Poem in printable PDF format
Fada re a
choimhéad clú Roisdeard
[Carney, James:
Poems on the Butlers: of Ormond, Cahir, and Dunboyne (A.D.
1400-1650), Dublin, 1945, poem 1]
Torna mac
Maoilín.cc.
1 Fada re a
choimhéd clú Roisdeard
do réir
chéimeann,
sén d’fhior an
tromchlú nach trághann,
onchú
Éireann.
2 Onchú Éireann,
éigne Bearbha
nach beag
áiriomh,
daor cheannghus a
chlú ó chliaruibh,
bladh nár
báidheadh.
3 Sliocht
Cathaoir Mhóir is Clann Créidhe
do char
Frémhann
ag coimmeas re
díol a ndáileann,
is ríomh
réllann.
4 Geall
coimhleanga do chlú Roisdeard -
ní réim diamhair
-
gur sháruigh clú
Í Néill náraigh,
béim don
Bhrianfhuil.
5 Lomnán dá chlú
críocha Sagsan,
seólchrann
Alban,
ní raibhe ar chlú
ann a urdail,
lann nár
laghdadh.
6 Lánrobhurta
d’fholaibh iarla,
oineach
iomnáir,
Roisdeard
Buitléir nach tearc tromshlóigh,
ceart re
connmháil.
7 Aisdreach ar
chlú an mheic-sin Mairghrég
tar muir
ttonnruaidh,
ráinig ar cuairt
ó ghéig Gabhráin
san nGréig
gormruaidh.
8 Coimhéd clú mu
cheard do Roisdeard,
rogha
nuachair,
lór d’aoinfhear
mar ord a fhéchuin,
borb an
buachuil.
(a) Fa borb an
buachuil 7 fa haimhghlic an t-aoghaire Conall Clogach mac Aodha
meic Ainmireach tar éis a easguine do Cholam Chille ag mórdháil
Droma Ceat, ag feitheamh 7 ag forcoimhéd Bearnuis Mhóir Tíre hAodha
car gacha caomhlae. Agus do bhuail trí laochbhuille lánmhóra dá
luirg gacha tráth nóna ar taobh na tolcha ar eagla élóidh don chnuc
tar Cruachuin siar; as cosmhuil sin rem cheird féin, ag feitheamh 7
ag forcoimhéd clú Roisdeard Builtéir, meic an iarla. Ór ciamadh
amhlaidh no bheinn 7 seacht ccinn orm, 7 seacht mbeóil ar gach
ceann díbh, 7 seacht tteangtha in gach bél díbh, 7 seacht solabhra
suadh in gach teanguidh, budh doiligh damh teisd 7 tuarasgbháil
meic Iarla Urmhumhan d’innisin, ar ghal 7 ar ghaisgeadh, ar neart 7
ar niadhachus, ar dheilbh 7 ar dhaonacht.
9 Daonacht
Roisdeard ní reich éinfhear
d’uaislibh
Banbha,
do ghabh risin
ccléir do choimhdhe
céim as
calma.
10 An curaidhmhír
mar Choin Eamhna,
oga Mumhan,
do-gheibh triath
dúinn, feart ag fleadhuibh,
ceart an
churadh.
11 Deacair
coimmeas re mac Mairghrég
ar mhéd
oinigh,
iadhadh gaid um
ghrán nó um ghainimh
as dál
doiligh.
12 Imirt ríogh fá
Risdeard Buitlér,
bearta
réidhe,
ceannchar leis
gach dán dá dhaoire,
clár na
cléire.
13 Crann ós
fhiodhbhaidh d’fhuil na n-iarladh,
ard ar
dhuasaibh,
do thuill a
ghnaoi barr ar bhéasaibh,
ar gcrann
cnuasaigh.
(b) Agus crann
caomháluinn cnuasuigh innisid eólaigh do bheith a n-iathur na
hInnia, 7 bídh meas abaigh ionbhuana gach aonráithe don bhliadhuin
air. Agus atá crann orrdhruic éxsamhail oile a n-iathur na hEórpa
do-rinne fás 7 furbuirt tré dhoire dhíoghuinn na daonachta 7 tré
lubhghurt fhíorchumhra na féile d’fhíonfhuil échtuigh airdmheic
uasail orrdhruic na n-iarladh. Agus iongnadh oile: mar bhíos an
bile buadhach sin ag comhroinn cnuais 7 ag bronnadh bláith do
thriathaibh 7 do thighearnaibh, d’amhsaibh, d’fhíorlaochaibh,
d’éigsibh 7 d’ollamhnaibh, 7 do chách uile gu comhchoitcheann, 7 ní
lughuide a mheas ná a mhórthoradh a gcuireann dá chnuas ó
chéile.
14 Mac iarla gan
cruas, gan caoile,
duas as
déine,
do chuir a chlú
tar gnaoi Guaire
gu Baoi
Béirre.
