Poem in printable PDF format
Fada dhamh druim
re hÉirinn
[Thomas F.
O’Rahilly: Measgra Dánta II, poem 45; see also Éigse
13, 195-202]
1 Fada dhamh
druim re hÉirinn,
rom-sgar do
thuinn re a tárainn;
mo shúil tar
mh’ais i nÉirinn
fá a léibhinn
ghlais úir álainn.
2 Inis iomlán
ghlan ghrianach,
dá hiomrádh dhamh
is déarach,
tír na dtulach
gcorr gcraobhach,
fonn braonach
ughach éanach.
3 Fonn is caoimhe
um chlár ndíleann,
naoidhe dá lár a
léibheann,
tír iobhar mín is
mhónann,
tír chnódhonn
iodhan Éireann.
4 Tír ghlan
fhoithreamhail ughach
na magh
sgoithleabhair sgorach,
tír na ród
gcraobhach gcreamhach,
fód ealach
laoghach lonach.
5 Fód caomh na
gceall bhfeartach,
na bpeall gclaon
is na gcolcthach,
oileán mín
séadach searcach,
tír ealtach
thréadach thorcach.
6 Tír na laogh is
na loilgheach
is mín taobh ’s
mín murbhach,
tír na ngort
n-airgheach n-oibhneach,
port droighneach
airneach ubhlach.