firstLine"; ?>

887. Fada gur haitigheadh Eire $
Length: long 44qq
Certainty: 3
Period:
  1. 15th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 1235 (C/ii/2) 15th -16th c.
  2. TCD 1340 (H.3.19) 16th -17th cent.
  3. RIA 6 (23/I/40) c. 1700 ?Co. Offaly
  4. NLI G 447 “Rossmore MS? ? c. 1738
Prints:
  1. transl. McKenna, PB, 41-6, 154-8 (no. x)
Motifs:
  1. envoi to Patrick and Michael
  2. caithreim, list of triumphs
  3. Fertility of land under rightful ruler
  4. list of subject territories
  5. Landscape withering
  6. pains of Hell
  7. purgatory
  8. poetry offered to saint
  9. historical allusions
  10. companach
Poet Christian Names:
  1. Pilib Bocht (RIA 6, Rossmore MS)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Patrick
Patron Surnames:
  1. saint
Apologue Subclasses:
  1. King Laoghaire struck by lightning
  2. Patrick anecdotes
  3. Patrick’s Purgatory
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Fada gur háitigheadh Éire


[McKenna, Lambert: Philip Bocht Ó hUiginn, Dublin, 1931, poem 10]


1 Fada gur háitigheadh Éire

ar n-áit bhunaidh do bhí i nglas

críoch Gaoidheal mar ghiall i ngéibheann

gur sgaoileadh fiadh Éireann as.


2 Mór a himshníomh ar éis díleann

dubhach bean ó bheith gan chloinn

go bhfuair an talamh díoth daoine

ní bhíoth taradh craoibhe ar coill


3 An Gaoidheal do ghabh a ceannas

ar chrích Fódla go bhfuair am

sé ’s an talamh ar tí a chéile

falamh do bhí Éire ann.


4 Go dtáinig do thoil an athar

ainbhios cáich do chur ar ais

teach na bpian eidhriocht gach aoinfhir

riamh do sheinshliocht Gaoidhil Ghlais.


5 Ó neimh a lasan ’s a loisgeann

lá fortochta ní fríoth lé

talamh i mbíoth fíoch is fionghal

re mbíoth aghadh diomdhadh Dé.


6 Ar dtrághadh lachta na loilgheach

dá laogh ní budh lór do dhigh

a dtabhradh bó laoigh do leamhnocht

do ghaoibh cró na seanlocht sin.


7 Toirmeasg ar a tarbha gcoitchinn

do chuireadh sioc na síon reoidh

neimh na gcrann do cheil a dtoirthe

neimh ar bharr gach fhoichne fheoir.


8 Do ghnáth do gheibheadh an pobal

piana troma truagh an sdair

fa neamhbhroid le neach a-nallan

dá mbeath treabhlaid anman air.


9 Do níodh díoth do dhaoinibh Éireann

ár a gcruidh do chuireadh sé

dul i ngar neimhe na nathrach

bladh eile dá hanchroth é


10 Do bhí i ndán do dhíon an phobail

Pádraig apstal fa ard gnaoi

gur gabhadh géill Banbha a Breatain

tarla réim ar bhfeacaidh faoi


11 Do cumadh do chead an phápa

ó phéin Ifrinn do bh’é ar ngoid

riaghail chruaidh dár n-athair anma

do bhuain achaidh Bhanbha a braid.


12 Nír thualaing compán ná cara

cobhair Éireann gér fheidhm chruaidh

an eachtra do chur ar cairde

dol do theachta ar fhairge fhuair.


13 Nír fhágaibh ar éis a thurais

tír Ghaoidheal gur ghabh an tréad

fód nar shuidhigh dhí fa dheireadh

lé bhuidhin tri ndeighfear ndéag.


14 Bheith éanla fa iris creidimh

i gcrích Éireann do b’iul cam

nír chleacht aonduine ’n-a aimsir

reacht Laoghaire an t-aimsin ann.


15 Tarla san bhruidhin ós Bhreaghmhuigh

bann ar a ais ní headh rug

a lucht an tansain dá theaghlach

ucht ar ghasraidh Teamhrach tug.


16 Ealba fhiadh is eadh at conncas

cealga Laoghaire láimh ria

do chuaidh an naomh go Brugh Bóinne

saor ar gcur a dhóighe i nDia.


17 Tairgsin dá thabhairt fá riaghail

rí Éireann do b’obair dhíosg

a brat ar n-a bhéin don chreideamh

mac Néill ní chreideadh i gCríosd.


18 Nach biath ar duine dá dhaoinibh

daoirse námhad ni budh sia

an críoch far chathaigh a námha

fríoth lér n-athair dála ó Dhia


19 Le caoir teineadh nó go dtorchair

an tighearna i nach tug sbéis

gá pláigh ar nar chinn an chreidimh

’n-a linn láin d’Éirinn dá éis


20 Do ísligh gaoth do ghein toradh

tugadh don rígh ní roinn chlaon

gur chuir i dtlás tonna Banbha

bás colla is bás anma ar aon.


21 Do dhealbh síoth eatorra is Íosa

ar feirg nDé go ndeachaidh ceo

ar ndáil deor an phobail pheacthaigh

seol an chogaidh leagthair leo.


22 An fhuil ríogh re raibhe a heasgaoin

Inis Banbha is breath nar dhú

re linn an naoimh ó mhuigh Mhacha

do chuir caoin a ratha rú.


23 Ceol na héanlaithe gá fhógra

do fhás bláth tre bharraibh géag

éigne na mara gá mhaoidheamh

cara éigne Ghaoidheal nGréag.


