Poem in printable PDF format
Fada leam an lá
a-márach
[Thomas F.
O’Rahilly: Measgra Dánta I, poem 16]
1 Fada leam an lá
a-márach
gan chara gan
chompánach, -
tar és an chuire
rom-char
gan spés i nduine
ar domhan.
2 Ó Dhoire Mhic
Lachtna i le
triallfad le
teacht na maidne
tre Chlár slim na
sleagh bhfiuchair
feadh mo chinn i
gCúileachaibh.
3 Uchán! fúigfe
mé a-márach
mo chuire saor
soghrádhach,
drong
mhíonnaoidhe ghríobhdha ghlan,
díorma is
díomhaoine ar domhan.
4 Daoine is binne
beóil chorcra
’s is caoimhe
cruth éadrochta,
drong shéimhidhe
naoidhe nár,
daoine is
céillidhe comhrádh.
5 Daoine is taise
taoibh gheala,
daoine is cunnla
croidheadha,
daoine gan aithne
ar an olc,
aighthe is
caoimhe do chonnarc.
6 Gi-bé
ad-chífeadh a gcruth nár
nó do chluinfeadh
a gcomhrádh,
dar lais ní
daoine an dream glan
ón fearr gach
aoighe d’iomchar.
7 Gile a
mbráighdeadh mar bhláth sgoth,
gloise a ndearc,
duibhe a malach,
cuirp niamhdha,
trillse tromdha,
briathra millse
miochardha.
8 Dá mbeth gan
éanmhaith ele
do bheth ionnta
dh’áiridhe,
do b’fhiú urraim
Innse Fáil
millse a gcumainn
’s a gcomhráidh.
9 Fionnghuala is
cách ar cheana,
mairg fhúigfeas
na hingheana,
sgor
soidhealbhdha ógh iodhan;
sódh doimheanma
an deleaghadh.
10 Ionmhain dias
fhúigfidhear ann,
Fionnghuala is
Giolla an Ghabhann;
truagh mar tá an
cridhe ar a gcor,
na mná is dile ar
domhan.
11 Cuimhne ar a
mbriathraibh binne
’s ar áilghine a
n-intinne,
aighthe
sídheamhla ar snuadh sgoth,
badh tuar
mímheanma a-márach.
12 Mairg fuair a
siansán síthe
’s a mbeóil
chráite chruibhfhíthe,
beóil nár
dhiomolta do dháimh,
’s a sgeóil
ionganta d’fhágbháil.
13 Inghean
lághach Í Lochlainn,
gnúis ríoghdha an
ruisg abhrathruim,
más í do chráidh
mo chroidhe,
ní hí a-bháin don
bhanchuire.
14 Mairg bheas ar
comhair a gcruth;
mairg dhúinn
mhairfeas a-márach,
tré aoibhneas na
hoidhche a-nocht
san shaoirlios
fhoirfe éadrocht.
15 Fada leam an
lá geamhraidh
d’éis imtheachta
ón ingheanraidh;
gearr ó anamhain
aca
an ghamhadhaigh
ghamhrata.
16 Ríghe an
bheatha ó thuinn go tuinn,
saoghal Fionntain
dá bhfaghainn,
biaidh choidhche
ag crádh mo chridhe
dál na hoidhche
d’áiridhe.
17 Is mairg rug
eólas orra,
is mairg nár an
eatarra;
mná an tighe is
teagh na mban
mo-chean cridhe
nách gcarfadh.