firstLine"; ?>

88. A lamh dar bhean an beim sul $
Length: short (14qq)
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other wp
Manuscripts:
  1. RIA 1076 (24/P/33) L. Cl. Aodha B. 1680
Prints:
  1. text (LCAB no. xxxi )
Motifs:
  1. envoi to spouse: Enri
  2. comparison of patron with all others
  3. poet invoking blessing
Poet Christian Names:
  1. Fearflatha LCAB
Poet Surnames:
  1. O Gnimh
Patron Christian Names:
  1. Martha
Patron Surnames:
  1. O Neill d 1638
  2. Stafford d.1678, w. Einri
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

A lámh dar bhean an béim súl


[Ó Donnchadha, T. Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 31]


Fear Flatha Ó Gnímh cc.


1 A lámh dar bhean an béim súl,

ní tú abháin bhuaidhreas iomthnúdh;

as fúibh do fóbradh a dol

tnúidh na n-ógbhan i n-édradh.


2 Atáid mná moighe hEamhna

ag aibhsioghadh h’óigdhealbha,

a ghég ramhánla an rúin taoi,

’s ag tnúidh faghála a bhfaghthaoi.


3 Do dhíoghuil rinn gacha ruisg

an fortún feadh do theguisg,

gur fhoillsigh daighbherta dhuid;

tairbherta an Choimsigh cogruid.


4 Go bhfuarois eadráin h’aighthe

don toice ar tí a dhealraighthe

do réir dualois fhola hAirt

’s go bhfuarois togha tochmhairc.


5 Lucht cronuighthe a crotha séimh,

da dtnúth, suil tísiodh oilbhéim,

dainimh nach derna a bennach

th’aighidh dhealbhdha dhrithlennach.


6 Nírbh oirchios fós a bhfaicsin

gan tracht an taoibh sholuistigh,

is barr cuachthrom na gcéd sgath,

’s an déd bruachdhonn do bhennach.


7 Nír ghonta do gháibh an tnúith

na bossa, buinn an mhallúith,

an chammala, an reulta ruisg,

dénta annamha an euguisg.


8 Ní lot ionnmhuis fhir nó mná

táinig ribh d’fheuchoin iarghná,

a bhas réidh gan rún gcoire,

acht béim súl na sochoidhe.


9 Ní headh orduighid filidh

ní hé as mian le mílidhibh

an ní as bádh re béinibh ban,

a lámh dar éirigh easgar.


10 Teidhm seachad, rob slán thusa!

badh libh, a lámh chéadnusa,

ar dháil ort an Rí do rath,

madh olc leis an tí as tnúthach.


11 Mur gach toirbhert da dtabhar

do neoch do ní d’ardughadh,

saorthur, do ghrás an té tug,

gibé re bhfás an formud.


12 Gibé tuisleadh tarraidh sibh,

go dtí d’fheartaibh Dé dúiligh

a chlaochládh ar chrois gach mná

anois, a mhaothlámh Martha. A lámh


13 Léigid di a firchéile féin

mná chóigidh Eamhna d’éinmhéin,

ná labhraid a bhaile i mbí,

ná tabhraid aire d’Énrí.


14 Faicsin bile a bheoil chorcra,

nó gné a aighthe eudrochta,

nó fionnchúl flatha Line,

fatha iomthnúdh inghine.