24 Na tulcha ag tabhairt a bhfochain

feadha lúbtha lán do chnaibh

tús na síon dteasbhaigh ag teachta

ni bhíodh easbhaidh bleachta ar bhoin.


25 Do sgrios a hilphiasda a hÉirinn

nar fhéad a biodhbha buain ria

tug a linnte lán do mhaighribh

fál impe gur dhaingnigh Dia.


26 A croinn aosda d’admháil toraidh

talamh Banbha is bladh dá ghrás

neimhiongnadh ar chruas a chéimeann

cnuas seinfhiodhbhadh Éireann d’fhás.


27 Mar thearmonn tugadh dá mhaoraibh

a mhionna uaisle is ann bhíd

roinn don mhaighneas ós mhuigh Fhobhair

lér mhuidh saidhbhreas toraidh tríd.


28 Dá gach mhaor dá maoraibh bunaidh

a mbeith choidhche fa chíos ghnáth

an chruach is an críoch i dtarla

fríoth i luach a gcabhra ó chách.


29 Fuair Caiseal re cois a pháirte

Pádraig easpal gur fhóir sé

ar chás Muimhneach ós gá mhaoidhimh

tuillmheach an grás aoinfhir é.


30 Tug dó ó dhúthracht croidhe

críoch Uladh gur fhóir a glas

Ard Macha nír mhion an anáir

gan chion flatha d’fhagháil as.


31 Ní thug éara ar asbal Fódla

flaith nimhe fa ní dar shir

a bhfuair ó Dhia le cruas crábhaidh

cia a-nuas do sháraigh ó shin.


32 Tug an [dáil] i ndurn an leinibh

leis [ó] bhroinn gá bladh as mhó

ar mac Alprainn gur fhás áireamh

acmhaing grás do dáileadh dhó.


33 Ar bhfagháil amhairc ó Íosa

uisge agus fios fuair an dall

oide an leinbh do bhí gá bhaisdeadh

i bhfeidhm na dtrí n-aisgeadh ann.


34 Rug muc do mhucaibh an tréada

an Táilgheann mar tharla i láimh

nír bh’iongnadh glóir ime d’fhaghbháil

tinne óir i gcomhdháil cáigh.


35 Sé as an abhainn d’fhagháil mheala

’n-a mhac bheag nír bheag a nós

an blas do fhás ar an uisge

a ghrás as dá thuigse ar tós.


36 Adhaigh dhorcha ar ndul ar ainiul

an t-iul fíre fuair re a chois

tarla i gcás é eidir dhá eolas

grás Dé gur bh’eolas dá bhois.


37 A haithbheodhughadh d’éis éaga

ó easbal Dé dia do bhladh

go bhfuair a shiur ni mó an mhíorbhal

dó iná an t-iul do dhíorghadh dhamh


38 Fagháil caorach ó choin allaidh

nír bh’í roimhe a riaghail ghnáth

asbal Dé nar éar fa aiseag

ní sgéal é nach claisead cách.


39 Fa cuid do phurgadóir Phádraig

pian na treibhe a-tá ar an loch

do budh mhó an phian fuair gá fulang

gér phian dó an uaimh chumhang chloch.


40 Gur bhean a hiasg aisdear fada

fuighle an leabhair is leis bhíd

sé ar eachtra ó uisge go huisge

fearta Dé gá dtuigse tríd.


41 Siad don chruaich gur chuir an t-éarlamh

aingil Ifeirn nír fheidhm thláith

i bpianaibh ar nach fuil foircheann

ag soin riaghail choitcheann cáich.


42 An mart do marbhadh dá chléirchibh

cuirthear leis mar do leig sgís

munar mhó bliocht ná bó eile

an bhó san riocht reimhe a-rís.


43 Bior a bhaichle tre bhonn Eoghain

don fhoighide is adbhar gráidh

ar thuil do nós don fhuil uasail

go bhfuil fós i gcluasaibh cáigh.


44 Cú Diochon gur dhearbh a naomhthacht

a neimh ar gcúl do chuir sé

le a gabháil gur clódh a confadh

mór i n-anáir orthan é.


45 Is creidthe ó chomhrádh na leabhar

Luan an bhráith ni [beithte] a thocht

ar shluagh fuinidh go mbia id bhreitheamh

do shuidhigh Dia a fheitheamh ort.


46 Ar gcur na haltóra ar uisge

d’fhortacht lobhuir do lean díbh

tig an leac tre lár na mara

leat mar budh clár tana i dtír.


47 Sgéal na gcuisneadh dár chóir tosach

nír thaidhleas fós fiort budh mhó

a n-adhaint is tú gan teinidh

nír dhú tabhairt deiridh dhó.


48 Síoth ó Chriosd cionnus do ghéabhainn

ar ghrádh Dé dá ndlighim searc

i ngioll ar dteagaisg ó táimne

teagaisg do chionn áirmhe t’fheart.


49 Gabh do láimh i ló na héigne

eire m’anman ós ort do thuit

bheith ós ar gcionn mar chrann díona

sionn gin gur clann díola dhuit.


50 D’éanduine d’fheabhas a thuigse

ní tugadh fós fios a bhreath

cia lé mbadh dearbh gan a dhaoradh

Dia ’n-a leanbh dá naomhadh neach.


51 [Nach] fionntar gá feart ar cuireadh

clí an éarlaimh dár fhada lá

ní dhiongnadh sin é gan adhbhar

mo chin cré talmhan fá dtá. Fada.


52 Go bhfagha an t-aingeal ’s an t-éarlamh

i n-uair mo bháis ní breath lag

ó tá a dtol ag teacht le chéile

an ceart dá chor féine i bhfad. Fada.