Poem in printable PDF format
Fada mé ar
mearughadh sligheadh
[Brian Ó Cuív,
‘Fada mé ar mearughadh sligheadh’, Celtica 1, 285-293]
An Bard Ruadh
cc.
Fada mé ar
mearughadh sligheadh,
dob easbhadhach
mh’amharc,
an tslighe ghlan
fós go bhfaicear,
ní rod glan do
ghabhus.
Ní fetur
díothladh mo doibheart,
an díomus gum
dhalladh;
mo lámh ó lasair
na bpeacadh
Athair na ngrás
gabhadh;
seóladh mé ar
deighiúl fá dheireadh,
mé ar neimhiúl
a-nallan;
dha chead
go bhféduim-ne a fromhadh
fleadh énoighre
an Athar.
Ní díreach mo
chéim dhá caithiomh -
sírfhleadh na se
ndabhach;
ní buan, a
chalann, do chomhar,
fuar don anam
t’fhasgadh.
Turas na hanma ar
cuairt chugad,
a thruaill
fhallsa fhalamh,
budh cuairt
chaorach dho fá dheireadh
a ccaomhthach con
alladh.
Dá
bhfédadh cách dol a ndaingion,
ag so an bás ag
bagar.
Croidhe is
díochra ag díon na bpopal,
re hÍosa Críost
canfad.
A Fhir thuas,
toirche dom fhurtacht;
truagh, a
Choimdhe, ar ccadladh;
musguil an tréd
atá ar t’fheithiomh,
atá an t-ég san
adhart.
Ná tréig an
muinntir-si ar musgladh;
is cuimhnighthe
an cadach;
tréd bheith, a
Mheic, ad mhac sheathar
gabh, a Mheic, ar
macnas.
Gá tarbha misi do
mhusgladh
’s an cridhe ina
chadladh?
Ad leith féin
leigmíd ar leighios,
mé ar do neimhthí
a-nallan.
Tú an fear is
urra rem fhurtacht,
nemh tusa
agus talamh.
Leat, a Dhé, an
cruinne ar do chumus,
leat féin uile
th’athnamh.
Tú do césadh agár
cceannach,
tú énMhac an
Athar.
As tú an rí
do-chuaidh le cagar
a ccli, fá cuairt
charad;
go Muire do
asdair t’aingeal,
gabhuis
chuice a chagar;
mo-chean do bhí
taobhthrom torrach
ar do chlaonbharr
chladhach.
Mar sin dí re
n-iodhnuibh orad,
is sí a
n-iomdhaidh asal;
a laegh Muiri, a
Mheic ar seathur,
nir cheist
uirri h’altram;
do an agá dalta i
ndochur
’s a bas tana
tharad;
a bheith fúd is
céim dom chreideamh,
a glún dob é
h’adhart.
Cíoch gheal ad
bhél-sa as a brollach
seal mar fhésda
agad;
do-ní bhar
n-iomchar go humhal
h’ionnladh agus
t’fhalcadh.
Fuair an Ógh, is
tug a thoradh,
go lor d’ulc gut
fhalach.
Do Mhac, a
Mhuire, a Ógh iodhan,
as lón duit-si a
dhaltas;
giodh é
fein do iomchradh eision,
do hiomchradh é
agad.
Féch leat an
cleas-soin dá chleasaibh,
beag
d’fheartaibh an Athar,
Mac Dé ar a bhfud
agá bhfeithiomh
níor léir dhá
lucht fhaladh;
a chéim ina
cceann dá cceandach
níor chéim
a cceann charad.
Ionnsa corp
Críost ar a ccumus,
och an gníomh a
ghlacadh.
A fhíonfhuil fá
lár gur leagadh,
lámh gach Íodhuil
as-san;
gur fríth dá
chésadh a chead-san
do fhétfadh a
fhalach.
