firstLine"; ?>

899. Fada o Ulltaibh a n-oidhre $
Length: long 43qq
Certainty: 4
Period:
  1. 15th early
  2. 15th mid
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. TCD 1318 (H.2.16) pseudo-YBL 15th c
  2. RIA 743 (A/iv/3) 17th cent.
Prints:
  1. transl. Aithd. Dana no. 8
Motifs:
  1. nobility of patron’s ancestry
  2. spartan life of warrior
  3. war with Foreigners
  4. prophecies of ruler
  5. legal terminology
  6. citation of historical precedents
  7. Historical comparisons
  8. brughaidh, farmer, hospitaller
  9. imirce, migration
  10. teach tabhairne
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Og (YBL, RIA 743)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Conchobhar (mc Diarmada mc Chonch.)
Patron Surnames:
  1. O Conchobhair Ciarraighe
Apologue Subclasses:
  1. Exile of Fearghus mac Roigh
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fada ó Ultaibh a n-oidhre


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 8]


Tadhg Óg Ó hUiginn cct.


1 Fada ó Ultaibh a n-oidhre

iul díreach dá ndearnaimne

a ríghe ag Ultaibh ní uil;

Ultaigh fhíre ní hUlaidh.


2 Do cuireadh clanna Rosa

ó chosnamh an cheannasa;

ríghe ní uil ag Ultaibh

an fhuil fhíre is ionnarbthaigh.


3 Cóigeadh Uladh re hathaidh

nír ghabh éinrí d’Ultachaibh;

clann Eoghain i n-a n-ionadh

deoraidh ann ar n-áitioghadh.


4 Dá bhfaghthaoi do fhréimh Rosa

oidhre d’agra an dúthchasa

ba tearc d’Ultaibh re a aghaidh

ó nach Ultaigh Eoghanaigh.


5 Do folchadh d’oircheann uaine

teaghdhais Macha Mongruaidhe;

caill is abhla i n-áit Eamhna

cáit i dtarla a tighearna.


6 Ón léan uaradar Ulaidh

a-tá Craobhruadh Conchobhair

- ní d’Íbh Néill as neasa a ghuth -

’s a dreasa féin ga falach.


7 Síol Néill as neartmhar lámha

ní hiad tuirthe a tógbhála;

cuirthe go hÍbh Néill a-nonn

a tuirthe féin dá fulong.


8 A-tá iath aicme Rosa

ó ionnarbadh Fhearghosa

- do b’am a dhíoghalta dháibh -

gan fhíorUlta ann d’admháil.


9 Ionnarbthar ar fhud Banbha

Clann Fhearghais ón athardha;

uathadh tír ó mhuir go muir

gan bhloigh dhíbh acht a ndúthaigh.


10 Do bhean Ulta dá aicme

nar chosain a chomhairce

Fearghus acht cidh fada ó shain;

neamhghus aga fa Ultaibh.


11 Gé do bhí d’Fhearghus ’n-a oil

meabhal mic Fhachtna Fháthaigh

éacht d’Ultaibh nocharbh áil leis

ar láimh Ultaigh ga aithreis.


12 An chuid as fhearr d’aicme an fhir

ó ló marbhtha mac n-Uisnigh

fa dhoirr a-muigh sa Mumhain

go bhfuil ’n-a cloinn Chonchobhair.


13 Rí Iarmhumhan airgneach Gall

cóigeadh Uladh a fhearann;

le síol Róigh eidhreacht Uladh;

don tseinshliocht chóir Choncobhar.


14 Ó Conchobhair cóir a bhrath

is é oidhre na n-Ultach;

ge chuin ríoghaimne Ó Rosa

fíoroidhre d’fhuil Fhearghosa.


15 Ag súd Tulach Óg uainne

is caithir na Craobhruaidhe

dá n-oidhre dhíleas budh dhéin;

ní dímheas oirne eiséin.


16 Ná bíodh i n-ainbhios Oiligh,

déanadh Éirne d’ionnsoighidh,

is déanta seineol nua a-nois

ar a cheineol d’ua Fhearghois.


17 Dá dtréigthe is truagh ar ndímheas

ráith Eamhna ar an aindíleas;

sealbh Dhúin Geanainn an nglacfa

seach úir fhearainn iasachta?


18 Má tréigear cairt a chinidh

ar sheal do chrích choimhidhigh

grádh d’fhearann chloidhimh nír cháir

is seanfhonn Oiligh d’fhágbháil.


