firstLine"; ?>

891. Fada is othras eag Donnchaidh $
Length: long 40qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  2. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch na R. 1744-5
  3. BL Egerton 111 F. O Scannail trscr. RIA2
Motifs:
  1. nobility of ancestry
  2. poet-patron relationship
  3. nature mourns
  4. death at outset of career
  5. general grief
  6. grave site named
  7. poet’s own mourning
  8. patron observed church’s immunity
  9. childhood
  10. sickness
Poet Christian Names:
  1. Cormac (RIA 2)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Donnchadh mc Finghin & m ing.Eamuinn
Patron Surnames:
  1. MacCarthaigh (chief’s grndsn,ua Eoghain
Apologue Subclasses:
  1. Conn son of Cathal O Conch. Sligigh dies
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fada is othras éag Donnchaidh

[RIA 2 (23/F/16), ‘O’Gara’, 201]

Cormac Ó Dáluigh cecinit

[Deibhidhe, Dán Direach]


1 Fada as othrus éag Donnchaid[h]

do leath cuid dá chomharthuibh

fá fhonn bfhéarnáoi mbothgcas mBredh

ní othrus áonláoi a oigheadh.

2 Lot gan dáil ccabhra ’na chionn

táinig ’na chomhlot coitchionn

gidh lot úr a muigh Mumhan

do chuir cúl ré cneasugadh.

3 An t-oilbhéim-si go nua a-niogh

aradar ogbhuigh Gháoidhiol

easgoir ’na chló ní chuirid

easbhoigh as mó mhothuighid.

4 Tamhan a mac samhla soin

móide as othrus éag Donnchaidh

ar a thréad féin ní faghthuir

an ghéag do réim ríoghCharthuigh.

5 Ga seadh cumha thíar is toir

a nÍbh Cairbre a ndiaigh Donnchoigh

ní cáoi fhóirleathan nac fhuil

ar coimhleathadh chráoi Chobhthuigh.

6 Ní lot ceall ní hinntinn uilc

do gearr laithe an óig ordhuirc

acht a lá as-teach ar ttoigheacht

creach a-tá gan tóroigheacht.

7 As feasach gur fagbhadh linn

a oighidh cred nach cáoinfinn

ar mbúaidh n-einigh ar n-anáir

a n-úaigh d’eighir Ealanáir.

8 Ua Mhéig Cárthuigh nar chláon coing

gó ros dá fholach oroind

ream ló romhainn ní rachadh

dó dá bfhaghoinn m’ordachadh.

9 Gúais dóibh gidh líonmur do leath

neart chloinne Carthaigh Cairbreach

gur bhúail a béal fa a ttreisi

an lean fúair an finei-si.

10 Oighre Fi[n]ghin fada an ceas

a ros oilithre a n-uaigneas

’ná shíorloighe gidh táom tinn

gáol na ríoghroidhe ó Ráoilinn.

11 Gan dúil aige eirghe a-mach

sáodh leam a chor a ccúmhdach

bláth na bfheadh do shíol S[h]adhbha

fá-ríor gan f[h]ear n-agallmha.

12 A ccluinntear linn d’iomrádh air

d’éis oighre mic Méigh Cárrthaigh

ar mímheanma a mhéd do chuir

an ghéag fhíneamhna abuigh.

13 Bíth go n-abruid eóluigh rinn

bheith dá dheanamh nach dlighfinn

tréam chéidfhear comtha do cháill

tréigean mh’orchra ní fheadaim.

14 Fúair oighidh a aithgin sin

damhna céile chlair Slighidh

ní fríth gur fhás dá fholuibh

díth dá bhás bú baramuil.

15 [I]na dheóigh cían bús cumhuin

oighidh oighre í Choncubhuir

damhna bróin na táoibhe thall

dár ccáoine as cóir an conchlann.

16 Mór dá dháoinibh ’na dheaghuidh

gan é acht a n-áois óigleanuibh

do ghlac cathaigh dá chumhuidh

mac Cathail Í Choncubhuir.

17 A tháosga tainig a lá

sean a chinig do chláoclá

an geagshlat go ttrom ttoruidh

Conn ceadmhac(h) Í Concobhuir.

18 A lá mur thainig as-teagh

planda óg dob fhearr aignedh

beó nír fháguibh dha fhine

na d’óguibh a aimsire.