Adhbhar deór
tairrnge na ttroightheadh
’s dá thairrnge a
mbeó a bhas-san;
an choróin sbíne
is tearc thuigios
nó cneadh chíghe
an charad;
níor lór a
throighthe do tholladh
a chroidhe gur
casgradh.
An uaigh ar Dhia
mar do druideadh
grian ón chuairt
’na cadladh,
Mac Dé gur
théarna dar dtoirreacht
ré agus
rédla a bfhalach.
Táinic slán do
chead a chumhacht
an treas tráth a
talamh,
do-chuaidh an
céim-si do-cluintear
ar n-éirghe as a
fhalach.
“Maith sén do
thriall as an turus,”
a-dér, a Dhia
Athur,
“éirghe mhoch, fá
maith an siobhal,
’s an chroch ret
ais agad,
gus an teach
ndoineannta ndubhach;
as coisrioctha an
cagadh.”
Do Chríost ó
nárbh áil a osgladh
do ráidh Críost a
gcanabh.
Ar chan an
Coimdhe, as dá chleasradh,
’s na doirrsi ar
na ndalladh;
“déna féin
osgladh,” ar eision,
focal ar ar
hanadh.
Do aomh gach
aondorus osgladh
d’aonfhocal an
Athar;
a námhaid agá
léim leis-sion,
sé an lá-sain
níor lamhadh.
Ag teacht tar na
doirsibh dho-san,
na troich-sin gan
tapadh,
dream ór lia
tuisleadh ag teitheadh
siad níor
bhuidhion bhalach.
Ainbhfine ón
chuairt ar a chumas
cuairt ainglidhe
an Athar,
gér ghearr a
n-iffreann a fhuireach
’na imioll níor
an-san.
Dá ndeach srian
cóir risin gcreidiomh
led dhóigh, a
Dhia Athar,
ní hí an radhóigh
dhún is dligheadh
’s ní dú andóigh
as-san.
Bíodh, a dhuine
atám do thegusg,
grádh na n-uile
agad,
ná bearar
leat go luath leithbhreath
ar luach ná ar
leas carad.
An bás ós do
chionn ad chadladh;
ná biodhg tré
bhás t’athar,
ar [a] bhás ni
féttar feithiomh
má tá énmhac
agad.
Ag sin an bruach
fúd ag filleadh;
a thrú, is truagh
do chadladh;
cuir do
chroidhe leisin gcreidiomh,
duid as goire an
gadhar.
Ní léir duit-si
an uagh gá hosgladh,
truagh, a dhuine,
an dalladh;
ní tráth peacaidh
dhaoibh-si a deireadh,
deasgaidh
h’aoisi agad.
A fhir nach
cluineann an comharc
’s do
chluinfeadh an cagur,
cridhe borb cúl
risin gcreidiomh;
’s gur chrom tú
go talamh.
A fhuil dábhur
ccion do cuireadh,
giodh mion a
bhfuil agad;
ionnonn duit, a
dhuine, a dortadh
’s luighe um
fhuil an Athar.
Ní linn feasta
gan ar bhfeithiomh,
teasta a rinn ón
radharc;
an t-earla
glébhuidhe ar ngealadh
ní
fhétfaidhe a fhalach;
do rosg, a
dhuine, fá dheireadh
’na loch uisge
agad.
An t-iúl ag
imtheacht óm eacthra,
stiúr mé, a
inghean Anna,
tarra is
díorghaigh mo chéim chugad,
síodhuigh mé réd
Mhac-sa.
Ní choisgfe a
fhearg-san sin ort-sa,
do dheaghMhac, do
dhalta.
Gabh ar a fheirg
an tráth thiucfa,
gabh leinn lá na
tagra;
gar, a Mhuire,
dhaoibh mo dheala,
léd dhuine gaoil
gabh-sa;
mo bhreith
ar neamh naisgim ort-sa
sa teach
bhfairsing bhfada. FADA MÉ AR MEARUIGHADH SLIGHEADH