní ró

is mo is O Neill Temra tú.


7 O tainec mac Neill a-nall

a ngeill nachar glac an ghill

bróg rochorr gan buain da bonn

uaid sonn na cochall na cinn.


8 Colg glas a tendta gach taib

fa glas cerdcha colg an tsluaig

lan gach derna gel do gaib

gelgha na laim re seal súain.


9 Geill cethra cóiced ré choiss

óicfher les nach geabtha geis

téid conlan da echtra ar ais

as glais grenta lomnan leis.


10 Le mac an ceidNeill clu trom

is tu a glac géicréidh ar ngell

dias fa sénamla ag snim crann

clann da righ énanma is fherr.


11 Gluais a mac is mac do Niall

ni guais deit no lat do lín

on oired cedna ar do cul

roibec dunn a redla rígh.


12 Gluais fá shamail a guil mhall

gluais ó tadhall tuaid a-nunn

as í an echtra anró as fearr

na geall techta samló sunn.


13 Cuimhnig Muircertach mac Neill

slat fa tuilcintach re toir

lé mili do elódh uainn

d’uaim tiri fa glémór glóir.


14 .x. ced tromrígh tainic sunn

dá rainic a coimhlín crann

ni d’aimsir echtra dob fherr

grend snechta fán aimsin ann.


15 .x. ced colg co cuiri laech

créd nachar borb uili ar áth

ri fíri do fheith gach íath

mili scíath da leith clí ar cách.


16 Mili sdargha in cech aird íad

mairc tíri re tarla a ngrúcc

dín dá gach cind fa cleith nGreg

.x. ced minn righ oca rúd.


17 .x. ced maince dualuch dlúith

bruinnte o gualuch is o gaith

ucht na fer re cúilleth caigh

sleg áigh is luirech gach láich.


18 Cochall seichedh doib fa dhín

an tóir nach techedh ar cul

gasruidh mer do glac gach giall

fá mac do Niall nar gel glún.


19 A cochaill fene a ló liuch

iman ménne far mó an t-ith

cor clodh síad nir chaemhain cloch

iad na both caelaid ar cith.


20 Seolais ar Cloinn Cathair Móir

re droing gan tathair gan táir

ní haighed tucc asa tír

co rucc ri[gh] Laighen al-laimh.


21 Teid fa Connachtaibh ar cúl

Connachtaigh do léc na lín

ri Cruachan do gab na giall

cian a bladh on ruathar righ.


22 Do-rinne Cormac Clair Mis

mar sloindter ag cach ré cois

tét úainne nar labair less

samail dar feis nuaidhe a-nois.


23 Da gasraid gan sceinm gan scáth

dar a casmair feidm is fích

lucht soghnim tall a dha triath

comlín sciath is lann is laech.


24 Da dlai dina Banba Briain

don righe fa calma céim

tusa an dlai derinach dib

do deghfidhach sil naí Neill.


25 Do clu ni híssel do fhás

mar bud tú tíssedh ar tós

slighe ó trénmac Neill im Nás

reidh nar fhás a ferbrat fós.


26 Sib cuaine in da conclann righ

comthrom n-uailli ibh ar aen

Éri rib aga reic ríamh

meic da Niall ibh is dá Aedh.


27 Lentar an tslat fhailid ard

glac do cailsleg is do colc

bas rinncorr fa ra[i]mher ferg

derc timcholl Laigen a lorcc.


28 Ni dleghar roibreth a rún

san fedhan Laighnech ga liúdh

sil Feidlim ré fess an ágh

lamh dess re hErinn bur n-iúl.


29 Do-chi me rían flatha fúd

é red ré ni racha díd

tu fen ar nEcnechan ócc

fod Neill na teclethámh tríd.


30 Is tú an Toirrdhelbach ga tá

toinnBreghmach mar a taeb núa

cúis fan dograinn dreim red clú

Ó Domnaill tú ’s Ó Neill nua.


31 Tú an lenban ó Leic na Righ

a meic as nemnár do Niall

íarsma degshil na ndeich righ

sil a leith ciníl do chríadh.


32 Cidh nach bermaís a blath nua

ga fath fa celmaís do clú

bretha dírghe lat red lá

is mac mná dar tírne tú.


33 Breth direch an Banbha bhocc

agat fhaphra línech lag

así an Banbha do táth tuc

cách ag drud na fagla a fad. Fada aderar.