firstLine"; ?>

875. Fada atu a n-aghaidh mh’anma $
Length: middling 25qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Francis. A 25 B. MagNiallghuis c. 1610-
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
Prints:
  1. transl. Aithd. Dana no. 56
Motifs:
  1. king’s officer (maor)
  2. imagery for Christ
  3. crucifixion
  4. Judgment Day
  5. the Heavenly Banquet
  6. brevity of life
  7. renunciation of the world
  8. Disciplining body
Poet Christian Names:
  1. Diarmaid (A 25, BOCD)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Fada a-tú i n-aghaidh mh’anma


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 56]


Diarmaid Mac an Bhaird cct.


1 Fada a-tú i n-aghaidh mh’anma,

a-tú i n-aghaidh na humhla;

mo chorp is é ar n-éag m’anma

géag tharla é gan umhla.


2 Do thalmuigh an uagh orum,

truagh ar talmhain mo thadhall;

truagh is ar fhás tre ubhall

bás d’fhulang uadh dom anam.


3 Olc gach duine a-tá i dtalamh

ní fhuighe lá dá loghadh,

gearr ré an bheatha do bhunadh;

dubhadh ceatha, a Dhé, an domhan.


4 Rí an domhuin fa líg luighe

thríd do fholaigh a fhine

crann fa bhláth i mbroinn Muire

cách uile ar bhoing an bhile.


5 Mac Dé go tráth an tionóil

ar chách is é ga fhuráil;

an té do-cháidh fan gcoróin

rodhóigh madh áil é d’fhagháil.


6 Saor do dhealbh na trí tighe,

an rí do dhealbh gach duine

go mbé - ’s ní fhuil ar mh’aire -

go raibhe sé ar muin Mhuire,


7 Dia ar ndol sa chroich cheannruaidh

ar n-a chor fa chloich mballbháin,

ní chuir sé seadh i seanmóir

fear ler neamhdhóigh é d’fhaghbháil.


8 [Ní] leigfe an [rí] an rún rinne

is a rí ar gcúl a chloinne

an chroch dhearg is é uirre

ceard na cruinne cé im choinne.


9 I ló an bhráith tre olc Ádhaim.

ní dáich socht ar ar súilibh;

tug mé fa-ríor mo riaghail

i líon fiadhaigh Dé dhúiligh.


10 Dia Luain ní tráth dá thagha;

ní fhuair ó chách a chomha,

guais dar ghein é ó Eabha

a gceana i meidh Dhé ag dola.


11 Rí an bheatha i mbuain an ubaill

a bheatha ga buain oruinn,

mar bhíos cioth dá char tharuinn

magh tadhuill ’n-a rioth romhuinn.


12 Uan Muire gidh mac aosda,

mac Muire uan na huasga,

rí caomh isan gcrann céasda

ler chlaon éasga ann uasda.


13 Canaidh maor mic na n-uile

ós an leic re Laogh Muire;

sreabh do-chuaidh as do chridhe

fleadh Muire ar th-uaigh dá [n-uighe].


14 An chalann ór iarr oruinn

an t-anam riamh do roimhill;

do phort, a Dhé, is ní dhlighim

sirim ort é dom ainim.


15 Re ndul gus an mbreith bheire

dá mbreith go brugh na n-uile;

ní hé an corp acht an cridhe

red thocht shire, a Dhé, ar dhuine.


16 Tús do fhleidhe ag dol dúinne

ar son cneidhe na cíghe

gidh holc neach - gá ní as truaighe?

buaine, a rí, an chleath as críne.


17 Tocht i bport m’fhaghlaidh iarraim,

dom anmoin is olc fhéaghaim;

gur chaith mé mo mhí aoibhill

aoibhinn lem chlí, a Dhé, a ndéanaim.


18 Don anam olc an t-ionadh

an corp nach gabhann glanadh;

mo sheal, a Dhé, ar an domhan

robhadh é rer bhfear faladh.


19 Insa bhráth dhuit, a Dhúilimh,

- do thuit cách insa chánaidh -

rachaidh lá damhsa ar dhéaraibh

déanaimh mná d’asna Ádhaimh.


20 Ní thuar sibh na seacht dtighe

sibh ag teacht don tigh oile;

nach truagh fás deit, a dhuine,

nach fuighe grás meic Moire?


21 Ag sin adhbhar bhur n-uaille,

a fhir, ní hadhbhar gáire,

an déar budh dú Dé hAoine

ní crú taoibhe, a Dhé, dháile.


22 Ag dol do riar ríogh nimhe

cian ó n-a dhíol, a dhuine,

do bhean chuil lat ag loighe,

is guin croidhe ar mac Muire.


23 A dhuine, tre fheall Ádhuimh

dob fhearr guidhe ar na glúinibh

- a thruaigh, nírbh é uair an uamhuin -

i n-uair shluaghaidh Dé dhúiligh.


24 Dia do bhreith creid ó chroidhe,

creid a bheith fan lia luighe,

is é a ghuin deit, a dhuine,

dá luighe fuil meic Muire.


25 Sruth tuile an saoghal seachaibh,

taobhadh le Muire is mithidh,

an bioth cé ann re hathaidh

tre athair Dé is crann crithir.