firstLine"; ?>

873. Fada ataim gan bogha $
Length: short 13qq
Certainty: 2
Period:
  1. 15th ult
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. Petition mp
  2. apology mp
Manuscripts:
  1. NLS Adv 72/1/37 Bk Dean Lismore 16c
Prints:
  1. transl. Watson, SV, no. xviii, p. 144
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. description of weapon ?
  3. generosity to poets
  4. poet failed patron ?
  5. creach, plundering
  6. hosting (at beg. of summer)
  7. naval warfare
  8. Hostages
Poet Christian Names:
  1. Fionnlagh Ruadh an Bard (Bk Dean)
Poet Surnames:
  1. cname only
Patron Christian Names:
  1. Eoin
Patron Surnames:
  1. MacGriogoir
Meter Vars:
  1. Rionnaird
Poem:

Poem in printable PDF format

Fada a-táim gan bhogha


[Watson, W. J. Scottish Verse from the Book of the Dean of Lismore (Scottish Gaelic Texts Society, Volume 1, Edinburgh 1937), poem 18, p. 144]


Fionnlagh Ruadh an bard


1 Fada atáim gan bhogha,

fhághbháil domh is mithigh;

thánaig tíom a thabhaigh

as an fhiodhraidh dhlighthigh.


2 Is é conair théighinn

d’iarraidh slaite iubhair,

go flath tréan na nGaoidheal,

fear nár éar lucht siubhail.


3 Go Mac Griogóir díonach

as ceann do na sgolaibh;

’na thigh ní bhínn folamh:

dlighthear dhíom a mholadh.


4 Go fear as tréan cuireadh

i dtosach gach samhraidh;

ní sámhach dá bhiodhbhaidh,

a námha go h-amhlaidh.


5 ’N uair éirgheas iad uime,

Griogóirigh ’na gcéadaibh,

baoth an chiall a bhfógradh:

gur triath ós na tréadaibh.


6 Eoin as ceann don tréad sin

ré h-uair creach do ghabháil

fhuaras féin ag comhól

béal ré béal san chamháir.


7 ’N uair chí teaghlach airmghéar

Mheic Ghriogóir i mBealach

slighe mhín nó chorrach,

ní b’eire riú an eallach.


8 ’N uair chinnid ar chomhrag,

’gá ghairm i gcrích námhad,

is ris féin do thaobhaid

i riocht géill is brághad.


9 Do bhéasaibh Mheic Ghriogóir,

tóir cháich ara chúlaibh,

gan deadhail ré dhaoinibh,

’s gach meadhair ’na dhúnaidh.


10 ’N uair dh’fhág mé mo bhogha

im éis ar lár troide,

mé ’g innse mo bhuige

’s é as milse lem oide.


11 Giodh olc i Loch Iubhair

mo dhíolmhaineas innse,

gan cleith láin na loingse

’s é ar lái catha as milse.


12 Cuimhnigh go mbím romhad,

Mheic Ghriogóir, gan aga,

ré aigheadh gach troda,

ag dáil saighde fada. Fada.


13 A Ealasaid uasal,

iompuigh [...................],

a bhean na gciabh boga,

’gá bhfan an chliar fada. Fada.