Poem in printable PDF format
Fada an turus tug
Eamhain
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 56]
Donnchadh Ó
Fíláin .cc.
[For the story
referred to below in qts 30-34 see Cuimhnigh leat meise, a
Mhurchaidh, qts 21-9]
1 Fada an turus
tug Eamhain;
táinig ar cuairt
chéimleabhair
fá bhuaidh
n-aoibhill a hUltaibh
’na sduaigh
aoibhinn iongantaigh.
2 Fada an turus
tug a-nall
Eamhuin go
n-iomad saorchlann
ón scaith slóigh
mheardha Macha
’na mbróin
fheardha ionchatha.
3 Treabh aoibhinn
Eamhna Macha,
na slóigh shíthe
shiobhlacha,
céim san taobh
theas gur thogair,
ní feas raon dá
rángadair.
4 A n-ard ná a
n-ísiol sligheadh
scél iongna nár
hairigheadh,
lios mínEamhna a
ttuaidh ag teacht
’s na sluaigh
fhírfheardha a n-aoineacht
5 Nach iongna nár
airigh neach
tairm a srian,
seinm a lúireach,
ná fuaim
ghríobhnaoidhe a ngreagh
lér fíorshnaoidhe
cruaidh craoitheadh
6 Iongna fós nár
fionnadh soin,
ní bhiadh drong
ina ndíormuibh
gan gháir seanma
beann mbuabhall,
dream dob
fheardha a n-éttualang.
7 An tuas re
nélluibh nimhe
do thriall an
treabh ghlainidhe.
nó an fá úr
thalmhan do thriall
glanbhrugh mur
dhún na ndaighNiall?
8 ’Sé fáth fá
bhfiafraigheann sinn,
a lorg ar úir ní
fhaicim;
ní feas dún créd
as conair
do dhún na séd
síodhamhail.
9 Go
Raghnallchuibh na ród nglan
Eamhain d’éirghe
is eadh mheasdar
d’aoinléim a
ttuaidh ó Thoraigh
’na sduaigh
chaoinréidh chruthamhail.
10 Don léim-sin
ar locadh dí,
Eamhuin cáit ’nar
chuir faoithe?
do thréig mé
m’aincheas uime,
ní failcheas é
oruinne.
11 Baile na
Corra, cuan scol,
dún caithmheach
na gcreach líonmhor,
treabh fhírEamhna
is ann do an
’s a rann
címhfheardha curadh.
12 Níor fháguibh
earradh ná each,
adhbha ciúil ná
corn loinnreach;
ní tuar meanma
d’fhéin Oiligh
céim Eamhna dá
n-ionnsoighidh.
13 Níor fháguibh
fós fuidheall sleagh
níor fháguibh arm
ná éideadh
’s tug roghain na
laoch a-le;
ní conair fraoch
a bhfeirge.
14 Tángadur, ní
turus gar,
ré cois
ceannphort chláir Uladh;
sgath na
ndáileamh bhus dearbh leam
bearn san áireamh
ní fhúigfeam.
15 Mná bélchorcra
an bhrogha thall,
táinig díobh
díorma neamhghann
ré cois
ríghEamhna ón taoibh thuaidh
fá chaoir
mhílfheardha mharcshluaigh.
16 Is é a-deirid
drong oile,
Eamhuin chaomh
chlann Rudhraighe,
ón leith tall nár
thriall sisi
a-nall don fhiadh
oili-si.
17 Treabh Eamhna,
munab í soin
dún Féilim, [ca
fearr samhail?],
dá threibh
dheaghshnoighthe as caoin corr
saoir a
n-eallmhuighthe is iononn.
18 Bruidhean
Bhaile na Corra,
dún laoch go
lucht bhfoghloma,
ní fhuil tnúdh ré
teagh Eamhna
ag dún na
bhfleadh bhfíneamhna.
19 Teach ’na
bhfaghthur fios gach sceóil
do-ní feasach
fear aineóil;
ní bhí a-moigh
fios nach foighe
san toigh mar
lios Laoghoire.
20 Ag dún mhórdha
meic Neasa
tarla na thoigh
coimeasa,
dún
síthghreaghach na slios bhfionn,
lios fán
mínshreabhach maoilionn.
21 Ionann
taitneamh ’na ttoighibh,
ionann lúth ’na
laochroidhibh,
ionann dealradh
na ndún ngeal
is rún meanman a
míleadh.
