firstLine"; ?>

869. Fada an raithei-se romhainn $
Length: long c. 44qq
Certainty: 3
Period:
  1. 15th early
  2. 15th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. apology mp
Manuscripts:
  1. RIA 626 (3/C/13) O’Curry trscr. of BOCD
  2. TCD 1318(H.2.16) pseudo-YBL 15th c.
  3. Bk of O’Conor Don c. 1631
Prints:
  1. transl. Aithd. Dana no. 40
Motifs:
  1. poet as patron’s lover
  2. poet insults patron
  3. praise-poem reparation for injury
  4. Patron’s prowess in battle
  5. caithreim, list of triumphs
  6. legal terminology (eineaclann q. 20)
  7. allusion to Ruaraiocht q. 43
  8. sead suirghe, wooing gift q. 22
  9. teach tabhairne q. 23
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Og (YBL, BOCD)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Uilleag Ruadh
Patron Surnames:
  1. a Burc d. 1485 (McWm of Clanrickard)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fada an ráithei-se romham


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 40]


Tadhg Óg Ó hUiginn cct


1 Fada an ráitheise romham;

ní héisdear rem uroghall;

ní samhradh ann ní hearrach

amhghar an t-am d’aithearrach.


2 Fuilngeam fós a bhfuigheamh d’ulc

go gcuiream dínn an dubhlucht;

gearr uainn - ná déanam deinmne -

do-ghéabham uair imeirghe.


3 An glas a-tá ar mo theangaidh

dá dtí am an aithearraigh

gé do hiadhta bas rem béal

an glas iadhta ní fhuiléang.


4 Ní bhac a bheith ar cuimhne

fearg do chosg a comhairle;

gá feirrde ’s a bhfoil fam thuinn

goimh na feirge dá bhfolchuinn.


5 Bheith i ngoire do Ghallaibh

dá gcreidinn a gcualamair

mó an guasacht don té do thogh

é ná gluasacht sa gheamhradh.


6 Ní shaoilim ó shin al-le

dá dteithinn le tús m’fheirge

gémadh sneachta go caol cos

nach deacra an taom do thogros


7 Siobhal oidhche is eadh do-niam

d’éis a gcuala ó Chloinn Uilliam

mé ar falachta ó thigh do thigh;

samhalta é agus m’oighidh.


8 Más fhíor ar haithriseadh dhúinn,

is é a bhfuil aga bhfasdúdh

do ghaolta mar ghabhaid cead

nach faghaid th’aonta, a Uilleag.


9 Méad m’eagla ní hiongnadh dhamh

go trásda, a ua na n-Iarladh,

’s na raibhthe im theach druim ar druim

muna bheath th’aithne aguinn.


10 Ar cuireadh d’aimhleas ós aird

eadrom is aicme Riocaird

dá ngabha mo bhais ní beag

dá chara ar ais, a Uilleag.


11 Mo thonn meanmna gud mhuinntir

ní as fhoide ná hadhuintir;

fearr glas, a Uilleag, rem fheirg;

ná buingead glas dom Ghaoidheilg.


12 Ar olcaibh riotsa agus ruinn

ag cur aimhleasa eadruinn

cuid dod fhréimh nach daoine dheid

an saoile féin nach fuileid?


13 Ciontach do cuireadh i mbrígh

an fáth ma bhfuil ar n-eissídh

guth meisge ’s gan mhé ar a dhruim;

gár mheisde an té ar a dtiobhruinn.


14 Gi bé comhrádh do chan mé

an céadlá do mhuin meisge,

is fear aithmheisge an tí a-tá

ar tí a aithreisde an t-athlá.


15 Beir breith gi bé dan measa

eadrom is fhear m’aimhleasa;

do-chí ar neimhchion do-chí ar gcion

dá ní beirthior go breithiomh.


16 A Uilleag a Búrc, ní bhiam

ní bhus fhoide fa aimhriar;

gearr go gcaithfe réidhe riom,

aighthe a chéile do-chífeam.


17 Déana ret éigeas n-aithnidh

cumann tar na comhaighthibh;

lugha an mhoirn dá mbiam buidheach

gémadh soirbh cliar chomhuidheach.


18 Déanam th’aithris, a fholt slim,

ní tú athraigheas inntinn,

biaidh an comann ar cuimhne

madh comhmall ar gcomhuirle.


19 Beag shirfeas mé dá mhaitheamh;

lór a ullmhacht íocfaithear

gi bé síodh bhus loinn latsa

do bhoing dhíom ’n-a ndubhartsa


20 Leathtrom glóir do-ghéabhtha a fhios

dá ndearnainn ort i n-uaigneas;

bean díom laoidh isan leathtrom,

ná bíodh th’aoidh re heineaclonn.