19 Ar mearughadh sa Mhumhain

a-tá mac mheic Conchobhair;

brad gan bheith ar an eolas

ar leith gá fhad fhuileongas?


20 Mac Diarmuda na ndearc mall

fada a-tá - truagh an fulang -

i ngné Mhuimhnigh sa Mhumhain

sé ’n-a fhuilngidh d’Iarladhaibh.


21 Cúitigheadh re cathaibh Gall

a bhfuil aca dá fhearann;

freagradh só an gríosadh do-gheibh,

ná tíosadh dó sna díslibh.


22 Tiomsaigheadh aicme Fhearghais

do thabhach a tighearnais;

córa dháibh comhlann do chor,

ní fhoghnann a mbáigh briathar.


23 Ná déanadh fuireach fada

nach mealltar Mac Diarmada

clann Rudhraidhe agus Rosa

dá n-ullmhaighe an eachtrasa.


24 Aithnim dhá earla dhruimneach

- lór a fhad as Iarmhuimhneach -

go ndeach an eachtra i n-inmhe

gan teachta i dteach tháibhirne.


25 Baoghal liom do laoch Caisil

re dteachta sa turaissin

fuighle a bhrughadh is a bhan

cuirme Mumhan dá mhealladh.


26 Dá leana oidhreacht Uladh

is eadh chaithfeas Conchubhar

fulang anshóigh na heachtra

i n-anóir na hoidhreachta.


27 Ní fhuil beart dá mbia roimhe

nach faiceann flaith Ciarroidhe;

an rí ní bhiu ga bhrosdadh

gach ní ad-chiu do-chonncosdar.


28 Do chodhnach críche Oiligh

is iomdha dá fhiarfoighidh

a ndubhrubhar nó a ndingne

ullmhughadh na himirghe.


29 Anta go dtí do thionól

gan chur re crích n-Éiriomhón;

ní roibhrisg ag triall tusa

’s ní mian toirmisg thurusa.


30 Córaide dhuid, a dhearc mhall,

gan teacht le tionól n-éadtrom;

ní ní ar do ghaol do-ghéabha,

a rí, acht taobh re dtoibhéagha.


31 Meisde dhuid uaisle th’fhola

muna fhóire th’easbhadha;

dá ndeach uaibhse Inis Fáil

nír dhlighis t’uaisle d’admháil;


32 Dá shinnsear dhuid, a dhearc ghlas,

Eochaidh Feidhleach is Fearghus;

séan, a rí, an fhréimh ó bhfuile

nó bí sa réim ríoghruidhe.


33 A-tá ionad, a fholt lag,

fuil Mogha neimhnigh Nuadhad;

crú Mogha mairg i n-a bhfuil

’s nach tairg dhola ’n-a dhúthaigh.


34 Ná han ar inmhe as lugha

ná ar thabhaigh Brian Bórumha,

ná séan a bhfuil d’uaisle ort;

cuin ghluaisfe leis an ngreasocht?


35 Fuileongaidh tú, a thuir Gaillmhe,

is í críoch do chomhairle

do mhian anocail th’uaisle

t’anshocair is t’anbhuainse.


36 Ní bheir an athmhadan ort

gan a mbí id dhún do dhúsocht

sleagh ghéar gacha láimhe libh

le sgáile méar sa maidin.


37 Suan corrach is cleachtadh dhuid

ag fuireach ret fhear gcomhruig,

do bhas gheal um dhornchla ndéad,

is t’fhear comtha gud choimhéad.


38 Duid do bhí i ndán, a dhreach gheal,

an chríochsa chloinne Míleadh;

ort do fhuighill Flann file

rann fuighill na fáisdine.


39 Tú Ó Duibhne, a dhreach mhálla,

tú breágthóir na bandála,

tú do bhí ar iarraidh ó Fhionn,

a rí ós fhiannaibh Éirionn.


40 Tú do iomlait an t-as óir.

go Doirinn d’iarraidh éalóidh

dá bhfuair gach cos dod chosaibh

a huain don as órdhasain.


41 Tú an dalta do bhí ag Bodhmuinn

ler éirigh gach éanfhoghluim;

tú do bhaoi i gcuasaibh na gcrann

gan dlaoi uasaibh dot altrom.


42 Tú an laoch gar leanadh an Táin,

lat do marbhadh mac Damháin,

do chaith sé fhíoch ar t’aghaidh

an té le bhfríoth Fiondabhair.


43 Sódh leanta a lochta foladh

rí Ciarraidhe Conchobhar

[do] dhruim cheilge nocha chló

fa thuinn feirge go bhfadó. Fada.