firstLine"; ?>

877. Fada coir Fodhla ar Albain $
Length: long 43qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 487(23/N/11)MmcPUiLongain>1766
  2. RIA 491(23/E/16)M.Og OLongain 1797-
  3. RIA 253 (F/vi/2) M.Og O Longain 1813
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 24
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. naval warfare
  3. war with Foreigners
  4. imagery for kingship ?
  5. territory as king’s spouse
  6. symptoms of grief
  7. legal terminology
  8. mythical allusions
  9. Aisling
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall (RIA 487)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Somhairle [Buidhe] mac Alasdair
Patron Surnames:
  1. MacDomhnaill
Apologue Subclasses:
  1. Three Collas: their bargain re highkgship
  2. Caesar’s vision of Rome calling him
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fada cóir Fhódla ar Albain


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 24]


1 Fada cóir Fhódla ar Albain,

anois am a hiomardaidh,

a cóir féine acht go bhfagha

ní dóigh Éire i n-aontamha.


2 Atá re hathaigh d’aimsir

cóir ag an chrích Albainsin

ó Ráth chneasaolta Chobhthaigh,

fáth easaonta d’Albanchaibh.


3 Tugtha d’Albain na sreabh seang

a cóir féin d’inis Éireann,

críoch aimhréidh na n-eas mbanna,

suil bheas aimhréidh eatarra.


4 Créad an chóir nuaidhese aniodh

atá ag críoch cloinne Míliodh,

má tá aguibh innis damh,

fa n-aguir inis Alban?


5 An cháin trom do bhí ag Balor

ar Éirinn dá hátaghadh -

dúsgadh faghla dí a dhéanamh -

Banbha an í do ai­géaradh?


6 Nó an iad na hoiléinse thoir

atá idir Fhódla is Alboin,

’sgach eang bha fhionnmhagh Íle,

n­ó­ Ceann sriobhghlan seinT­íre?


7 Ní héinní dá saoileann sibh

atá ar cuimhne ag crích Éibhir,

acht ní is truime re a thabhach,

sí uime dob easbhadhach.


8 Na trí Colla, críoch a sgéal,

clann Eochaidh díomsoigh Dhoimléan,

déanamh dóibh ar fhiadh nAlban,

triar ris nár chóir comhardadh.


9 Dias don triúr do theacht i lle

go crích Bhreagh na mbeann sídhe;

rogha an tsluaigh i Moigh Mhonaidh

ó shoin uainn ar n-anamhain.


10 Iongna do fhuilngeadar féin,

fir mhaordha na n-arm n-aighmhéil,

Colla ’sa sheinshliocht ó shoin,

a n-eighriocht orra d’easbhoidh.


11 Créad fa dtiobhradh clann Cholla,

ar son ar fhás eatorra,

tar magh mbarrúrchas mBanbha

tal d’andúthchas allmhardha?


12 Cia an rí ar a bhfuil Banbha ag brath

d’fhuil Cholla na gcolg bhfaobhrach?

má rug rogha d’fhóir Alban,

cóir a cora ó chomhardadh.


13 Rogha leannáin Leasa Cuinn,

Somhairle mhac Meic Domhnuill;

brath céile do Mhoigh Mhonaidh

’s re bhfoil Éire ag anamhain.


14 Géag thoraidh Teamhrach na bhFionn,

grian gheal i ndeaghaidh dílionn :

craobh shéanta d’abhlaibh Íle,

réalta shamhraidh shoishíne.


15 Éinghein shochair shíl gColla,

lámh ionnarbas eachtronna;

toradh abhallphóir fhóid Bhreagh,

cabharthóir na gcóig gcóigeadh.


16 . . . . . cúis doilghe,

gur aguir sí Samhairle,

críoch Bhanbha fa bhróin Danar

tarla a gcóir gan chríochnaghadh.


17 Deileóchaidh Éire is é a shuim

roighne curadh chlann nDomhnuill

re síothmhagh n-arsaidh nAlban

gasraidh fhíochmhar fhionnardghlan.


18 Sgéal bheanas le crú Cholla

do léigh sinn i seanrolla,

budh naoidhe um’ dheóidh fa dheireadh

an t-aoighe sgeóil sgaoilfidhear.


l9 Urra an sgeóil sgaoilfidhear duit -

Séasar an t-airdrí ordhruic,

re líon gliadh d’ágaibh áille

do fhá­gaibh fhiadh Eadáille.


20 Gluaisid reompa ón Róimh anoir

go hEasbáin an fhóid iobhraigh;

líon eachtra dob fhearr obar,

ní ar cheann teachta tángadar.