15 Téid a bhladh
’s a ainm gu hÍle,
failm na
féile,
conchlann dá
mhaith is dá mhíne
flaith na
Féine.
16 Do chonnuimh
linn táith gach tíre
cách ’na
chéile,
ré lán do reacht
na riaghla
nach tearc
tréidhe.
17 Gég ordhruic
don fhiodh as úire
nach mion
méine,
do-gheibh díol
deacra gach dáimhe,
fearta féile.
(c) Agus as mór
na fearta féile do mhac Iarla Urmhumhan a chlú 7 a ainm 7 a áireamh
arna sgríobhadh ag ollamhnaibh sgol críche Banbha a leabhruibh irse
7 annála .i. Roisdeard rathmhur robhladhach, mac miadhach meargánta
Iarla orrdhruic Urmhumhan, 7 Mairghrég mhasglach mhórdhuasach,
inghean Gearóid ghruadhchorcra, Gúisdís Éirionn, dob í a
mháthair.
18 A cheart ar
Síol cCéin ’s ar Cruachán
Éile áthaigh,
tú tairngeartach
Fhinn is Fhíthil
linn do
láthuir.
19 Orrdhruic a
ainm ó iath Teamhra,
triath gach
tíre,
mór rachus a
ccéim dá chuaine
’na réim
ríghe.
20 Réim
ríoghruidhe Roisdeard Builtér
na mbeart
neamhchas,
ní leigfeam ar
aon ’na fhoilcheas,
saor an
seanchas.
21 Iarla
Urmhumhan ainm Phiaruis
dár phort
Luimneach;
Gúisdís Éireann
an fionn failgheach,
mionn na
Muimhneach.
22 Do sheanathair
Sémus Builtér
na mbeann
sídhe,
rug ar oineach
geall ó Ghuaire,
teann gach
tíre.
23 Roisdeard
Builtér fa borb aigneadh
athuir
Émuinn,
do chosuin gach
raon gu Raoilinn
an saor
séghuinn.
24 Sémus Fionn,
Seaán is Sémus
fa saor
croidhe,
trí hiarladha sa
raon reimhe,
gaol is
goire.
25 Sliocht Taidhg
mheic Céin do chuir Émann
re hord
n-ágha,
an t-Iarla Balbh
fána buana
tarbh na
tána.
26 Cóig Tiobóide
do thogh Banbha,
bean gach
deighfhir;
ní ró molta a
tteisd do thuirimh,
ceisd nár
ceileadh.
27 Uaitér Buitlér
nár bheag calmacht,
cneas mar
chubhur,
mac Gilibeard
nach tearc toradh,
ceap na
ccuradh.
28 Uaitér ar tús
tug a chabhlach
gu Crích
Éibhir,
nír ghabh an
chuid chaol da cánaibh,
taom da
thréidhibh.
29 An t-Inbhear
Mór, libh an longphort
ó ló an
chéidfhir;
cíoscháin ar
crích Náis don óigfhear
d’áis nó
d’éigin.
30 An dá
Urmhumhain ’s an t-Aonach
d’éis gach
énfhuinn,
Port Láirge is
Luimneach ní luaidhim
t’fhuidhleach
d’Éirinn.
31 At eitne óir
d’fhuil na n-iarladh
nár ob
deabhaidh,
t’eachtra dá
sgríobhthuir ag sgolaibh
líonfaidh
leabhair.
32 Lór
d’fhianaibh a n-aimsir chatha
do chúis
uamhuin,
silleadh Risdeard
neartmhuir náraigh
dearcgloin
duanaigh.
33 Dígeann gach
ciúil, cruit Meic Manair,
meadh dá
chomhrádh,
tearc ceól ’na
chomhar budh comhdhual
d’fhoghur
orghán.
34 Catha móra um
mac an iarla
nach mion
meadhair,
gearr mhairfeas a
gcáin ’s a gcomha
’na láimh
leabhair.
35 Lámh chosanta
muighe Mhumhan,
mionn gach
baile,
lór don chrích-se
an lámh mar luighe,
dál is daire.
36 Tug lámh
méirgheal mílidh Siúire
sníomh a
sleaghaibh,
lámh thrén bhíos
fial re gach filidh,
dian a
ndeabhaidh.
37 Glac
bhairrleabhur gríbhe Bearbha
nach beag
mholtuir,
samhuil do láimh
échtuigh Earcail
créchtuigh
corcruigh.
38 Lámh as fhearr
dár fhás a gualainn
a ngéig
óiggil,
gairid bhus lón
don láimh láidir
cáin gach
cóigidh.
39 Sgoth gach
éigsi d’airdghéig Caisil
ní cúis
iongnadh,
lámh lé
cceannchar gach duan dealbhghlan
ar buar
biodhbhadh.