firstLine"; ?>

881. Fada deoraigheachd na ndaoine $
Length: long 35 qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1340 (H.3.19) 16th c. , 17thc. add
Prints:
  1. text DiD no. 26
Motifs:
  1. Submission, tuarastal, coimirce
  2. role of BVM
  3. Christ as kinsman, BVM as kinswoman
  4. Judgement Day
  5. Original sin
  6. brevity of life
  7. renunciation of the world
Apologue Subclasses:
  1. Noah’s Flood
  2. Judgement Day: accompanying wonders
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Fada deoraidheachd na ndaoine


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 26]


1 Fada deoraidheachd na ndaoine;

déanaidh iompódh ar iul chóir,

cidh bé do bhean díbh an dúthaigh

neamh do bu tír dúthaigh dhóibh.


2 Truagh mar thángadar a Parrthas

peacadh Ádhaimh do b’é a dtós;

is cian ó dhol ’n-a ndúthaigh

an cor do-chiam fúthaibh fós.


3 Imtheachd uile d’éis [bhar] gcuarta,

a chlann Éabha, is é bhus libh;

d’anamhain ní headh do-chuabhair;

baramhail fhear sluaghaidh sibh.


4 Ag teagasg dá dtug an Coimdhe,

a chlann Ádhaimh, nír an sibh

do aithin sé [dá] bhar síoladh

caithir Dé do líonadh libh.


5 Táinig fairge ar fud an talmhan

tugadh i n-íoc feirge Dé;

an chuairt thimchil tug a dhíle,

do imthigh, rug líne lé.


6 Smacht an Choimdheadh do chionn ubhaill

uch, a Mhuire, mairg do bhris;

cionnus lat tré chraoibh na cána

mac an tsaoir do rádha ris.


7 Féach a thruaigh mar théid an domhan

díoth carad ná cuir i mbrígh;

rachaidh na daoine d’éag uile,

créad fa gcaoine duine dhíbh.


8 An saoghal - ní slighe ghrádha -

gearr go mbia mar do bhí ar dtós,

deireadh bárdadh Dé ar an domhan;

nír fágbhadh é folamh fós.


9 Anmhain ort an uair do saoileadh

ag sin a thráth, tig do ré

do leagadh do sheol, a shaoghail;

leagadh i mbeol aonaigh é.


10 Rachaidh maitheas muighe an tadhaill

mar théid bláth do bharraibh crann;

is eagal dún dál a chonáigh,

lámh ar gcúl nír fholáir ann.


11 Go dtiobhruinn roinn do rígh nimhe

dá ní féin ní foláir uaim;

créad fa dtabhair don té chaitheas

i n-aghaidh Dé an flaitheas fuair.


12 Téid uadha gan fhios a dhíola

deireadh bréige an bheatha ché;

ní cóir don talamh go dtiobhra

taradh dhóibh tar diomdha Dé.


13 Mar leaghann an lá fa dheireadh

déanaidh tapadh sul thí an bráth;

tiocfa sgéala ann bhus eagail,

a chlann Éabha, [teagair] tráth.


14 Dá dtí cách i gcoinne an Athar

aithnidh dhamh dearadh a síl;

gearr ar gcuimhnei-ne ar ar gceanaibh

fearr cuimhnighe a ndleaghair dín.


15 Iomdha agat adhbhar feirge

fada é ó fhochain bhig;

do riar a Dhé muna dhearnam

is é ciall na dteadhmann thig.


16 Lá éigin re hucht an bhrátha

biaidh fuil ag fearthain ’n-a cioth,

biaidh teine uaibh ar a n-áitibh;

uair eile báidhtir an bioth.


17 Cló na boise, bior na troigheadh,

trom an agra iad ’n-a ndís;

do chlann ní hionchora ón eire;

iomchora an crann reimhe a-rís.


18 Mo leigin uait d’éis a ndearnais

a Dhia Athar iongnadh liom;

cia bhaoi san chrois ag ar gcoimhdhe

má taoi a-nois, a Choimdhe, im chionn.


19 A-tá ar bhreith dhúinn dul i n-Ifreann,

a Uain Dé, nó dul id mhúr;

is sibh ar gcara nó ar námha

- ag sin ragha dála dhún.


20 Tugais bláth tre bharr an fheadha

d’éis a bhlátha do-bheire chnú

táir is soillse slighe m’anman

coimse nimhe is talmhan thú.


21 Cion na mná do mhill an lubhghort;

leanaim ort - ní hagra réidh:

“cia dara goire gaol Éabha,

a laogh Moire, féagha féin.”


22 Don chomhrádh do chan an t-aingeal

do fhás mac ó Mhuire óigh

do fhéad sé teachda mar tháinig,

fearta Dé gá dtámaid dóibh.


23 Dá oighidh i n-íoc ar gceana

cionnus linn an lá do-chuaidh;

i n-aghaidh meabhla mná Ádhaimh

a-tá dearna an álaidh uain.


24 Ionmhuin bas [rer] bhean an t-áladh

ionmhuin troigh a-tá ar n-a goin;

braon a chroidhe tar mo cheann-sa

laogh oighe ceannsa do chuir.


25 Cionnus libh, a lucht an bheatha,

beag do shocracht do shir sé;

ní re lighe ar leabthaibh chlúimhe

leantair slighe dhúinn-ne Dé.


26 A-tá a ndearnais i ndiaidh th’anma

ó aois leinibh - lór a mhéad;

cionnus thiocfa dhíot, a dhuine,

íoc do chionta uile ar n-éag.


27 Ar do chomairce, a chuirp dhaonna,

dá ndeach mé ní maith an tarm;

a cholann, budh truagh do theasda

oram Luan measda na marbh.


28 Tar go humhal d’iarraidh grás;

glan ’n-a choinne an croidhe díosg;

gul ’n-a leith ní maith do mholfuinn

ná caith re breith chomhthruim Críosd.


29 Tig chugam i gcrothaibh fallsa

fear mo mheallta, a mháthair Dé;

tiocfa mo námha ní as ghoire;

sul thí, tárra, a Mhoire, mé


30 Dia Athar i n-ucht a bhuime

do bhí ag teitheadh - truagh na cuir:

go n-íoca mé d’eiribh oile

eidhir Dé, a Mhoire, ar do mhuin.


31 Leantar máthair Mic an Athar;

íoc an leinbh do luigh fa a brat

- ag sin congnamh uaim don uile -

ar chonnradh fuair Muire mac.


32 A thrí Mhuire, maith do chaithfinn

congnamh liom fam leigin suas;

ná tréigidh mé, a naomha nimhe,

a chré dhaonna an tighe thuas


33 Le chéile gur chaitheas m’aimsir

amhlaidh a-táim - truagh an brad -

gan lá do ghuidhe Dé dhamh-sa;

mo ré uile is fallsa ar fad.


34 Fada a-táid gan toil a seathar

síol Ádhaimh - ní hoirchios dáibh,

ni fhuil cúl [díona] ag an duine

achd súgh [cíogha] Muire a-mháin.


35 Gá n-iarraidh, an uair nach teagaid,

a-tá Muire - mór an brad:

ní bhí sí tráth ar a dteitheadh

sí ar cách ag feitheamh i bhfad. Fada.