Poem in printable PDF format
A leabhráin
ainmnighther d’Aodh
[Bergin, Osborn:
Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 1; see also Ó
Buachalla, B. Celtica 21, 408-10]
Eoghan Ruadh Mac
an Bhaird cc.
1 A leabhráin
ainmnighther d’Aodh,
atá libh
léighionn neamhdhaor,
go hInis
bfódghloin na bFionn,
bhus milis
d’ógbhuidh Éirionn.
2 Atá a
tteanguidh ar máthar
sonn - ga saoire
soláthar? -
léighionn bhus
cian ar cuimhne
a bfiadh Éirionn
iathghuirme.
3 Atá arna tionól
sonna
cnuasach glan
deas ndíoghloma,
do thriath
sluaghaidh Gulban Guirt,
as cluanuidh
ughdar n-ordhuirc.
4 Teagusc diadha
ar a dhruim sin,
eolus ealadhna an
ghaisgidh,
d’iath Éirionn
agoibh anois,
léighionn caguidh
is cunntois.
5 Ag ceangal
chairdeas a síodh,
ag toirmeasg uilc
is fhairbríogh,
nó ag triall
caguidh gi-bé bheas,
ní habuidh é acht
led t’oideas.
6 Meic eagailsi
gidh iad ann,
tarbhach don
lucht ros-léaghann,
’san ord
ghaisgidh gi-bé bheas,
bhur bhfaigsin ní
hé a aimhleas.
7 Aodh Ó
Domhnaill, dóthchus cáigh,
arnad léaghadh, a
leabhráin,
a bfuil leibh
labhair iar soin,
ná ceil ar
dhaghfhuil nDáluigh.
8 Ar Shíol
nEoghain, druim ar dhruim,
nó ar laochraidh
Chinél cConuill,
ná biodh
t’fhoilcheas, toill a ttoil,
oircheas roinn
ris an ríoghraidh.
9 Ná ar neach don
chloinn charfus sibh,
Ír, Éiriomhóin nó
Éibhir,
no Luighdheach
mheic Íotha fhéil,
ní bad sgíotha ód
reic riúiséin.
10 Ní bad sgíotha
dot sgéulaibh
na Búrcaigh, na
Builtléaruigh,
na Gearoltuigh do
thuill toil
tar seanfholtaibh
fhuinn Fhionntoin.
11 Ar neach do
shliocht Gaoidhil Ghlais
ná ceil gach iúl
dá n-uarais,
ná ar
Sheanghallaibh fóid na bhFionn,
lér cheanglamair
óig Éirionn.
12 Meic ollamhan
Innsi Fáil,
beid romhuibh lán
do lúthgháir,
god choimhreic ó
bheól go bél,
budh oirdhreic
t’eól san oilén.
13 Tabhair ar
gach n-aon umhla
don aos eagnoidh
ealadhna,
connailbhe as dú
ris an dreim,
tú ar a
ccomairghe cuireim.
14 Ar son go
sealbhuighim sibh
d’Ú Dhomhnaill
tar fonn bFionntain,
an fonn ar gach
taobh tiomchuil,
ronn ris gach
n-aon d’Éirionnchaibh.
15 Ar nGaoidhil
ar bFionnghoill féin
beannacht tre
dhíograis dóibhsein
beir mo
bheannacht go fonn bFáil
beannacht sonn
leibh, a leabhráin.