21 Gabhtha mar íoc ’n-a aghaidh

ball éigin dom ealadhain

toibhéim is nach anaim air

da gcanainn d’fhoiléim fhocail.


22 An ngéabha suirghe ó so a-mach

uaim, a laoich Leasa Teamhrach?

ag so laoidh do shéad shuirghe

daoibh cidh créad bhar gcomhuirle.


23 A éigne easa Gaillmhe,

freagair tús an tábhairne;

nír ibhis - ibh a-nosa -

mo dhigh mhilis mholtasa.


24 Bráighe ghill is gabhtha dhamh

muna mhínighe ar moladh

nó go mbé séala ar ar síodh

mé do shéana do shoighníomh.


25 Beid, a Uilleag an airm thais,

an dá chreich throma thugais

i Magh Aoi ’s i nGort Ghaileang

fa dhlaoi madh olc m’uraigheall.


26 Suaithnidh gen go h-admhaim ort

t’fhoghail ar iarthor Connacht;

do shiris gnó mór go mion

tar slógh nach mó do mhuinntior.


27 Mo dhiomdha ar th’aicme is é thug

ruaig na nDéise do dhearmad;

gé sheachnaim ní har do shon féin

Eachdhruim do chor id chaithréim.


28 Iomdha ó Chnuc Láithrigh il-le

feart is oil i n-úir uaibhse;

ní fiu m’fheirg a séana sin,

na séala at-chiu ar leirg Láithrigh.


29 Dom dheoin ní fhuighthear a fhios,

muna hinnisde i n-uaignios,

do sgainnear do shíol Shaidhbhe

síodh daingean go ndearnaimne.


30 Maidhm Sléibhe Collán do chur

losgadh Tuadhmhumhan tiomchul,

gé a-táid a séala ar síol gCais,

séana an dá ghníomh do-ghéanmais.


31 Ag cur led chairdibh bunaidh

do thimchillis Tuadhmhumhain

gan bhoin ó Luimneach il-le

muna fhoil d’fhuighleach airgne.


32 Siobhal oidhche nír fhiu libh

d’ionnsoighidh Cille Coinnigh;

do seoladh ruaig leathan laoi

uaid do chreachadh na cunntaoi.


33 An chaor shluaigh tháinig tusa

re dtoigheacht don turussa

tuath nachar mhionairg go muir

im bhruach Fhiodhaird nír fháguibh.


34 D’éis a chreach do chur reamhaibh

beag an cás ar chuireabhair

faicsin sgeimhlidh Í Mhaoil Mhuaidh

’n-a chaoir neimhnigh a-narthuaidh.


35 Tugais maidin do Mhuigh Luirg,

a chodhnaigh Chloinne Riocuird;

ríoghraidh Sheaghsa ó shin il-le

ceannsa ’s ná beir a bhuidhe.


36 Ar Maineachaibh thugais táir

lá ruaga Rosa Chomáin;

beag nar mheasa ar Íbh Meachair

do mheassa ná ar Maineachaibh.


37 Tugais sidhe go Sliabh nGamh

lá eile d’argain biodhbhadh;

cuairt go Sliabh Mis i Mumhain

ní bhiam ris acht rugabhair.


38 Lá i nDún na mBárc [dá] bharr thais,

lá dhó i nDaingean Í Chudhais,

lá an Bhreaghmhoighe don fhial fhionn,

lá ar Sliabh ghealmhoighe Gaileang.


39 Lá dhó i Laoighis na lann gcorcra.

lá dhó i nÉile Í Fhógarta,

lá ar arduibh na Midhe a-mach

ag argain tighe Teamhrach.


40 Ní fhoil ag Buais ná ag Banna

ná ag na haibhnibh eatorra

’s na haibhne ar feadh Ó bhFailghe

nar gheabh maighre ar Modhairne.


41 An maidhm as mhó thug tusa

le huamhan do fhágbhussa;

do sgáth re cineadh Ceallaigh

Áth Lighean nar luaidheamair.


42 Comhairle ar ar chinn tusa

ionnsoighidh an áthasa

go lá an bhráith biaidh ar cuimhne

i ndiaidh cháich an chomhuirle.


43 Do lá do laochraidh Ghaoidheal

sgéal as cóir do chomhmaoidheamh;

nír theo lá ná Maol Midhe

a laogh na mná Mainighe.


44 Maith do thoisg i dtrealamh gliadh,

a Mheic áitheasaigh Uilliam,

mar ghlacfa réaltoin nglais nga

éantroigh ar ais ní fheacfa. Fada.