21 Gr­ádhaighis iarthar Eórpa

Séasar na sluagh ndíleónta;

ón Róimh do aontaigh anadh,

’sníor aontoil dóibh dealaghadh.


22 I gcionn aimsire ar n-anmhain,

lá éigin d’éis tionnabhraidh -

dáil chabhra an rí dhá rochtain -

do-chí amhra n-iongontaigh.


23 Dar leis féin fuair ’na fhochair,

’na mnaoi áluinn iolchrothaigh,

an Róimh ag ríomh a dochar,

gníomh budh cóir do chronochadh.


24 Frais do dhéaraibh re a dreich ngil,

fuilt sgaoilte go sgéimh thuirsigh

’gun Róimh ag éagcaoine a huilc,

cóir éagcaoine f­á n-éabhuirt.


25 “Níor chubhaidh riot,” ar an Róimh

“mo bheith mar bhím i gcéadóir;

id dheaghaidh gan dál gcabhra

fám lán d’fhearaibh allmhardha.”


26 “Caomhna longphuirt nách libh féin,

iongna dhuit, a óig airmghéir,

’sdo thír féin arna faghuil,

dá béim dhíbh ag danaruibh.”


27 Dob iad orfhuighle Shéasair:

“a Róimh an mhúir mhínghréasaigh,

fár mbreith soir nó ar mbeith i b­hus,

bheith ar do thoil do thriallus.”


28 “Adéaruinn riot,” ar an Róimh,

“tabhair leat líon do thionóil,

tiomsuighidh bhur n-óig áille,

d’ionnsuighidh fhóid Eadáille.”


29 “Ná bí ní as fhaide­­ ag anmhain,

nár dhuit do theagh tionnabhraidh -

giodh eagail aighthe orthuibh -

d’aithle a eagair d’allmhorchuibh.”


30 Laochradh Ghréag, gasradh Eórpa

rug leis, fa trá­th taisbeónta,

do dh­íon na síothRómha soir,

gníomh dob fhíorchóra ar fhéachoin.


31 Do shaor Séasar, is sé a shuim,

d’éis na n-ainbhreath do fhuluing,

ó neart saobhch­ath slóigh dhanar

Róimh na n-aolchloch n-éa­gsamhal.


32 Do-bhéara Banbha, bean Chuinn,

do bhreith na Rómha romhuinn,

a fear féin ó Mhoigh Mhonaidh,

a­g soin céill a gcualabhair.


33 Ar aghai­dh mheic Mheic Domhnuill,

feadh éagcaoine a hanfhorluinn,

do-chí an ­Bhanbha bhfairsing bhfinn

d’aisling suil tarla i dtoirchim.


34 Mac Alastoir d’fhurtacht cháigh

tiocfa, mar tháinig Séasair,

d­o­n dulasa fa Bhóinn Bhreagh,

slóigh nách urusa d’áireamh.


35 Sluagh Shéasair mar rug fan Róimh -

tre Ghort Luirc, líon a dtionóil,

tiocfa Séasair clann Cholla,

barr do dhéasaibh díoghloma.


36 Fásfaidh coill a ciomhsaibh trácht

do chrannaibh seólta síothbhárc,

ó Mhuaidh shéadoirdhreic bhinn bhaoith

go Binn Éadoirmheic Éadghaoith.


37 Díolfaid a gcóir re crích Bhreagh,

géabhthar leis lorg a shinsear

thort soir go seanráith dTeamhrach

don mhoigh eangbhláith ildionnach.


38 Don Cholla Uais ór fhás sibh

m­á tá nár chreid Críoch Éibhir,

do bhí sí ag seinshliocht Cholla,

eighriocht í nách ionronna.


39 Cia an t-éinrí áirimhthear lionn

nár ghabh airdcheannas Éirionn,

ó Cholla go Gaoidheal nGlas,

más laoidheadh orra an t-eólas?


40 Na trí Cholla, gan chead dúin,

tugsad Éirinn tre iomthnúidh -

curaidh glanchuain bhréidghil Bhaoi -

ar chathbhuaidh éignigh éanlaoi.


41 Cuirfidh­ Samhoirle ’sé a am,

ní choi­­mheóla­ um chrích bhFréamhann,

crois orra go horlamh uaidh,

connradh na gColla an chéaduair.


42 F­a Chaisiol, fa Chruachain Aoi,

fa Almhain an fhuinn gh­éagnaoi,

’sfa ráith n-eachradhghlan nOiligh

seanchonnradh cháich crosfoidhir.


43 Críoch Bhanbha i mbun na suirghe

don chrois chuirfeas Samhoirle,

fuair anois tóir dá tabhach,

Bó­inn don chrois budh céadfadhach.