Poem in printable PDF format
Fada i n-éagmais
inse Fáil
[Gerard Murphy,
‘Poems of exile by Uilliam Nuinseann Mac Barúin Dealbhna’,
Éigse 6, 8-15]
William Nugent
cct.
1 Fada i
n-éagmais inse Fáil
i Saxaibh [dia do
dhiombáidh]
sia an bhliadhain
ó Bhanbha a-bhus
[’s labhra
dhiamhuir ar ndúthchus].
2 Uile m’ansa
d’fhéin Dealbhna,
dom ghaol, dom
aos oileamhna,
damhna ceangail
mo chroidhe
d’eangaibh Banbha
braonaighe.
3 Mo-chean tír na
gcúan gcubhrach,
Fódla chrannard
chorrubhlach;
binne ós gach
cúil a ceól;
gile a húir a’s a
haieór.
4 Glan a locha ’s
a linnte;
aoibhinn álainn
firminnte
a’s tarbhach toir
gach dhoire
do mhoigh arbhach
Iúghaine.
5 Garg a laoich i
ló fheadhma;
álainn a mná
míndealbha;
lúath a coin,
crom a stéada;
trom le cnoibh a
claoinghéaga.
6 Atáid fós
adhbhair oile
fá-deara dhamh
mh’ionmhuine:
oirdheirc a
gcoireabh ’na [?] cheann
do thoirbheirt
oirear Éireann.
7 A haifrinn, a
huird chrábhaidh,
a haos ciúil [mo
chompánuigh],
filidh cláir
Ghall a’s Ghaoidheal,
ann is cáir do
chommaoidheamh.
8 M’aittreabh
sunn is fuar fallsa;
goimheach gaoth
na bhfearannsa;
searc m’anma don
chloinn chroidhe,
do Bhanbha Choinn
cathaighe.
9 Gibé uaibh do
bheath a-bhus,
dá roiche a-rís
dá dhúthchus,
fearr ós chách
do-chím a chor:
go bráth ó’ thír
ní thiogfadh!