firstLine"; ?>

886. Fada go tuighim mo theach $
Length: long 31qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 1225 (D/ii/1) Bk of Ui Mhaine c.1394
Prints:
  1. transl. Aithd. Dana no. 62
Motifs:
  1. role of BVM
  2. crucifixion
  3. renunciation of the world
  4. Disciplining body
  5. Beatitudes: Eight ways to Heaven
  6. almsgiving
  7. Houses
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh (RIA 1225)
Poet Surnames:
  1. O Cleirigh
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Fada go dtuighim mo theach


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 62]


Goffraidh Ó Cléirigh cct.


1 Fada go dtuighim mo theach,

ní fada go gcluinim cioth,

mian turaidh gi bé ar a mbeath

ní hé a theach bunaidh an bioth.


2 Suairc leam a mhná agus a mhiodh,

gearr a chuairt, cá lá nach leagh?

[an] fód charaimse as clé dhamh;

ní hé an magh tadhaillse ar dteagh.


3 Teach ar n-athar dúinn is dual,

sgathadh [a shúigh do badh] shámh,

teaghdhais nar lean dath na diadh,

ní treabh chriadh ná clach ná clár.


4 Is mé an t-éan [agus] é ar sruth

agus [mé re] béal na mbreath;

is ceardcha [ar] tí bruithne an bioth,

dá dtí an cioth ní tuighthe ar dteach.


5 [Am] teach nocht gan ní ós mo chionn,

is gort geal nach bí fá bharr;

nocht leagair gach neach a-nonn,

eagail madh toll an teach thall.


6 Beart do bhuain fúm is dú dhamh,

isam [trú] gan chúl re crudh;

maith ar bhfáidh neamhdhaine i neamh,

san teagh seanbhaile is dáigh dul.


7 Olc [do-ghaibh] a fhormháil uam

do ghaibh an domhnáin gan díon

[pian] oile ag ionnlach mo thaom

saor mo thoighe is diomdhach dhíom.


8 Beag a feidhm do dheaghbhais Dé

deilbh dá theaghdhais nó a trí;

almsa ar neamh agus neach faoi

dlaoi tar an teach is eadh í.


9 Tuigheam romhainn go ria a-rís

[Dia i gcolainn ní chuireann] sbéis

comhla gion go mbí rem baois

m’aois is í dá horba ar m-éis.


10 Nár ar gcolla is doiligh dhúinn,

rolla mo chloidhimh do-chím;

mar tá ar n-anam - ach do phéin! -

a chalann féin gá bhrath bídh.


11 Do-chóidh Dia i gcroich tar mo cheann,

gan m’óidh ’n-a chroich do ria riom;

gidh slán mo bhos is mo bhonn

toll a lámh ’s a chos dom chionn.


12 Truagh mar do [roigh] tinmhe a thaoibh

dar gcinne idir fhoil is fheoil;

Mac Dé dá chrochadh do-chuaidh

ní fhuair sé achd dochar dá dheoin.


13 Gidh meadh n-uthrais uam dá chneidh

luagh a uthrais nocha fhuil;

mairg nach biath bochta sa tigh

is ar shil cliath ochta d’fhuil.


14 A dhuine, nod ghabhadh gráin

re nduine ar scaradh re scéimh;

bídh bán corp oile go huaigh

olc an truaill i bhfoile féin.


15 A anam dan athair Dia

nach dathaigh calann dá chrú,

dlighe uaisle ón fhuil i mbia;

Dia do chuir n-a truaillse thú.


16 Soitheach dheit ó Dhia na ndúl

[nocha] bhia achd ga chreic ad-chiam;

cionntach an corp riot fa ríor

olc do dhíol isan chiop chriadh.


17 A ríoghan [ghlan] thug Dia dhamh,

ar Dhia ná rabh drud re cion;

lán do thachar is d’fheirg t’fhear

eirg go teagh t’athar ót fhior.


18 Tug raghain do chách ad-chiu

nach tabhair ar bráth i mbia

rítheagh geal Coimdhe gan cheo

is teagh ’n-a reo dhoirche ag Dia.


19 Fada uam [rítheagh] mo ríogh

gidh go buan [bíthear] ’n-a dhún;

dar ndrud ón chéilidhe chlaon

tug ar saor dréimire dhún.


20 Baoth fear ar [céilidhe] i gcurp;

gan dréimire ar neamh a-nocht

doiligh léimeanna crann gceart

seacht gcéimeanna ann nó [a] hocht.


21 A haon díbh an umhla [fhois]

gus an rígh fa cubhra gcnis;

taca an aird a-nonn a-nois

mairg cois is an bonn fá mbris.


22 A dó dhíbh - goireide a greim -

an fhoighide nachar fhill;

mairg théid a tacaibh an chroinn,

doill is bacaigh do-éid inn.


23 A trí an fhírinne go n-aoibh

gurab hí ar bhfírinne féin;

a-tá an t-ubhall fallsa fóinn,

cóir dhamhsa dulann re dréim.


24 Faoiside an ceathramhadh cuing

go n-a breathloghadh as bhinn,

céim eile as a ngeabham greim

gé bhearam leinn eire [inn].


25 Seachbhaidh oilbhéime gach aoin

as doidhréime ná gach dréim

feidhm bóideadh daoine dá dheoin

aoine an bheoil an cóigeadh céim.


26 Aithrighe is í an seiseadh fós

cách deiseal is dí do-chuas;

deor cridhe is calann fa sgíos

abhann bhíos ag snighe suas.


27 An seachtmhadh céim, céim go rath,

a neartadh is céim ar crioth

céim trócaire nar thréig neach

teach sópaire ar bhréig an bioth.


28 Céim na déirce an ochtmhadh air

[folcadh] ar n-éigne ní fhil;

samhail teasa don ghréin ghlain

céim sain as neasa do nimh.


29 Rom roich a lúireach gach laoi

is mo chúilleath re croich nDé;

loghadh mo sheal ceilge i gclí

[an] tí dan fear meirge mé.


30 Cathughadh ceilge is clé dhúnn

agus mé fa mheirge an ríogh;

ná bíodh a-nos cath gan chlódh,

mór do [sgath] mo [chos] do chríon.


31 Maith an talmhan truagh an bhréag

gá adhradh is truagh mar tád

[rachaid] dá mhuin raon is ród

gach taobh óg ar nach fuil fád. Fada.