firstLine"; ?>

885. Fada go dtoir Triath Airtigh
Length: long 35qq (32 + 3)
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
  2. 17th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA 744 (A/v/2) 17th c. Dillon duanaire
Motifs:
  1. Envoi to spouse
  2. imagery for patron
  3. nobility of descent
  4. patron’s feasts
  5. poet invoking blessing
  6. patron’s liberality to poets
  7. poets persecuted
  8. cooperation between Irish & English
  9. fertility of land under just ruler
  10. sea-journey
Poet Christian Names:
  1. Muiris mac Briain Oig (RIA 744)
Poet Surnames:
  1. [O Maolchonaire]
Patron Christian Names:
  1. Lucas
Patron Surnames:
  1. Dillon d. 1655
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fada go dtoir triath Airtigh

[RIA 744 (A/v/2) ‘Dillon Duanaire’, 21b]

Muiris mac Briain Óig [Ó Maolchonaire] cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Fada go ttoir triath Airtigh

o chúirt Londan leathantigh

tar muir linnghil na long seang

go fonn inbhir na hÉireann.

2 Mall a thriall ag tocht a-noir

iomdha liom adhbhar éccnoigh

da bharr neimshean na gcorn gcam

da mbeireadh orm a n-ionam.

3 Mar liothroid fa chosaibh caigh

a-tá mé ca mó miobháidh

d’aithle an fheinnidh thall tar toil

’s bann gach éinfhir um aghaidh.

4 Na dronga fá dísle dhamh

rún so do-chóidh ó chogar

leo ní hionmhain inn sunna

sinn ’gár n-iomghoin eatorra.

5 Áos ceilge an chumainn fhallsa

’s na coimhighthigh chodarsna

ionann do-nid dochar damh

bíd dom chrochadh ’s dom chéusadh.

6 Ni leam dol ar comhair cháigh

moch mhúsgluim ris an gcamháir

fear a aithbhir úam a-muigh

nach truagh mh’aithghin ’na fhoghluidh.

7 Glór da ísle ní fhet sinn

an chethair-aird nochan [leg. ní] fhaicim

gearr úain ar sáogal mar sin

um aonar a n-úair mh’éigin.

8 O do fhágaibh inis Fáil

gan guth áoinfhir dom edrain

samhuil duin colann gan cheann

gó a thagall ar úir Éireann.

9 Ón mbroid-si do bheradh me

dá bfaicinn fear mo thrúaighe

cuir gan doilghe a Dhé tar lear

an té oirne nó [leg. do] fhóirfeadh.

10 As é an fear-sin as díon damh

Sior Lúcas Diolmhain dreachghlan

cnu mhullaigh Ghaoidhiol is Gall

da mháoidheadh d’urraidh agam.

11 A bfhuil d’áonbhun um aghaidh

da ttigeadh fer mh’anacail

gan bheth fa a neart sáoilidh sinn

ar tteacht áoinfhir go hÉirinn.

12 E gach tan do toghadh leam

mar chuid chroinn d’f[h]eraibh Éireann

dar ndídean dal go ttogha

um chlar liggheal láochLogha.

13 Tigeadh chugainn dar ccabhair

mac Teaboid tuir mhórthoraidh

tar sál sriobhmhall na set nglas

go bfionnam cret ar gcádhus.

14 Iomdha neach a-nos mar sinn

lán da anbhuain go hEirinn

’s gach láoi ag tromghuidhe ’na thigh

ar áoi comhnuidhe an Chuircnigh.

15 Foirfe orainn úan na ngrás

da ttige slán Sior Lucas

go chrích Fhuinigh na n-eang réidh

tar ceann a fhuirigh imchein.

16 Ni bhia thra da tighe a-noir

a bfuil d’einleith um aghaidh

’na ndail acht dimbriogh dhamh-sa

grain na imshniomh orum-sa.

17 Ni haisdior nach eusgaidh linn [22a]

ceim ’na chuinne go Duibhlinn

a bhelghlor ba[dh] binn go mblas

linn ar tternodh dha thuras.

18 A los annsa an fh[ir-si?] a-mháin

do-ghébam annsa is anáir

maicne gan anbhúain re headh

d’aicme glanslúaigh Gáoidhiol.

19 Do-ghébh ó Ghallaibh mar sin

slan go tteagaimh triath Airtigh

a n-am comhóil cuirm gan cheas

muirrnn is onóir is aoibhneas.

20 Gan sgís eachtra ar tír ná ar tuinn

do chaomhna cháigh [ar?] dhoghraing

éigin d’áoibhil ghlanshlúaigh Ghall

anbhúain gach áoinfhir d’fulang.

21 D’éigsibh an fhuinn-si gá ttás

do-ni mur sin Sior Lúcás

ceand slóigh na sáoroireacht sean

áodhaireacht dhóibh dá ndidean.

22 O fúair úain ar ionramh cáigh

Sior Lúcas nach lámh egcáir

anfuidh d’fheidhm an chuing chalma

a seilbh fhuinn na hatharrdha.

23 Seasfaidh comhthrom cháigh gach tan

biodhbha ní bhia(idh) ’na chomhghar

treicfidh an cláon ar an cceart

ní leicfidh le háon éigceart.

24 Usaide dhó dénamh tinn

nocha fhuil aonaird d’Éirinn

gá dam an dann-sa go beacht

nach lán dá annsa a n-áoineacht.

25 Róid leathna mhoighe Meadhbha

lán do láochraidh infheadhma

gnáth fá fhoigheig Bhanbha Bhreadh

gur choimheid adhbha a aithreadh.

26 Mac Eilghionor aigneadh réidh

meanma gach áoinfhir eiséin

ré lán as líonmhuire toil

um chlár mionmhuighe Murbhuidh.

27 Mor n-adhbur annsa gach fhir

do dhearluicc Dia don airsigh

barr sorthoin iomratha is áidh

torchuir ionnfhlatha d’faghail.

28 Gach úir ar a saltrann sin

gnath torthach fá thriath Airtigh

tig dá ndénann cláon [leg. do chlú?] a coill

nach sgerann cnú ré crobhuing.

29 Lomnán d’íasg gach inbhear fáoi

ní toradh ré headh áonláoi

fúair ó Dhía ní fáth faladh

lía ’sa chách dhá chomhmoladh.

30 Um mac Teabóid na treas mear

meanmnach bhos bhíos gach áoinfher

lán d’áoibhnios ag ól chuirme

a gcáoimhlios slógh sáorBhuirne.

31 [S]lan gan turbaidh go ttí sin [22b]

mac Teabóid da thoisg soirin

tuig bríogh um chas a chuimhghe

ró fha[s?] lio[n?] ar lea[tt]rum-ne.

32 Léigim seachainn sonn fo lár (?)

dar ngearan éccnoigh d’iomradh

o ta ar n-u[rra?]dh uainn a bfhad

ullamh an úain ré n-anfad. Fada...

33 Fúair bainchéile as cáoimhe cruth

d’fíonfhuil Bhríanach is Bhúrcach

dearc mhoingréidh óna mall sriobh

do choillfhreimh Ghall is Ghaoidh[eal].

34 Maith an torchor tárla dho

Siubhán mudhar méin áobhdha

gnúis fáoilidh nochar char cradh

sgáoilidh a bladh gan béarnadh.

35 Gáol Rúarcach rátha Meadhbha

planda d’fhiodhbaidh fhíneamhna

tug a méin ar tuinn toradh

do thuill ón chléir comhmoladh. Fada...