19 Mór le ndeachuidh d’iomrádh air

an bás-sin Cuinn mic Cathail

leir thinn gan a bheith ’na bhréig

gan chreich ré linn a leithéid.

20 Acht an Conn-soin cían ó shoin [202]

as fearr oireas d’eag Donnchaidh

fa mhúr ngéigeal ttonnmhall tTáil

conchlann nirbh éidir d’fhaghail.

21 Mac Cathuil is úa Eoghuin

dha ghéig uaisle inleamhuin [leg. -leo-]

téid a cclú ar-áon re ar-oile

dá chnú na ccraobh ccubhroighe.

22 Ionann úaisle dá bfholuibh

an cúpla gan chomhroghuin

ionann clú do-chóidh ortha

dhá cnú óir dob ionc[h]omhtha.

23 Géag d’fhiodhbaidh chubhra na cCorc

do bhí aguinn ar íasacht

nírb é an tamhan gan toradh

dá n-anadh ré [a] aibioghadh.

24 Nír habhar iongantas di

buaidhredh bróin chríche ó cCairbri

diorma slóigh bhráonachuigh Bhredh

áonfhachuin bhróin da mbuaidhread[h].

25 Combáidh bhróin da mbeith go bhfoil

feadh a dhuithche a ndiaigh Donnchaidh

mo a-tá isna háirdibh oile

Cairrbrigh an lá is líonmhuire.

26 Ag grein ag ré no ag realluinn

as dislighthe ag duibhnealluibh

ní faighthear lé ciaidh cumha

taithneamh a ndiaigh Donnchadha.

27 Da mbeith cuid amharuis air

iomdha séala ar dhul Donnchaidh

grían gan teas tuar ganaradh [leg. tor-?]

nuall na n-eas ag ardughadh.

28 Ní lugha gach lot eile

dó-ní olc na haimsire

teirce tochta ar tolchuibh air

gorta torchair a ttrághaibh.

29 Nír fháguibh da cnúas ar choill

ní hé a-mháin íasg ar abhoinn

gan lot acht máothchna millte

crot fráochdha na firminnte.

30 Bíth go ttiogfadáois a ttír

lé fraochla neimhneach neimh[sh]ín

toghbhaigh aithfe a ndáil Dhonnchaidh

tairthe ón tráigh na tabharthóir.

31 Luach a shíl dó shochair air

ní fríth linn ó tá a ttalmhain

nach foghuir torchar ón tuinn

Donnchadh ’na fhogluidh oruinn.

32 Nach faghtur cna ar chráobhuibh cúill

nach faghthur úbhla ar abhuill

fas feóir na doinnmheas ar dhair

dar ndoilgheas a ndeóigh Donnchaidh.

33 Gan dáil cabhra gan chumuidh

séan na n-óg a n-íarMhumhuin

ní díol cáir a ndul Donnchaidh

cur cháigh tar a ccomharthuibh.

34 Beith dhi ’na tuile thoruidh

ní beanta do bhearamhuil

srotha comhnoighe ós a cionn

sgotha gormdhoille glaisleann.

35 Ad bláth óg gur imthigh sibh

mó dó bhí dóigh ag dáoinibh

bheith dheit a[d’] cinnbhile ós cóill

a mheic inghine Éamoinn.

36 Go ttug Dia ar ndrúim rer-oile

ceangal seirce síorruigh[e]

as t’óige do-roighneas ruibh

móide ar ndoilgheas ad dheaghuidh.

37 Mar go mbéimis ríamh roimhe

cneas ré cneas a ccomhnoighe

trúagh gan m’anam mur-ráon ribh

’s mó cholann táobh re[t] taisibh.

38 Radharc aithghearr do mheall me

arus uaidh día do dhoilghe

beag narbh [fh]earr gan é d’fhaicsin

is gearr ré ón radha[i]rc-sin.

39 Gidh bé do bhearadh a bfaill

cáoi mheic ingheine Éamainn

siol ná ndeighrígh ó Bhoin[n] Bhredh

deimbrígh ní cóir ’na cháoinedh.

40 Iomdha líne as líonmhar sdair

do ghabh neart dod [fh]réimh romhaibh

ad dheóigh a-tá gan treisi

ar lá leóin an línei-si. Fada...