22 Ionann dáil a
ndáiliomh sin,
ionann cuirn
dáibh is dáilimh,
ionann dúil óil
na n-ardbhrugh,
duin ris [mbadh]
cóir comhardodh.
23 Ionann go fiú
gille a ngreagh,
ionann a n-arm ’s
a n-éideadh,
dún mur soin ní
silltir sonn,
ní fhoil inntibh
acht ionann.
24 Ionann
d’airrdheanaibh oile
an dá thriath ’s
a tteaghluighe,
dún fíneamhnach
na bhfleadh tte
’s an teagh
ríghfheadhnach roimhe.
25 Geall na
gcuradh cosnuid soin,
slán eólach go
n-uair samhail,
a-nall ó
fhearuibh Eamhna
d’fheadhuin na
lann loinneardha.
26 Laoich uallcha
na n-iorghal tte
do buaileadh a
gcló a chéile,
fir eagair Chláir
na gCuradh
’s dreagain
cháigh do cheannsughadh.
27 Ní móide as
beag brígh an ghlóir,
mín tagruid a
ttigh comhóil,
feadhain
choilglíomhtha crann sean,
boirbfhíochdha in
t-am bhus éigean.
28 Laoich
thoghtha na ttreas n-eólach
beirid gach
buaidh n-aimhdheónach,
ré cois
fhíreólaigh Chláir Chuinn
ríleómhain áigh
gach énfhuinn.
29 Mór bheanus
rem bile ós fiodh
scél do-chuala ar
cheann nGaoidhiol,
a-dér d’iomrádh a
anma,
sgél iomlán a
ionnshamhla.
30 An saoghal a
ndeilbh dhuine
tarla lá ar
Bhrian Bóruimhe,
dár gheabh ag
rolabhra ris
seal a gcomhardha
cairdis.
31 Ré branán
cosnaimh Cláir Chuirc
an saoghal is sé
adubhairt:
“Ná lean dínn,
diombuan m’annsa,
bídh go
hionnfhuar umam-sa.”
32 “Ró toile ná
tabhair dhamh;
tuig, a Bhriain,
so” ar an saoghal,
“ní dóigh
comhuill go síor sinn,
do líon oruinn na
hinnill.”
33 An fear céadna
do chan ris:
“Is é sin sealbh
an tsaidhbhris,
caith do mhaoine
ar mhéad n-anma,
a ghég naoidhe
nathardha.”
34 Don teagusc
fuair fada ó shoin
mac Ciinnéidigh
cuain Luimnigh,
níor fhég am
fhoghuil a shéd,
gég do roghuin na
ríghég.
35 Teagusc mar
Bhrian an bhairr ghloin
dar lat uair
oighri Fiachaidh;
ní thig uair
caigealta cruidh,
faideachtra
luaidh do leabhruigh.
36 Do riar
aoigheadh gan fhéil sguir
tug Féilim, más
fíor d’eólchuibh,
toil ón
beanglánach a bhladh;
neamhghrádhach
Soin fán saoghal.
37 Fear coimhéda
clú a shleachta
tug fhuath ó aois
naoidheanta
do mheanma
cruinighthe cruidh;
tuinighthe bearna
baoghuil.
38 Ní béim ortha
a n-abruim ribh,
atáid uaisle an
fhuinn Laighnigh
ó chlú an
chaithleómhain síos seal;
do aithbheódhaigh
gríos Ghaoidheal.
39 Mac mheic
Aodha, an t-ésga lán,
ré turaidh do
thogh Bearchán,
dá ttig
scaoileadh ceó a chinidh,
aoibheal bheó
nách báithfidhir.
40 A hucht
Fheilim nách óg rath,
ní dóigh iomtha
an fhian Bhranach,
fir fá cheann
áigh budh értha;
fearr an táir
nách toigérfa.
41 Ní fhuil
breith ar a buain di;
geall na n-ógbhan
fhuair sisi;
fán mbarr clú
do-chuaidh d’Úna
a-nú ní huair
iomthnúdha.
42 Minic bhíos re
béluibh scol
bean dán dúthchus
dáil bronntadh;
doighir a gruadh
ag gabháil,
ní tuar oinigh
d’iongabháil.
43 Inghean
Fhiacha, abhra mall,
bean dáilte na
nduas neamhghann,
tearc ar chlú as
cóir ’na comhar,
an chnú óir ar
n-aboghadh.
44 Sgél ós aird a
n-abruim roibh,
breith fhileadh
Innsi Cobhthaigh
do-chuaidh soin
lé sén Úna;
mo scél ní fhoil
ionrúna.